|
Léargas ar an tSeirbhís / Cláir agus Teastas Á dTairiscint:
Is comhthionscadal é an clár idir Comhairle Contae na Gaillimhe agus Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe a bhfuil d'aidhm aige deis a thabhairt d'oibrithe na Comhairle Contae freastal ar Chúrsa bunscileanna san ionad oibre. Beidh an cúrsa deartha ionas go bhfreastalóidh sé ar riachtanais na rannpháirtithe, go gcuirfidh sé lena féinmhuinín agus go gcuirfidh sé timpeallacht ar fáil ina roghnóidh foghlaimeoirí céard atá uathu a fhoghlaim, ag a ráta féin.
Imlíne Chlár an Chúrsa
Béarla Léamh - Áirítear ansin léamh don phléisiúr, don eolas agus do threoracha. Scríbhneoireacht - Scileanna scríbhneoireachta a fhorbairt agus a fheabhsú. Litriú – Cur chuige litrithe agus Cuidithe cuimhne Uimhearthacht – Cláir Ama, Úsáid Áireamháin agus Buiséadú.
Cumarsáid: Scríobh litreacha, foirmiúil agus neamhfhoirmiúil, Glacadh nótaí, teachtaireachtaí fóin a thaifeadadh, Líonadh Foirmeacha, Léamh léarscáileanna, Scileanna cumarsáide briathartha.
Ríomhairí: Bunscileanna ríomhaireachta, tuiscint a fháil ar an teicneolaíocht faisnéise Scileanna méarchláir, Bunphróiseáil focal, Scarbhileoga, Idirlíon agus Ríomhphost
Forbairt Phearsanta: Féinfheasacht, Cinnteoireacht, Treallús Scileanna réitigh aighnis
Teisteasú: Beidh deis ag gach rannpháirtí teisteasú a fháil más é sin is toil leis. Níl sé sin éigeantach, áfach.
Rollú agus clárú:
- Comhrá neamhfhoirmiúil le hEagraí an Chúrsa, duine ar dhuine, le riachtanais aonair foghlama a phlé.
- Áiteanna agus amanna a shocrú.
Teisteasú
- Is féidir teisteasú a fháil.
Spriocghrúpa:
Fostaithe na Comhairle Contae
Amanna:
Socraítear cúrsaí de réir mar a oireann do rannpháirtithe.
barr an leathanaigh |