Córais Iompair Scoile

 

Forbhreathnú

Bunaíodh an scéim iompar scoile sa bhliain 1967. Baineann tuairim agus 140,000 dalta úsáid as an scéim seo gach lá. Tá 55,000 díobhsean ina ndaltaí iar-bhunscoile, 76,000 ina ndaltaí bunscoile agus is daltaí a bhfuil riachtanais speisialta acu 9,000 díobh.

Is é costas na scéime tuairim agus �111 milliún. Gnáthchostais is ea 70% de na costais sin. Baineann 30% de na costais le riachtanais speisialta. Is 5% den chostas iomlán iad ranníocaíochtaí.

Tá an scéim faoi riaradh Bus Éireann, é ag feidhmiú mar ghníomhaire don Roinn Oideachais. Féadfaidh Bus Éireann seirbhís dá chuid féin a chur ar bun nó í a thairiscint do dhream príobháideach ar conradh. Baintear úsáid as 600 d'fheithiclí Bhus Éireann agus é ag feidhmiú go díreach faoin scéim. Úsáideann conraitheoirí príobháideacha 2,300 feithicil. Sin le rá go mbíonn breis is 2,900 feithicil á n-úsáid. Is é líon iomlán na mbealaí bus a mbaintear úsáid astu ná tuairim agus 5,000.

Déanann Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe idirchaidreamh le Tuismitheoirí, Scoileanna, Bus Éireann agus le Roinn Iompar Scoile na Roinne Oideachais agus Eolaíochta chun seirbhís Bus Scoile a chur ar fáil do gach duine atá ina theideal.

 

1. Incháilitheacht

1.1 Le bheith incháilithe chun bus a fháil faoin scéim seo, ní mór do dhalta:

  1. a bheith rollaithe ar chúrsa ceadaithe in iar-bhunscoil aitheanta.
  2. a bheith dhá bhliain déag d'aois ar a laghad ar an gcéad lá de mhí Eanáir den bhliain scoile a dtéann an dalta isteach sa mheánscoil.
  3. de ghnáth, oideachas bunscoile a bheith críochnaithe ag an dalta.
  4. a bheith ina c(h)ónaí 4.8 chiliméadar (3 mhíle) nó níos mó, óna (h)ionad oideachais meánscoile.

1.2 D'fhéadfaí daltaí incháilithe a thabhairt go dtí an t-ionad meánscoile atá ag freastal ar an scoilcheantar a bhfuil cónaí orthu ann. (Tugtar "Daltaí Lán-Incháilithe" ar dhaltaí a bhaineann leas as áiseanna dá leithéid).

1.3 Eagraítear seirbhísí iompar scoile mar líonra príomhbhealaí a fhreastalaíonn ar gach scoilcheantar. Táthar ag súil go dtabharfar daltaí a bhfuil cónaí orthu as an gcosán dearg go háit atá ar an bpríomhbhealach lena bpiocadh suas, nó go mbainfidh siad féin an áit sin amach. Ní rachfar ar seachrán den phríomhbhealach chun na daltaí sin a phiocadh suas. De ghnáth, socraítear bealach sa tslí is nach mbeidh ar aon dalta siúl níos mó ná 3.2 ciliméadar (dhá mhíle) go dtí an áit a bpiocfar suas é.

 

2. Iompar Lamháltais

2.1 Sa chás go bhfreastalaíonn dalta ar ionad scoile seachas an t-ionad iar-bhunscoile a fhreastalaíonn ar an scoilcheantar a bhfuil cónaí air/uirthi ann, d'fhéadfaí cead a thabhairt dó/di lamháltas iompair a fháil le haghaidh an scoilcheantair atá ar theorainn cheantar an ionaid a bhfuil sé/sí ag freastal air, fad is a bhíonn suíochán le spáráil ar cheann de na busanna a théann go dtí an t-ionad sin.

2.2 Faoi na daltaí atá sé teorainn an scoilcheantair a shroicheadh nó úsáid a bhaint as an tseirbhís bus scoile is cóngaraí atá laistigh den scoilcheantar sin. (Tugtar "Daltaí Theorainn an Scoilcheantair" ar dhaltaí a bhaineann leas as áiseanna dá leithéid).

