Oifigeach Óige

  Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe, Éire
   
 

Oifigeach Óige:

Seoladh:

Louise Ryan

Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe
Coiléar Bán
Baile Átha an Rí
Co. na Gaillimhe

Guthán:

Facs:

Ríomhphost:

Louise Ryan Oifigeach Óige Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe

091 874 539

091 874 260

lryan@cogalvec.ie

 

Léargas

Ceapadh Oifigeach Óige le déanaí i gCoiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe. Tá an tOifigeach Óige lonnaithe ag an gCeanncheathrú Riaracháin i mBaile Átha an Rí. Tá Oifigeach Óige rannpháirteach go gníomhach i bhforbairt agus i gcomhordú obair óige laistigh de Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe mar a fhoráiltear dó san Acht um Obair don Aos Óg 2001.

Scéim Deontais do Chlubanna Óige Áitiúla 2009/2010

Chun críocha na Scéime seo, agus mar aitheantas ar an réimse ilghnéitheach clubanna/grúpaí deonacha óige atá ar an bhfód, cuireann LYCGS 2009 deontas i gcabhair ar fáil dóibh seo a leanas:

a) clubanna um obair don aos óg agus

b) clubanna um ghníomhaíochtaí don aos óg.

Is é an deontas uasta a thabharfar do chlub ar bith, beag beann ar an gcatagóir faoina bhfuil an t-iarratas á déanamh, ná €3,000.

Clicéail anseo: Foirm Iarratais

Clicéail anseo: Eolas Minithe

Áirítear ar dhualgais an Oifigigh Óige:

  • Teagmháil a dhéanamh leis na heagraíochtaí cuí agus plean forbartha trí bliana maidir le hobair óige a dhréachtú; dearbhú a thabhairt don Choiste Gairmoideachais go gcuirtear obair óige i réimse an Choiste ar fáil de réir an phlean.
  • Tuarascálacha bliantúla a ullmhú agus measúnú a dhéanamh ar chláir agus ar sheirbhísí obair óige sa réimse sin, chun cur ar chumas an Choiste Gairmoideachais athbhreithniú a dhéanamh ar an bPlean Forbartha agus Tuarascáil Obair Óige a dhéanamh.
  • Pleananna, moltaí agus gníomhaíochtaí a chomhordú le heagraíochtaí náisiúnta obair óige ceadaithe, le heagraíochtaí ainmnithe deonacha áitiúla obair óige agus le heagraíochtaí údaraithe laistigh de cheantar an Choiste, comhordú cláir agus seirbhísí obair óige a chinntiú sa réimse le hoideachas agus cláir eile do dhaoine óga.
  • Moltaí a dhéanamh ar iarratais deontais, clárúcháin agus leithdháiltí tionscadail.
  • Caiteachas d'eagraíochtaí náisiúnta agus áitiúla obair óige a riaradh ag leibhéal áitiúil.
  • Na hiarratais le haghaidh ainmniú ó eagraíochtaí deonacha áitiúla obair óige a mheas agus a phróiseáil.
  • Monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar na cláir obair óige ar cuireadh airgead ar fáil dóibh agus measúnú a dhéanamh, go háirithe, ar chaiteachas go léir a thabhófar i soláthar seirbhísí.
  • Ceapadh an Choiste Obair Óige agus próiseas toghcháin Chomhairle Dheonach na nÓg a bhainistiú mar aon lena cruinnithe faoi seach a eagrú.
  • Anailísí agus tuarascálacha a ullmhú de réir mar a bheidh gá leo nó de réir mar bheidh siad riachtanach ó am go ham ón gCoiste Gairmoideachais nó ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta.
  • Aon dualgais eile a oireann don phost a dhéanamh de réir mar a chinnfidh an POF ó am go ham.

barr an leathanaigh