FETAC (Comhairle na gCáiliúchán Breisoideachais agus Oiliúna)

  Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe, Éire
 

Forbhreathnú

Is í Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna (FETAC) an foras náisiúnta dámhachtana don bhreisoideachas agus don oiliúint in Éirinn agus tugann sí deis do dhaoine aitheantas a fháil as foghlaim a dhéantar in ionaid oideachais agus oiliúna, san ionad oibre agus sa phobal.

�irítear ar fheidhmeanna FETAC:

  • dámhachtainí a bhronnadh agus a chur chun cinn
  • cláir a bhailíochtú
  • caighdeán na gclár a mhonatóireacht agus a áirithiú
  • caighdeáin a chinntiú

Cuireann soláthróirí éagsúla cláir a mbíonn dámhachtainí FETAC le fáil astu ar fáil ar fud na tíre i láithreacha éagsúla, ar a n-áirítear BIM, Fáilte Éireann (CERT), ionaid F�S agus Teagasc, Coistí Gairmoideachais, ionaid oideachais agus oiliúna pobail agus aosaigh, Institiúidí Teicneolaíochta agus an t-ionad oibre.

Bhunaigh an tAire Oideachais agus Eolaíochta FETAC mar fhoras reachtúil an 11 Meitheamh 2001 faoi Acht na gCáilíochtaí (Oideachas & Oiliúint), 1999. FETAC atá freagrach as dámhachtainí a bhronnadh a bhíodh á mbronnadh roimhe sin ag BIM, Fáilte Ireland (CERT), F�S, NCVA, agus Teagasc agus tá os cionn 500,000 dámhachtain bronnta aige go dtí seo.

Is é misean FETAC dámhachtainí a bhronnadh a mbeidh a gcáilíocht dearbhaithe de réir chaighdeán náisiúnta laistigh den chreat náisiúnta, deiseanna a chruthú do gach foghlaimeoir sa bhreisoideachas nó san oiliúint ionas go dtabharfar aitheantas dá ngnóthachtálacha agus rochtain a chur ar fáil ar bhealaí córasacha le dul chun cinn.

Bíonn meas ar bhealaí agus ar chineálacha éagsúla foghlama agus beidh an tuiscint sin lárnach i bhforbairt beartais agus i gcleachtas FETAC i ngach gníomhaíocht dá chuid.

Is mór ag FETAC comhpháirtíocht lena pháirtithe leasmhara agus glacann léi mar riachtanas chun a spriocanna a bhaint amach. Ciallaíonn sé sin go mbeidh deiseanna dea-struchtúrtha ag a chomhpháirtithe tionchar a bheith acu ar na beartais atá mar bhonn le seirbhísí FETAC.

Tá fiúntas daoine a chumasú ina bhonn le hobair FETAC chomh maith. Beidh meas ag FETAC ar chumas agus ar ábaltachtaí a fhoirne agus tabharfaidh sé gach ugach dóibh. Tá an meas céanna sin ina bhonn le caidreamh FETAC lena phríomhpháirtithe leasmhara.

Creideann FETAC gur cheart go mbeadh cáilíocht ina bonn le gach gné den tseirbhís a chuireann an eagraíocht ar fáil. I bhfíorú a fhíse, is mór ag FETAC an oscailteacht agus é ag plé laistigh agus lasmuigh le dúshláin agus leis an timpeallacht ina bhfeidhmíonn sé a bhíonn ag athrú.

 

barr an leathanaigh