AEGI (Treoirthionscnamh Oideachais d'Aosaigh)

  AEGI (Treoirthionscnamh Oideachais d'Aosaigh) i gContae na Gaillimhe
 
   
 

Teagmháil:

Tadhg Ó Cruadhlaoch

Seoladh:

An tSeirbhís um Threoir san Oideachas Aosach Coiste Gairmoideachais Cho. na Gaillimhe,
Ionad Pobail,
Timpeallán Bhóthar Átha Cliath,
Orán Mór, Gaillimhe.

Guthán:

091-794191 / 087-2818506

Ríomhphost: aegs@cogalvec.ie
   
 

Teagmháil:

Olivia Ní Mhuinneacháin
Oifigeach Eolais

Seoladh:

An tSeirbhís um Threoir san Oideachas Aosach Coiste Gairmoideachais Cho. na Gaillimhe,
Ionad Pobail,
Timpeallán Bhóthar Átha Cliath,
Orán Mór, Gaillimhe.

Guthán:

091-794191

Ríomhphost:

aegs@cogalvec.ie

   
 

Teagmháil:

Suzette Uí Lideadha
Treoirchomhairleoir

Seoladh:

 

Ionad Foghlama do Daoine Fásta,
Plás an tSéipéil,
Tuaim,
Co. na Gaillimhe.

Guthán:

087-2069565

Ríomhphost: aegs@cogalvec.ie
   

Léargas ar an tSeirbhís a Chuirtear Ar Fáil:

Tá béim faoi leith ar sheirbhís treorach chuimsitheach a chur ar fáil do dhaoine fásta atá ag glacadh páirte sa Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (VTOS), sna Cláir Bunoideachais agus Oideachais Pobail, lena n-áirítear an Tionscnamh Filleadh ar Oideachas (BTEI). Tá an tseirbhís ar fáil saor in aice dóibh siúd atá ag glacadh páirte sna cláir thuasluaite.

Tríd an tSeirbhís Treorach Oideachais d'Aosaigh, soláthraítear eolas, comhairle agus treoir phraiticiúil ábhartha do dhaoine fásta le linn tréimhsí éagsúla dá bhfoghlaim.

Déantar é sin trí:

  • Daoine fásta a ghríosadh cur lena gcuid oideachais trí chabhrú leo cúrsa a roghnú a fhreagraíonn dá gcuid critéar
  • Cuidiú a thabhairt don fhoghlaimeoir fásta a chuid spriocanna a bhaint amach ar an gcúrsa is rogha leis trí thacú leis na spriocanna sin a bhaint amach le linn an chúrsa
  • Cabhair a thabhairt do na foghlaimeoirí fásta beartú don am atá le teacht, ag cur san áireamh a gcuid spriocanna pearsanta, gairme agus oideachais

 

Ról an Chomhordaitheora:

  • Déanann sé/sí feidhmiú laethúil na seirbhíse a chomhordú, lena n-áirítear pleanáil, maoirseacht na foirne, bainistiú na n-áitreabh agus na n-acmhainní agus cothú na dtaifead.
  • Tacaíonn sé/sí le forbairtí foirne, maoirsíonn seirbhísí eolais agus comhaltaí foirne, agus bunaíonn caighdeáin cháilíochta agus treoirlínte i gcomhréir leis an gcleachtas náisiúnta.
  • Soláthraíonn seirbhís for-rochtana in ionaid oideachais aosaigh i limistéar Chontae na Gaillimhe.
  • Déanann margaíocht ar an tseirbhís treorach, lena n-áirítear forbairt na n-ábhar poiblíochta, agus cuireann chun cinn í.
  • Forbraíonn líonraí agus comhpháirtíochtaí cuí le gníomhaireachtaí áitiúla i réimse na seirbhísí oideachais, oiliúna, leasa shóisialaigh agus pobail.
  • Déanann monatóireacht ar an tseirbhís agus tuairiscíonn don Phríomhfheidhmeannach agus don AEOS.

Ról an Oifigigh Eolais:

  • Tacaíocht riaracháin a chur ar fáil, acmhainní eolais a chothú agus déileáil le bunfhiosrúcháin ón bpobal.

Ról an Treoirchomhairleora:

  • Clár le haghaidh soláthar treorach a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, a thacaíonn le haidhmeanna agus spriocanna an tionscadail.
  • Naisc a bhunú le spriocghrúpaí cliaint agus seirbhísí treorach a chur ar fáil do dhaoine aonair agus do ghrúpaí.
Naisc éifeachtacha a bhunú le gníomhaireachtaí ábhartha ó na hearnálacha reachtúla, deonacha agus pobail le heolas a mhalartú, obair chomhpháirtíochta a fhorbairt agus tacaíocht a thabhairt do dhul chun cinn na gcliant.

Spriocghrúpa:

  • Rannpháirtithe na Scéime Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (VTOS).
  • Daoine atá ag freastal ar Chláir Oideachais Pobail, lena n-áirítear daoine atá páirteach sa Tionscnamh Filleadh ar Oideachas.
  • Iad siúd atá páirteach i gCláir Bhunoideachais.

Tríd an tseirbhís seo:

Déanfar na seirbhísí ar fad a chomhdhlúthú agus leanfar de leathnú na seirbhísí, ag brath ar na hacmhainní a bheas ar fáil chuige.

Saoráidí For-rochtana:

Tá an tseirbhís ar fáil i nGaillimh i dhá cheann de phríomhionaid in Orán Mór, agus i dTuaim, ach is féidir teacht ar an tseirbhís chéanna i n-ionad eile atá scaipthe ar fud an Chontae.


Seo a leanas cuid de na Pointí Lóistín agus Pointí Eolais:


• Orán Mór: Oifig an Chomhordaitheora, Oifig Treoireolais, Oifig an Oifigigh Treoireolais,
• Tuaim: Ionad Foghlama do Daoine Fásta, Plás an tSéipéil, Oifig an Treoirchomhairleora, Pointe Eolais
• Tuaim: Teach Airglooney,Bóthar Bhaile an Róba, Pointe Eolais, úsáid an tSeomra Acmhainne
• An Gort: Pointe Eolais, úsáid an tSeomra Acmhainne
• Béal Átha na Sluaighe: Pointe Eolais, úsáid an tSeomra Acmhainne
• Baile Locha an Riach: Pointe Eolais, úsáid an tSeomra Acmhainne
• Uachtar Ard: Pointe Eolais, úsáid an tSeomra Acmhainne
• Leitir Fraic: Pointe Eolais, úsáid an tSeomra Acmhainne
• An Clochán: Pointe Eolais, úsáid an tSeomra Acmhainne
• Ros Muc: Pointe Eolais, úsáid an tSeomra Acmhainne
• Maigh Cuilinn: Pointe Eolais, úsáid an tSeomra Acmhainne
• Casla: Pointe Eolais, úsáid an tSeomra Acmhainne
• Glinsce: Pointe Eolais, úsáid an tSeomra Acmhainne
• Áth Cinn: Pointe Eolais, úsáid an tSeomra Acmhainne


Tá an tseirbhís ar fail freisin sna ceantair seo:, Béal Átha Ghártha, Leacach, Port Omna, Cill Chiaráin, Leitir Mealláin, Oileáin Árann agus An Caiseal.

Acmhainní & Saineolas atá ar Fáil:

Beirt Treoirchomhairleoirí cáilithe, Oifigeach Eolais.
Tástáil shíciméadrach agus treoir agus tacaíocht den scoth tugtha ó dhuine go duine ar shlí réchúiseach faoi rún.

Amanna / Míonna:

Ar fáil ó cheann ceann na bliana.