Beartais

« ar ais go liosta beartas

Cód eitice do Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe

1. Réamhrá
Tá an Cód Eitice seo forbartha ag an gCoiste dá Fhoireann agus do Chomhaltaí an Choiste. Cuireann an Cód Eitice seo impleachtaí na nAchtanna um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 1995 agus 2001, san áireamh. Beidh cóip den Chód sin ar fáil ar iarratas agus cuirfear é ar ár láithreán gréasáin, www.countygalwayvec.com.

2. Intinn agus raon
Is aidhm don chód seo treoir a chur ar fáil do Chathaoirleach, Comhaltaí agus Foireann Choiste Gairoideachais Chontae na Gaillimhe agus iad ag feidhmiú a gcuid dualgas.

3. Cuspóirí
Is iad cuspóirí an Chóid:

  • Prionsabail eitice chomhaontaithe a leagan amach.
  • Muinín agus iontaoibh i gComhaltaí agus i bhFoireann Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe a chothú agus a chur chun cinn.
  • Forbairt cleachtas eitice agus glacadh leo a chur chun cinn.
  • Na caighdeáin is airde dlí, bainistíochta agus eitice a chur chun cinn i ngníomhaíochtaí uile Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe.
  • Comhlíonadh dea-chleachtas bainistíochta reatha a chur chun cinn i ngníomhaíochtaí uile Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe.

 

4. Prionsabail Ghinearálta
Is é beartas Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe a dhea-chlú as a iompar eiticiúil agus cothrom na Féinne a choinneáil agus é i mbun a ghnóthaí.

Ní féidir soláthar a dhéanamh sa Chód Eitice do gach cás. Má bhíonn aon amhras faoi ionracas aon chás faoi leith, caithfidh an duine lena mbaineann dul i gcomhairle leis an gCathaoirleach sa chás gur Comhaltaí a bhíonn i gceist agus leis an AOF/Oifigeach Oideachais/Oifig Pearsanra más foireann a bhíonn i gceist.

Éilítear go gcomhlíonfaidh Foireann agus Comhaltaí an Choiste na bunphrionsabail seo a leanas, mar a leagtar amach iad faoi na ceannteidil seo a leanas:

  • Macántacht
  • Rúndacht
  • Dualgais
  • Nochtadh Leasa
  • Dílseacht
  • Cothroime
  • An timpeallacht Oibre/Sheachtrach a chur san áireamh

(a) Macántacht

  • Éilítear go nochtfaidh Comhaltaí agus Foireann an Choiste obair lasmuigh/leasanna gnó a mheasann siad a bheith i gcoimhlint nó go bhféadfaidís a bheith amhlaidh le gnó Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe.
  • Ní bheidh Bainistíocht ná Foireann an Choiste páirteach in aon fhostaíocht/leasanna gnó lasmuigh a bheidh i gcoimhlint le gnó Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe nó a d'fhéadfadh a bheith.
  • Staonfaidh Comhaltaí agus Foireann an Choiste ó bhronntanais chorparáideacha, aíocht, cóir nó leasanna fabhracha a bhronnadh ná a ghlacadh a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar chumas an deontóra nó an fhaighteora idirbhearta gnó a mheas go neamhspleách nó go mbeadh an chuma sin air.
  • Comhoibreoidh Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe go bríomhar, fuinniúil, eiticiúil agus macánta le hinstitiúidí oideachais eile agus le soláthróirí tráchtála agus soláthróirí eile seirbhísí taighde agus comhairle.
  • Tá Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe tiomanta dá earraí/seirbhísí a cheannach de réir beartais phoiblí agus dea-chleachtais gnó agus léiríonn a rialacháin ceannaigh é sin.
  • Tá Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe tiomanta dá chinntiú go gcloíonn sé le treoirlínte beartas poiblí agus seirbhísí comhairleoireachta agus seirbhísí eile á bhfruiliú aige.
  • Tá Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe tiomanta dó go léiríonn a chuid cuntas a fheidhmíocht go cruinn agus nach bhfuil siad míthreorach nó deartha le bheith míthreorach.
  • Éilítear go seachnódh Foireann agus Comhaltaí an Choiste acmhainní nó am Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe a úsáid dá sochar pearsanta féin, nó ar mhaithe le daoine/eagraíochtaí nach bhfuil aon bhaint acu leis na hinstitiúidí nó a ngníomhaíochtaí.
  • Tá Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe tiomanta d'eolas nó rúin ghnó a fháil ar bhealaí cuí amháin.

