Beartais

« ar ais go liosta beartas

Cód Cleachtais maidir le fostú daoine faoi Mhíchumas le Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe

Réamhrá

1. De réir théarmaí an Achta um Chomhionannas Fostaíochta, 1998, feidhmíonn Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe beartas comhionannas deiseanna don fhoireann ar fad.
An tAcht um Chomhionannas Fostaíochta 1998.

2. San Acht um Chomhionannas Fostaíochta 1998, sainítear "míchumas" mar seo a leanas:
'ciallaíonn míchumas

(a) feidhmeanna coirp nó meabhrach duine a bheith in easnamh go hiomlán nó go páirteach, lena n-áirítear cuid de chorp duine a bheith in easnamh,
(b) orgánaigh atá nó is dóigh a bheidh ina dtrúig galair nó tinnis ainsealaigh a bheith sa chorp,
(c) mífheidhmiú, anchuma nó máchailiú cuid de chorp duine,
(d) riocht nó mífheidhmiú a bhfuil de thoradh air go bhfoghlaimíonn duine ar shlí éagsúil le duine nach bhfuil an riocht nó an mífheidhmiú air nó uirthi, nó
(e) riocht, tinneas nó galar a fhearann ar phróisis smaointe duine, ar aireachtáil na réaltachta ag duine, ar mhothúcháin nó ar bhreithiúnas duine nó a bhfuil iompraíocht shuaite de thoradh air, agus measfar go bhfolaíonn sé míchumas atá ann faoi láthair, a bhí ann cheana ach nach bhfuil ann a thuilleadh, nó a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo, nó a chuirtear i leith duine."

3. Forálann Alt 16(3) den Acht:-
(a) a) "Chun críocha an Achta seo, ní dhéanfar duine faoi mhíchumas a mheas seachas mar dhuine atá láninniúil, agus lánábalta, ar aon dualgais a ghabháil air féin nó uirthi féin más rud é, le cabhair córa speisialta nó saoráidí speisialta, go mbeadh an duine sin láninniúil, agus lánábalta, ar na dualgais sin a ghabháil air féin nó uirthi féin.
(b) Déanfaidh fostóir gach ní réasúnach chun freastal ar riachtanais duine atá faoi mhíchumas trí chóir speisialta nó trí shaoráidí speisialta lena mbaineann mír (a) a sholáthar.
(c) Ní mheasfar diúltú nó mainneachtain soláthar do chóir speisialta nó do shaoráidí speisialta lena mbaineann mír (a) a bheith réasúnach mura dtitfeadh costas, seachas costas ainmniúil, ar an bhfostóir de dheasca an tsoláthair sin.”

4. Tabharfar ar aird go gclúdaíonn an sainmhíniú raon leathan míchumas, chomh leathan sin, go léiríonn sé go mbíonn formhór na ráiteas nó na mbarúlacha ginearálta faoi chumais nó teorainneacha daoine faoi mhíchumas i bhfostaíocht míthreorach. D'ainneoin go mbíonn míchumais ar leith follasach (e.g. mar atá i gcás daoine a úsáideann cathaoir rotha), níl roinnt eile díobh chomh follasach (e.g. titimeas nó easláinte mheabhrach). Chomh maith leis sin, d'fhéadfadh tionchar éagsúil a bheith ag an míchumas céanna agus dul i bhfeidhm ar dhaoine ar bhealach éagsúil. Ar deireadh, cé go dtarlódh go mbeadh cúnamh agus/nó trealamh speisialta ag teastáil ó roinnt daoine faoi mhíchumas chun a gcumas iomlán a bhaint amach, bíonn a bhformhór ina n-oibrithe lánéifeachtúla gan aon chabhair speisialta. Dá réir sin, ba chóir úsáid steiréitíopaí a sheachaint i mbeartas agus ina fheidhmiú agus caitheamh le gach duine mar dhaoine aonair le comhchearta, bíodh faoi mhíchumas nó ná bíodh. Ba chóir plé ar aon cheist maidir le daoine faoi mhíchumas a fhostú a thosú ar bhonn a thoimhdíonn ábaltacht.

5. Tugann Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe ar aird an raon leathan tacaíochtaí airgeadais agus comhairle atá ar fáil ó ghníomhaireachtaí eile stáit agus coinneoidh sé é féin ar an eolas faoin raon seirbhísí atá ar fáil mar acmhainn agus cuirfidh sé an t-eolas sin ar fáil d'aon bhall foirne a bhíonn faoi mhíchumas.

barr an leathanaigh

Ráiteas Beartais

6. Tá Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe tiomanta do bheartas comhionannas deiseanna do dhaoine faoi mhíchumas agus, go háirithe, tá sé tiomanta dá chinntiú go mbeidh rochtain ar an raon iomlán deiseanna earcaithe agus forbartha gairme a bhíonn ar fáil i gCoiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe ag daoine faoi mhíchumas, mar dhaoine le cumais, - go ndéantar daoine faoi mhíchumas a éascú ionas gur féidir leo feidhmiú go héifeachtúil sna poist a bhíonn acu nó lena bhfuil siad ag dréim agus ní chuirtear faoi mhíbhuntáiste iad toisc iad a bheith faoi mhíchumas, agus - go ndéantar gach cóiríocht réasúnach chun freastal ar riachtanais a bhaineann le míchumais áirithe d'fhonn an rochtain is mó a bheith ag daoine faoi mhíchumas ar fhostaíocht i gCoiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe agus an fhoireann uile a chumasú le hoibriú go dtí a n-uaschumas.