2.3 Maidir le dalta a dtugtar cead dó/di úsáid a bhaint as córas iompair ar theorainn an scoilcheantar, níl aon chinnteacht ann go mbeidh iompar scoile ar fáil dó/di i gcónaí le linn dó/di ag fáil a c(h)uid scolaíochta ag an ionad sin. Ar an ábhar gur beart riachtanach é seo, braithfidh iompar a bheith ar fáil feasta ar shuíocháin a bheith ar fáil ar an mbus a thugann chuig an ionad sin iad gach téarma den scoilbhliain. Tabharfar tús áite do dhaltaí incháilithe atá cláraithe nó atá le clárú le scoil atá lonnaithe sa scoilcheantar a bhfuil conaí orthu ann. Mura bhfuil tú cinnte faoin scoilcheantar a bhfuil cónaí ort ann nó faoi chatagóirí éagsúla an iompair scoile, fiosraigh an scéal le lucht na scoile a bhfuil tú le freastal uirthi, nó téigh i dteagmháil leis an Oifigeach Idirchaidrimh Iompair in oifigí an Choiste Gairmoideachais atá ag freastal ar do cheantarsa.

 

3. Ranníocaíocht

Féadfaidh daltaí incháilithe úsáid a bhaint as córas iompair scoile faoin scéim ach a n-íocfaidh siad an táille cuí téarma. Sa chás go mbíonn tuismitheoirí nó caomhnóirí dlíthiúla na ndaltaí incháilithe ina sealbhóirí cártaí leighis teaghlaigh (ní cárta leighis an pháiste féin), d'fhéadfaí an ranníocaíocht i leith na bpáistí sin a mhaitheamh.

 

4. Deontais

4.1 D'fhéadfaí deontas a íoc le haghaidh socruithe iompar príobháideach sa chás go bhfuil dalta incháilithe le haghaidh iompar ach nach bhfuil aon iompar ar fáil, nó sa chás nach bhfuil dalta in ann úsáid a bhaint as iompar scoile, de dheasca tinnis/míchumais.

4.2 I gcás daltaí lán-incháilithe atá ag cur fúthu níos mó ná 3.2 ciliméadar (dhá mhíle) ó áit an phioctha suas nó lasmuigh de réim na seirbhísí iompair scoile, féadfar Deontas Ceantar Iargúlta, bunaithe ar achar agus ar thinreamh, a íoc. Ní féidir ach deontas amháin an teaghlach a íoc.


barr an leathanaigh


5. Oideachas trí Ghaeilge

5.1 Maidir le daltaí ar mian leo oideachas iar-bhunscoile a fháil atá go hiomlán trí Ghaeilge, tá siad incháilithe le haghaidh iompair chuig an ionad is cóngaraí a bhfuil meánscoil, gairmscoil, scoil chuimsitheach nó pobalscoil ann, áit a gcuirtear oideachas dá leithéid ar fáil, má tá cónaí orthu 4.8 ciliméadar (trí mhíle) nó níos mó ón ionad.

 

6. Ginearálta:

6.1 Ní ceadmhach seirbhís bus scoile ar leith a bhunú mura bhfuil, ar a laghad, seachtar dalta incháilithe laistigh den cheantar sin ar féidir freastal réasúnta eacnamaíoch a dhéanamh orthu leis an mbealach bus.

6.2 Idir fhanacht agus taisteal, bheadh dhá uair an chloig go leith sa lá curtha ar leataobh ag duine. D'fhéadfadh go mbeadh níos mó ama ná sin i gceist in imthosca eisceachtúla.

Beidh ceadú áiseanna faoin scéim seo de rogha an Aire Oideachais agus Eolaíochta.

Díreach mar gheall go bhfuil daltaí tar éis na háiseanna iompair a úsáid contrártha do théarmaí na scéime, ní shin le rá go bhfuil de cheart acu leanúint orthu á n-úsáid.

 

7. Tuilleadh Eolais

7.1 Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi sheirbhísí iompair scoile ach cuairt a thabhairt ar

láithreán gréasáin na Roinne Oideachais agus Eolaíochta ag an seoladh:

 

barr an leathanaigh