Cúrsaí PLC - Gairmscoil Bhaile �tha an Rí (Gaillimh Thoir)

  Athenry Vocational School Galway
 

 

Mionsonraí teagmhála

 
Príomhoide: Mr. Malachy Naughton R.S.I., C.T.G. Guthán: 091-844159
Comhordaitheoir: Patricia Loughnane Facs: 091-845149
Seoladh: Vocational School,
Athenry,
Co. Galway

Ríomhphost:

 

 

Cúrsaí

 

Feidhmchláir Ríomhairí le Gnó agus Margaíocht

Dearadh an cúrsa seo leis na scileanna a chur ar fáil do scoláirí le slí bheatha a fhorbairt sa saol gnó. Cuirtear raon leathan modúl ar fáil le freastal ar mhic léinn ar mian leo an cháilíocht sin a úsáid le dul chuig oideachas tríú leibhéal. D'fheilfeadh an cúrsa freisin iadsan nach bhfuil cinneadh déanta acu fós faoin tslí bheatha a roghnóidh siad agus ar mian leo scileanna úsáideacha a fháil idir an dá linn.

�bhar an Chúrsa:

  • Próiseáil Focal
  • Scarbhileoga
  • Modhanna Bunachar Sonraí
  • An tIdirlíon
  • Margaíocht
  • Foilsitheoireacht Deisce
  • Cuntais Ríomhairithe
  • Párolla Ríomhairithe
  • Córais Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide
  • Cumarsáid
  • Taithí Oibre

back to top

 

Cúram Leanaí /Cúntóir Ranga

Tá an cúrsa seo deartha do dhaoine a bhfuil suim acu oibriú le leanaí óga i suímh éagsúla, ar a n-áirítear naíolanna, crèches, agus scoileanna. Is iomaí scoil a fhostaíonn cúntóir ranga anois agus, nuair a bheidh an cúrsa críochnaithe acu, beidh mic léinn cáilithe dá leithéid de phost.

�bhar an Chúrsa:

  • Cúram do leanaí
  • Forbairt Leanaí
  • Foghlaim Luath-Óige
  • Ag obair i gCúram Leanaí
  • Ag déanamh cúraim do leanaí le Riachtanais Speisialta
  • An tIdirlíon
  • Scileanna Ríomhaireachta - Próiseáil Focal, Scarbhileog, Bunachar Sonraí
  • Cumarsáid
  • Taithí Oibre

back to top

 

Cúram Pobail le Staidéir Iomlánaíocha

Dearadh an cúrsa seo chun an t-eolas, na scileanna agus an tuiscint a bheidh riachtanach a chur ar fáil do mhic léinn ar mian leo slí bheatha a bhaint amach in Obair Phobail, ar a n-áirítear obair le daoine aosta, nó in ionaid chúraim lae. Tabharfar deis do mhic léinn taithí phraiticiúil a fháil i leigheas malartach.

�bhar an Chúrsa:

  • Soláthar agus Cleachtas Cúraim
  • Fás agus Forbairt an Duine
  • Cothú agus Bia
  • Anatamaíocht agus Fiseolaíocht
  • Feidhmiúchán Ríomhaire
  • Próiseáil Focal, Scarbhileog, Bunachar
  • An tIdirlíon
  • Cumarsáid
  • Taithí Oibre
  • Garchabhair

Rogha Réimsí �bhar

  • Cumhartheiripe
  • Ióga
  • Reiki/Teicnící Suathaireachta
  • Hoiméapaite

back to top

 

Scileanna Teicneolaíocht Faisnéise/Ríomhaireachta

Cuirtear fáilte ar an gcúrsa seo roimh dhaoine a bhféadfadh an t-oideachas a bheith fágtha acu le roinnt blianta agus ar mhaith leo scileanna nua a fhoghlaim anois, agus bualadh le daoine nua i dtimpeallacht chairdiúil, réchúiseach.

�bhar an Chúrsa:

  • Próiseáil Focal
  • Táirgeadh Téacs
  • Scarbhileog / Bunachar Sonraí / Grafaic
  • Cuntais Ríomhairithe
  • Párolla Ríomhairithe
  • Idirlíon / Ríomhphost
  • Cumarsáid
  • Taithí Oibre

back to top

 

 

Oiriúnach le haghaidh

Tá Cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta anois ar an earnáil is sciobtha fás in oideachas in Éirinn. Tugann siad deis iontach do dhaoine ar mian leo leanúint lena gcuid oideachais nó dóibhsean ar mian leo filleadh ar an gcóras oideachais tar éis roinnt blianta. Is féidir rochtain a fháil anois ar thríú leibhéal trí cháilíocht FETAC beag beann ar phointí na hArdteistiméireachta.

Tá níos mó cúrsaí ar fáil anois a bhfuil rochtain orthu ar an mbealach seo.

  • Tá na Cúrsaí oscailte do Mhic Léinn Iar-Ardteistiméireachta agus do Mhic Léinn Lánaibí.
  • Daoine ar mian leo leanúint lena gcuid oideachais nó Filleadh ar an Oideachas (Comh. Contae)/lucht saothair tar éis roinnt blianta.
  • Dóibh siúd ar mian leo oideachas tríú leibhéal a fháil trí Cháilíocht FETAC.
  • Daoine ar mian leo scileanna nua a fhorbairt.

Fad: Bliain amháin

Teagasc: Tá an teagasc SAOR IN AISCE ar na CÚRSA� UILE

 

Deontais Chothaithe

D'fhéadfadh go mbeadh iarratastóirí na gcúrsaí Iar-Ardteistiméireachta incháilithe le deontais chothaithe a fháil, rud a bheas faoi réir na gnáth-thástála acmhainne. Le cur isteach ar dheontas cothaithe, déan teagmháil leis an gCoiste áitiúil Gairmoideachais seo agat. (Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe – 091-874260)

 

Teisteasú agus Measúnú

Ullmhaítear mic léinn do riachtanais mheasúnaithe agus teisteasaithe FETAC, Leibhéal a Cúig (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta).

 

barr an leathanaigh