(b) Eolas

  • Tá Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe tiomanta do rochtain ar eolas ginearálta maidir lena chuid gníomhaíochtaí a sholáthar ar bhealach a bhíonn oscailte agus a chuireann lena chuntasacht don phobal.
  • Éilítear go n-urramóidh Comhaltaí agus Foireann an Choiste rúndacht eolais íogair a bhíonn i seilbh Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe. Áirítear ar ábhar mar sin:
    • Eolas Pearsanta.
    • Eolas a fuair an Coiste faoi rún.
    • Aon eolas a mbíonn íogaireacht tráchtála ag baint leis nó eolas eile a bhíonn íogair maidir le clú Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe.
    • Aon ábhar eile, ar gníomh neamhdhleathach nó mí-eiticiúil a d'fhéadfadh a bheith ann é a scaoileadh.
    • Cloífidh Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe le nósanna imeachta cuí comhairliúcháin le tríú páirtithe roimh ré sa chás, eisceachtúil, a bhfuil sé ar intinn eolas íogair a scaoileadh ar mhaithe le leas an phobail.
    • Cloífidh Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe leis na forálacha reachtúla cuí uile (e.g. Achtanna um Chosaint Sonraí, 1998 agus 2003, agus an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997).
    • Comhlíonfaidh Comhaltaí agus Foireann an Choiste an rúndacht is déine i ndáil le gach plé agus cinneadh a dhéanfar ag cruinnithe an Choiste agus i gCoiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe.

(c)   Dualgais

  • Comhlíonfaidh Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe na dualgais rialúcháin agus reachtúla a chuireann na hAchtanna Oideachais Ghairme Beatha 1930 go 2001, ar Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe.
  • Cloífidh Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe le nósanna imeachta mionsonraithe tairisceana agus ceannaigh, chomh maith le cloí le leibhéil údaráis fhorordaithe i ndáil le haon chaiteachas cuí a cheadú.
  • Tá rialúcháin tugtha isteach ag Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe ar mhaithe le calaois a chosc agus lena chinntiú go gcloífear le nósanna imeachta forordaithe i ndáil le leibhéil údaráis chun caiteachas cuí a cheadú, ar a n-áirítear taisteal gnó.
  • Déanfaidh Comhaltaí gach iarracht réasúnach le freastal ar gach cruinniú Coiste.
  • Aithnítear go bhféadfadh coimhlint leasa nó imní maidir le rúndacht a bheith i gceist le poist a nglactar leo i ndiaidh a bheith fostaithe agus/nó fruilithe ag an gCoiste Gairmoideachais. Cinnteoidh Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe go ndéanfar monatóireacht ar aon nósanna imeachta a d'fhéadfadh sé a chur ar bun maidir leis sin agus go gcuirfear i bhfeidhm iad.

(d) Dílseacht

Aithníonn Comhaltaí Coiste agus Foireann Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe:

  • An fhreagracht a bheith dílis do Choiste Gairmoideachais Cho. na Gaillimhe agus a bheith go hiomlán tiomanta dá ghníomhaíochtaí uile ach a bheith aireach chomh maith go gcaithfidh Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe féin leasanna a chuid mac léinn agus a lucht maoinithe, ar a n-áirítear cáiníocóirí, a chur san áireamh an t-am ar fad.
  • Dualgas gach duine cloí leis na caighdeáin is airde eitice gnó.

(e) Cothroime

Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe

  • Tá sé tiomanta do chloí le reachtaíocht comhionannas fostaíochta agus comhstádais.
  • Tá sé tiomanta do chothroime i ngach beart gnó.
  • Tuigeann sé luach a chuid mac léinn, a fhoirne, a sholáthróirí agus a chustaiméirí, agus caitheann sé go comhionann lena chuid mac léinn, a fhostaithe, a sholáthróirí agus a chustaiméirí uile.

Timpeallacht Oibre/Sheachtrach

Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe

  • Tugann sé an tosaíocht is airde do shláinte agus sábháilteacht a fhoirne agus a mhac léinn a chur chun cinn agus a chaomhnú.
  • Cinnteoidh sé go ndéanfar ábhair imní an phobail a mheas go mion ina ghníomhaíochtaí agus ina oibríochtaí.
  • Íoslaghdóidh sé aon iarmhairt dhíobhálach a bheadh ag a oibríochtaí ar an gcomhshaol.

(g) Freagracht

Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe

  • Scaipfidh sé an Cód Eitice seo (agus cáipéis beartais maidir le nochtadh leasa) ar Chomhaltaí uile an Choiste agus ar an bhFoireann le go gcoinneoidh siad é.
  • Cinnteoidh sé go bhfaighidh gach Comhalta ar an gCoiste agus an Fhoireann cóip den Chód agus go dtuigeann siad a bhfuil ann.
  • Cuirfidh sé comhairle agus treoir phraiticiúil ar fáil nuair is gá maidir le réimsí dála bronntanais agus féilteachas agus cúrsaí eiticiúla eile, a thagann chun cinn go rialta.

(h) Athbhreithniú

  • Athbhreithneoidh Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe an Cód Eitice seo mar is cuí.
  • Ní mór aon athbhreithniú a mholtar ar an gCód seo a phlé agus a cheadú ag cruinniú den Choiste agus é a chur faoi bhráid an Aire chun é a fhaomhadh.

Tabhair ar aird: I gcás Chomhaltaí Coiste, cuirfear an Coiste Iniúchóireachta agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar an eolas faoi sháruithe ar an gCód Eitice, agus d'fhéadfadh go gcuirfí an tAire Oideachais agus Eolaíochta ar an eolas leis na cuntais agus an tuarascáil bhliantúil.

I gcás foirne, glacfar le sáruithe ar an gCód Eitice mar shárú rialach agus déileálfaidh an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, nó oifigeach tarmligthe, mar is cuí, leis de réir an chóid smachta.

 

barr an leathanaigh