• Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe
  • Coláiste an Eachréidh Athenry
  • Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí
  • Ionad Oideachais Allamuigh Cheapach na gCapall
  • Coláiste an Eachréidh Galway
  • Coláiste Ghobnait Inis Oírr Galway
  • Athenry Castle Galway
  • Ionad Oideachais Naomh Breandán, Baile Locha Riach
  • The river at Athenry Castle Galway
  • Ógtheagmháil Leitir Fraic Chontae na Gaillimhe

Teachtaireacht Fáilte

Seosamh Mac Donncha CEO County Galway VECMar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe, fearaim fíorchaoin fáilte romhat chuig an suíomh gréasáin seo a thugann léargas cuimsitheach ar na seirbhísí agus gníomhaíochtaí a sholáthraíonn Coiste Gairmoideachais Cho. na Gaillimhe.

Tá Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe ar cheann de na Coistí Gairmoideachais is mó sa tír agus freastalaíonn sé ar dhaonra ata éagsúil agus ag fás go tapaidh ó Phort Omna in Oirdheisceart an Chontae go dtí na hOileáin Árann san Iarthar, agus ó Bhéal Átha Mó in Oirthuaisceart na Gaillimhe go Beithe in Iardheisceart an Chontae.  Cuimsíonn ceantar oibre an Choiste an ceantar Gaeltachta is mó sa tír i gConamara Theas agus ar na hOileáin Árann.

Fad agus atáimid ag tabhairt aitheantais do luach agus ilghnéitheacht na ndeiseanna foghlama pobalbhunaithe fadsaoil dár bhfoghlaimeoirí ar fad, idir óg agus aosta, ar fud Chontae na Gaillimhe, cothaímid cultúr foghlama daonlathach agus comhbhách a bhfuil solúbthacht, inrochtaineacht, nuálaíocht agus sofhreagracht mar bhunphrionsabail aige.

Cuireann Coiste Gairmoideachais Cho. na Gaillimhe an foghlaimeoir ag croílár ár soláthar oideachais agus déanaimid ár ndícheall “barr feabhais a chothú i gcaighdeán na seirbhíse oideachais a chuirimid ar fáil do gach duine i gContae na Gaillimhe” mar atá sonraithe inár Ráiteas Misin.

Is den riachtanas go ndéanfaí sochaí foghlama dár sochaí ionas go mbeimid in ann freagairt do na riachtanais atá ag teacht chun cinn sa saol nua-aimseartha thart orainn agus freastal ar na hathruithe atá ag tarlú go tapaidh i ndomhan an lae inniu.

Tá Coiste Gairmoideachais Cho. na Gaillimhe tiomanta do bhunú agus do chothú  comharsanachtaí foghlama trí dhul i gcomhairle le páirtithe leasmhara pobail, idir dheonacha agus reachtúla.

Léiríonn forbairt an tsuímh ghréasáin seo ár dtiomantas d’fhorbairt leanúnach inrochtaineacht ár seirbhísí don phobal i gcoitinne.  Tá súil agam go dtabharfaidh sé léargas duit ar an réimse leathan cláracha agus seirbhísí atá á dtairiscint againn.  Bain taitneamh as do thuras thart ar an suíomh gréasáin!

Seosamh Mac Donncha
Príomhoifigeach Feidhmiúcháin

Fáiltíonn an Coiste roimh chomhfhreagras i mBéarla agus i nGaeilge.

Ráiteas Misin

"Seirbhís oideachais ar ardchaighdeán a thabhairt do mhuintir Chontae na Gaillimhe."