|
|
|
| Tá tú anseo: Baile > Ár Seirbhísí > Oideachas d'Aosaigh & Pobail |
Oideachas d'Aosaigh & Pobail
”Saolaítear gach duine le buanna ar leith. Braitheann feidhmiú slán ár bpobail ar an gcumas gach bua a fhorbairt”. - Peter Senge, ‘The Learning School”.
Forbhreathnú
Cuireann an tSeirbhís Oideachais d'Aosaigh roinnt clár oideachais ar fáil ar fud na tíre. Déantar an tseirbhís a riaradh trí cheanncheathrú an Choiste Gairmoideachais ag Coiléar Bán, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe. Cuireann an tSeirbhís Oideachais d'Aosaigh clár oideachais atá cuimsitheach iomlán agus uileghabhálach ar fáil dá foghlaimeoirí go léir. Tá sé mar aidhm ag an tseirbhís go ndéanann gach duine a thagann chun staidéar a dhéanamh leibhéal a oireann dá mbuanna agus dá gcumas.
************************************************************************************
TIONSCNAMH UM OIDEACHAS A ATHBHLAISEADH
Beidh na cursaí seo a leanas ar fáil ó Márta 2011...cliceáil anseo
Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le:
Ann McCormack Tel: (087) 2851693 / (091) 874533
Email: btei@cogalvec.ie
******************
Contae na Gaillimhe.
Déanann Oifigeach Oideachais d'Aosaigh na cláir éagsúla aosoideachais a bhainistiú ar fud an chontae.

Oifigeach Oideachais d'Aosaigh: |
|
|
Seirbhís Oideachas Pobail
Sonraí teagmhála |
Teagmháil:
Seoladh:
Seoladh: |
Máire Uí Éanaigh
Éascaitheoir Oideachas Pobail
Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe
Coiléar Bán
Baile Átha an Rí
Co. na Gaillimhe
|
Guthán:
Facs:
Ríomhphost:
Foireann: |
091-874260
091-874270
cef@cogalvec.ie
(Oideachas d'Aosaigh/Rúnaí C.E.F.)
|
 |
|
| |
Léargas ar an tSeirbhís / Cláir agus Teastais a Thairgtear
Tugann an tSeirbhís Oideachas Pobail tacaíocht le hOideachas Pobail a fhorbairt ar fud an chontae. Is cuid í de Sheirbhís Oideachais ar feadh an tsaoil d'Aosaigh Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe agus cuireann sí cúnamh airgid ar fáil mar thacaíocht do ghrúpaí pobail agus deonacha ar mian leo cláir oideachais a reáchtáil ina gceantar féin.
Spriocghrúpa:
Grúpaí Pobail agus Deonacha
Acmhainní & Saineolas atá ar Fáil:
Tá comhairle agus cúnamh ar fáil d'eagraíochtaí deonacha agus pobail chun forbairt agus cothú grúpaí foghlama pobalbhunaithe nua a chur chun cinn.
Cuireann an tSeirbhís Oideachas Pobail iad seo a leanas ar fáil:
- Tacaíocht do ghrúpaí oideachas pobail nua agus do chinn atá ann cheana i bhfoirm ionchuir theicniúla, riaracháin agus oideachasúla.
- Comhpháirtíochtaí agus naisc a fhorbairt agus a spreagadh le soláthróirí reachtúla agus eile.
- Ról na hearnála a chur chun cinn maidir le tacaíocht a thabhairt d'fhor-rochtain agus d'atreorú chuig an earnáil reachtúil.
- Teagmháil a choinneáil maidir le ceisteanna a bhaineann le dearbhú cáilíochta, creidiúnú agus teisteasú.
Is féidir cúnamh a fháil chun Filleadh ar an Oideachas a fheidhmiú ar fud an chontae tríd an tseirbhís seo.
Amanna:
Cuirtear amanna na gclár in oiriúint do riachtanais na ngrúpaí Pobail agus Deonacha.
|
barr an leathanaigh | |