Ógtheagmháil

  Youthreach locations in County Galway
 

“Learning is not attained by chance. It must be sought for with ardour and attended to with diligence�.- Abigail Adams.

Forbhreathnú

Ógtheagmháil GaillimhIs cuid lárnach é ÓGTHEAGMH�IL den chlár náisiúnta oideachais agus oiliúna athdheise in Éirinn agus is cuid lárnach é d'iarracht an Rialtais sochaí foghlama ar feadh an tsaoil a bhaint amach.

Tá an clár dírithe ar dhaoine óga dífhostaithe atá idir 15-20 bliain d'aois agus a d'fhág an scoil luath. Tugann sé deis do rannpháirtithe roghanna laistigh den saol aosach a aithint agus díriú orthu, agus tugann sé deiseanna dóibh teastais a bhaint amach. Cúrsa lánaimseartha é a bhíonn ar siúl an bhliain uile.
Ar an obair a bhíonn an-tábhachtach sa phróiseas sin, bíonn forbairt agus scrúdú pearsanta, riachtanais, ábhair spéise agus cumais a aithint, scileanna ginearálta gairme a shampláil, ábaltachtaí sonracha a fhorbairt, taithí oibre, litearthacht agus uimhearthacht a fhorbairt
Tá na hionaid lonnaithe ar fud na tíre, i gceantair faoi mhíbhuntáiste. Cé gur clár náisiúnta é ÓGTHEAGMH�IL, déantar na hionaid a bhainistiú go háitiúil, agus léiríonn na cláir an timpeallacht shóisialta, eacnamaíoch agus chultúrtha ina bhfuil siad ag feidhmiú. Is cuid lárnach de dhearadh agus d'fheidhmiú an chláir an bainistiú áitiúil sin. Cé go bhfuil cosúlachtaí idir gach Ionad, níl aon phéire mar a chéile.
Spreagtar nuálaíocht agus comhpháirtíocht ar fud an chórais, chomh maith le naisc fiontraíochta.

Prionsabail Beartas Náisiúnta

  • Rochtain
  • Aitheantas
  • Dul chun cinn
  • Cáilíocht, Ã?bharthacht agus Comhpháirtíocht
  • Dírithe ar Fhoghlaimeoirí
  • Foghlaim ar feadh an tsaoil

 

 
Teagmháil: Dermot Stokes Guthán: 353-1-4535487
  National Co-ordinator, Ógtheagmháil Facs: 353-1-4537659
Seoladh: Department of Education and Science
c/o Curriculum Development Unit,
Sundrive Road, Dublin 12, Ireland
Ríomhphost:
   
 

barr an leathanaigh