Ógtheagmháil Phortomna

  Ógtheagmháil Phortomna, Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe
   
 
Stiúrthóir : Isabelle Ní Dhuinn Guthán: 090 9759576
Oibrí Acmhainne: Deirdre Nic Gairbheith Facs: 090 9759578
    Ríomhphost: youthreachportumna@gmail.com
Seoladh: Ógtheagmháil  Phort Omna,
Sráid na Mainistreach , Port Omna,
Co. na Gaillimhe
Foireann: Brenda Cooney, Ann McCormack,
Alison Mac Cormaic, Sean Gorham
Michael Casserly, Emer Larkin, John Slattery
 

 

Léargas ar an tSeirbhís / Cláir agus Teastais a Thairgtear

Is ionad úr é Ógtheagmháil Phort Omna.  D’oscail muid ár ndoirse do fhoghlaimeoirí i mí Dheireadh Fómhair 2009. Tá an tIonad suite ar Shráid na Mainistreach i gcroílár shráidbhaile Phort Omna. Déanann na foghlaimeoirí freastal ar an gClár ar feadh 35 uar an chloig sa tseachtain agus íoctar liúntas oiliúna leo.

Is Clár do lucht luathfhágála scoile é Ógtheagmháil Phort Omna a thairgeann clár oideachais a chuimsíonn scileanna saoil agus traenáil chreidiúnaithe. Tugtar treoir agus tacaíocht do chuile fhoghlaimeoir anseo lena bpóitéinseal iomlán a bhaint amach i dtimpealleacht atá sábháilte agus tacúil.

Cé a thig a bheith rannpháirteach i gClár Ógtheagmhála?

Tá an Clár Cumas Óige dírithe ar an aoisghrúpa 16 go 20 bliain d’aois, daoine a d’fhág an scoil go luath (ar a laghad 6 mhí sula gcuireann siad isteach ar Chlar Ógtheagmhála) agus gan acu ach fíorbheagán cáilíochtaí nó iad gan cáilíochtaí ar bith agus nach bhfuil fostaithe go lánaimseartha.

Ábhair ar Fáil:

I láthair na huaire tá na hábhair deimnithe seo a leanas á gcur ar fáil againn ag léibhéil FETAC 3 & 4

  • Cumsaráid
  • Matamataic
  • Scileanna pearsanra & idirphearsanta
  • Ríomhairí
  • Lónadóireacht
  • Ceol
  • Ealaín
  • Adhmadóireacht 
  • Taithí oibre
  • Tacaíocht liteartha

 

Cuspóirí Ógtheagmhála

  • Forbairt phearsanta  agus shóisialta agus ardú féinmhúiníné
  • Seans ar oideachas athdheise agus buntraenáil
  • Ag cothú neamhspleáchais, féinriail agus ag cothú patrún foghlama saoil
  • Comhtháthú i mbreisoideachas agus deiseanna traenála chomh maith leis an margadh saothair
  • Cuimsiú Sóisialta

 

Amanna / Míonna ar fáil

Ar feadh na bliana.

 

barr an leathanaigh