![]() |
Fáilte chuig suíomh gréasáin Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe |
Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe Coiléar Bán, Baile Átha an Rí Co. na Gaillimhe T: 091 874 260 F: 091 874 270 E: enquiries@cogalvec.ie |
Gaeilge | English |
||
|
Cuardaigh
|
|
| Lá Oscailte - 2 Meán Fómhair 2010 - 10r.n. - 6.00i.n. Ionad Breisoideachais Uachtar Ard, Sráid an Champa, Uachtar Ard...Gliogáil anseo |
|
| Scéim um Rothaíocht chun Oibre 2011 | |
Seachtain Oidhreachta
21-29 Lúnasa 2010...gliogáil anseo |
|
| An Clár Gníomhachtúcháin – Cruthaitheacht san Oiliúint | |
| (Activation Programme-Creativity in Training) | |
Tá an sproicdáta d’iaratais a bheith faighte sínithe anois go dtí Lúnasa 2010. An bhfuil suim agat ann? - An bhfuil tú in aois idir 18 agus 35? - An bhfuil tú dífhostaithe agus an bhfuil gá agat le scileanna nó le hoiliúint chun dul chun cinn a dhéanamh? - Ar smaoinigh tú riamh ar do chuid scileanna a fheabhsú nó fiú a bheith féinfhostaithe? - Má smaoinigh, b’fhéidir gur mhaith leat a bheith páirteach inár gclár nua Cruthaitheacht san Oiliúint. - An bhfuil tú dífhostaithe agus ag fail liúntas leasa shóisialaigh? - Is feidir leat do liúntas leasa shóisialaigh a choinneáil fhad is atá tú ar an gcúrsa. - Gach seans go mbeidh tú in ann liúntas traenála breise €32 in aghaidh na seachtaine a fháil bunaithe ar freastal iomlán. |
|
Bróisiúr: Cliceáil anseo (word) Gaeilge agus béarla Fan noiméad.... Bróisiúr: Cliceáil anseo (pdf) Gaeilge agus béarla
|
|
Féachann an Clár Gníomhachtúcháin-Cruthaitheacht san Oiliúint le núálaíocht a spreagadh sa soláthar bearta oiliúna/traenála do chuardaitheoirí poist ar mian leo scileanna nua a fhoghlaim. Tá an clár seo maoinithe faoi Chiste Gníomhachtúcháin an Lucht Saothair sa Roinn Oideachais & Scileanna agus faoi Chiste Sóisialta na hEorpa. Laistigh den chlár seo, cuirfidh Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe cúrsaí ar fáil ag raon leathan ionad fud fad an chontae, ag díriú ar dhaoine a bhí fostaithe roimhe seo in earnála éagsúla atá anois ag meath, cosúil le tógáil, miondíol agus déantúsaíocht, le béim faoi leith orthu siúd atá idir 18 agus 35 bliain d’aois, agus ar dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach. Beidh na cláir a thairgfear: Beidh na cláir seo ag aithint agus ag tógáil ar thaithí rannpháirtithe roimhe seo i sainréimsí éagsúla, le béim ar scileanna áitiúla a bheidh ábhartha do threochtaí fostaíochta amach anseo, lena n-áirítear: • Turasóireacht Beidh eilimintí den Chumarsáid, den Teicneolaíocht Faisnéise (IT), den Éifeachtacht Phearsanta agus den Mhatamaitic i gceist le gach clár. Forbrófar scileanna fiontraíocha praiticiúla fud fad an chláir agus cuirfear tacaíocht ar fáil dóibh siúd ar mhaith leo bheith féinfhostaithe. Beidh Treoir Ghairme, Scileanna Staidéir agus tuilleadh tacaíochtaí eile nach iad ar fáil do gach rannpháirtí agus leagfar amach go soiléir na bealaí le dul chun cinn a dhéanamh i dtreo cúrsaí atá bunaithe cheana féin. Tá an sproicdáta d’iaratais a bheith faighte sínithe anois go dtí Lúnasa 2010. ************************************* Tá Bord Iascaigh Mhara (BIM) i gcomhar le Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe ag tairiscint comhchlár de chúrsaí oiliúna in Ionad Breisoideachais Ros Muc i gContae na Gaillimhe in 2010. Tá cúrsa oiliúna FETAC i gCothabháil agus Deisiú Trealamh Iascaireachta ag Leibhéal 5 sceidealta le tosú Dé Máirt 8 Meitheamh 2010 ar feadh coicíse. Is é Cormac McGinley ó BIM teagascóir an chúrsa agus cuirfear fáilte roimh iarratais ó hiarratasóirí a bhfuil spéis mhór acu i dtrealamh iascaireachta agus atá ag iarraidh a gcuid scileanna maidir le hobair rópaí, spladhsáil agus deisiú eangach a fheabhsú. Bheadh an módúl seo oiriúnach do dhaoine a bhíonn ag obair ar bháid iascaireachta atá ag iarraidh a fháil amach conas eangach a dheisiú, rópa agus sreang a spladhsáil, eangacha a cheangail le chéile nó conas a bheith i do mháistir ar réimse snaidhmeanna lena n-úsáid ar bhealaí éagsúla. Is cúrsa praiticiúil é seo den chuid is mó agus léireofar réimse trealamh do chineálacha éagsúla iascaireachta. Chun iarratas a dhéanamh, eolas breise a fháil agus clárú déan teagmháil le do thoil leis na daoine seo a leanas: Máiréad Seoige (VTOS) Cormac McGinley (BIM) ****************************** Ba mhaith liom tú a chur ar an eolas faoi sceideal chúrsaí samhraidh Áras Mhairtín Uí Chadhain, An Cheathrú Rua (F/ch. Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉG). Ceanglaím an nasc dátheangach thuas mar eolas duit. Má tá spéis agat sna cúrsaí atá á dtairiscint, beidh míle fáilte romhat an t-ábhar a phlé tuilleadh liom. Teagmháil: Tomás Breathnach Tuilleadh eolais anseo ************************** Féile Raifteirí 2010 Féile Raifteirí 2010....ag teacht
Seoladh Féile Raifteirí 2010 ******************************************************************************** Ranganna Oíche Earrach 2010 Scéim Deontais d’Oideachas Pobail 2010 Scéim Deontais do Chlubanna Oige Aitiula 2009/2010
********************************************************************************** Léargas Gradam d’Fhoghlaimeoir Teanga na Bliana 2009 ************************************************************************************
|