|
Cúrsaí
Riarachán Gnó agus Cuntais Ríomhairithe
Staidéar Gnó - (BBSAX) Is é an aidhm atá leis an gcúrsa ná scileanna gnó agus IT a mhúineadh don dalta. Is scileanna iad seo atá áisiúil le haghaidh raon leathan post agus riarachán gnó. Cuirtear béim faoi leith ar shealbhú scileanna maithe ríomhaireachta. Tá teacht ag gach dalta ar ríomhairí den chéad scoth, atá ar comhchéim le ríomhairí a úsáidtear san ionad oibre.
Ábhair an Chúrsa:
- Leabharchoimeád: De Ríomhaire agus De Láimh
- Riarachán Gnó
- Modhanna Bunachar Sonraí
- Feidhmchláir Ríomhaireachta
- Scileanna Teicneolaíocht Faisnéise
- Staitisticí
- Próiseáil Focal
- Cumarsáid
- Taithí Oibre
- E.C.D.L. – Ceadúnas Eorpach Tiomána Ríomhairí
| Fad: Bliain amháin |
Ranganna SAOR IN AISCE |
D'fhéadfadh deontais a bheith ar fáil: Teagmháil Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe |
barr an leathanaigh
Próiseáil Faisnéise – (BIPXX)
Is é is aidhm leis an gcúrsa scileanna Gnó agus IT a mhúineadh don dalta atá áisiúil i gcomhair raon leathan post agus i réimse an riaracháin gnó. Cuirtear béim faoi leith ar shealbhú scileanna maithe ríomhaireachta. Tá teacht ag gach aon dalta ar ríomhairí den chéad scoth, atá ar comhchéim le ríomhairí a úsáidtear san ionad oibre.
Ábhair an Chúrsa:
- Leabharchoimeád: Ar Ríomhaire agus De Láimh
- Córais Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide
- Modhanna Bunachar Sonraí
- Scarbhileoga
- An tIdirlíon
- Próiseáil Focal
- Cumarsáid
- Taithí Oibre
- E.C.D.L. – Ceadúnas Eorpach Tiomána Ríomhairí
| Fad: Bliain amháin |
Ranganna SAOR IN AISCE |
D'fhéadfadh deontais a bheith ar fáil: Teagmháil Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe |
barr an leathanaigh
Cúram Leanaí
An aidhm atá leis an gcúrsa seo ná scileanna cuí a mhúineadh a bhíonn ag teastáil le haghaidh gnéithe éagsúla de Chúram Leanaí, lena n-áirítear Cúntóirí Ranga.
Ábhair an Chúrsa:
- Aire a thabhairt do leanaí idir 0-6 bliain d'aois
- Ag Obair i Réimse an Chúraim Leanaí
- Forbairt Linbh
- Oideachas Luath-Óige
- Sábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair
- Cúram a Sholáthar agus a Chleachtadh
- Próiseáil Focal
- Cumarsáid
- Taithí Oibre
| Fad: Bliain amháin |
Ranganna SAOR IN AISCE |
D'fhéadfadh deontais a bheith ar fáil: Teagmháil Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe |
barr an leathanaigh
Teicneolaíocht Innealtóireachta
Is éard is aidhm leis an gcúrsa scileanna a roinnt leis an dalta atá feiliúnach le haghaidh gnéithe éagsúla den Innealtóireacht. Fostaíocht nó tuilleadh staidéir ag an tríú leibhéal an toradh a bheas ar cháilíochtaí a bhaint amach.
Ábhair an Chúrsa:
- Próisis Cheardlainne Innealtóireachta
- Teoiric Cheardlainne Innealtóireachta
- Eolaíocht Ábhair
- Dearadh Ríomhchuidithe
- Líníocht Innealtóireachta
- Meicníocht
- Cumarsáid
- Taithí Oibre
| Fad: Bliain amháin |
Ranganna SAOR IN AISCE |
D'fhéadfadh deontais a bheith ar fáil: Teagmháil Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe |
barr an leathanaigh
Teicneolaíocht Mhótar
An aidhm atá leis an gcúrsa seo ná scileanna cuí a bhíonn ag teastáil le haghaidh gnéithe éagsúla de Theicneolaíocht Mhótair a roinnt leis an dalta. Fostaíocht nó tuilleadh staidéir ag an Tríú Léibhéal an toradh a bheas ar cháilíochtaí a bhaint amach.
Ábhair an Chúrsa:
- Uathleictreachas
- Cleachtas Mótarfheithicle
- Teoiric Mótarfheithicle
- Dearadh Ríomhchuidithe
- Líníocht Innealtóireachta
- Meicníocht
- Cumarsáid
- Taithí Oibre
| Fad: Bliain amháin |
Ranganna SAOR IN AISCE |
D'fhéadfadh deontais a bheith ar fáil: Teagmháil Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe |
barr an leathanaigh
Deontais Chothaithe
D'fhéadfadh go mbeadh iarratastóirí na gcúrsaí Iar-Ardteistiméireachta incháilithe le deontais chothaithe a fháil, rud a bheas faoi réir na gnáth-thástála acmhainne. Le cur isteach ar dheontas cothaithe, déan teagmháil leis an gCoiste áitiúil Gairmoideachais seo agat. (Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe – 091-874260)
Teisteasú agus Measúnú
Ullmhaítear mic léinn do riachtanais mheasúnaithe agus teisteasaithe FETAC, Leibhéal a Cúig (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta).
barr an leathanaigh |