7. Tá íosmhéid 3% den fhoireann iomlán sa tseirbhís phoiblí socraithe ag an Rialtas mar chuspóir le haghaidh fostaíocht daoine faoi mhíchumas. Tá Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe tiomanta dá chinntiú go ndéanfaidh sé a chuid iomlán féin ar mhaithe lena chinntiú go mbainfear an cuspóir sin amach agus go gcoinneofar leis.

barr an leathanaigh

Earcaíocht

8. Tá daoine faoi mhíchumas i dteideal, mar cheart, iarratas a dhéanamh ar aon phost i gCoiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe dá bhfuil siad cáilithe agus go ndéanfaí a gcuid iarratas a mheas ar bhonn a gcuid ábaltachtaí, cáilíochtaí agus oiriúnacht don obair a bhíonn i gceist. Chomh maith leis sin, aithnítear sa lá inniu go mbíonn daoine faoi mhíchumas, a d'fhágfadh nach mbeidís oiriúnach d'fhormhór na gcineálacha fostaíochta san am a caitheadh, in ann na srianta a chuireann an míchumas nó an timpeallacht ina maireann nó ina n-oibríonn siad orthu a shárú trí leas a bhaint as ardteicneolaíocht agus bealaí eile agus tabhairt faoi raon i bhfad níos leithne fostaíochta.

9. Sula ndiúltaítear fostaíocht le Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe do dhuine faoi mhíchumas ar bhonn a m(h)íchumais amháin tar éis scrúdú dochtúra, tá sé/sí i dteideal an dara barúil a fháil ó speisialtóir leighis a cheapfaidh an Coiste chuige sin agus a n-íocfaidh sé as. Cuirfear an t-iarrthóir ar an eolas faoina theidlíocht/teidlíocht agus ceadófar tréimhse réasúnach ama don phróiseas sin.

10. Nuair a bhítear ag déanamh cinneadh cibé an gcomhlíonann iarrthóirí riachtanais sláinte a bhíonn sonraithe do phoist an Choiste, cinnteoidh Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe go mbeidh cinntí bunaithe ar chúrsaí oibiachtúla a bhaineann le bunriachtanais fheidhmiúla an phoist a bhíonn i gceist, agus nach mbeidh siad bunaithe ar bharúlacha maidir leis na teorainneacha a ghabhann le míchumas ar leith.

11. Cuirtear na treoirlínte seo le i bhfeidhm maidir le hearcaíocht -
- Níor cheart aon bhac a chur roimh dhaoine faoi mhíchumas iarratas a dhéanamh ar phost le Coiste Gairmoideachais Cho. na Gaillimhe.
- Spreagfaidh Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe go gníomhach daoine faoi mhíchumas leis an gCoiste a roghnú dá slí bheatha trí theagmhálacha le heagraíochtaí a dhéileálann le míchumas.
Déanfaidh Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe gach iarracht réasúnach aon saoráidí nó trealamh a bheidh riachtanach a chur ar fáil ionas go mbeidh ar chumas iarrthóirí faoi mhíchumas páirt a ghlacadh i gcomórtais do phoist.
-Cuirfear boird agallaimh ar an eolas faoi fheasacht míchumais, faoi bheartas comhionannas deiseanna an Choiste agus faoin Acht um Chomhionannas Fostaíochta 1998 agus tabharfar cóip den Chód Cleachtais seo dóibh.
- Nuair a bheidh Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe ag sonrú na ndualgais a bheidh ag dul le poist oifigigh agus poist nach oifigigh, ní shonróidh sé riachtanais nach bhfuil ag teastáil agus a d'fhéadfadh daoine faoi mhíchumas a eisiamh. Sa chás go mbíonn oiriúnacht iarrthóra faoi leith i gceist, tabharfaidh Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe ar aird aon solúbthacht a d'fhéadfaí a dhéanamh go réasúnach d'fhonn duine faoin mhíchumas ar leith a éascú, e.g. tascanna áirithe a athdháileadh sa chás nach mbeadh duine faoi mhíchumas in ann feidhmeanna áirithe a bhaineann leis an bpost ar leith a chomhlíonadh.
- Sa chás go mbíonn Coiste Gairmoideachais Cho. na Gaillimhe ar dtús den tuairim nach mbeidh iarrthóir, de thoradh ar mhíchumas, in ann dualgais an phoist a chomhlíonadh i gceart, tabharfar deis don iarrthóir a bhíonn i gceist freagra a thabhairt ar an mbuntuairim sin sula ndéanfar an cinneadh deiridh.
- Ba chóir monatóireacht a dhéanamh ar fhógraí, cur síos ar phoist, sonraí pearsanta agus ar fhoirmeacha iarratais lena chinntiú nach ndéanann siad idirdhealú i gcoinne dhaoine faoi mhíchumas.
- Cuirfear eolas, foirmeacha iarratais agus cur síos ar phoist i gcló agus i bhformáidí eile ar fáil ar bhealach a bheidh spreagúil do dhaoine faoi mhíchumas a d'fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí.

barr an leathanaigh

Comhtháthú san Ionad Oibre

12. Caithfear a aithint go dtarlódh go mbeadh deacrachtaí níos mó ag roinnt daoine faoi mhíchumas a dhul i dtaithí ar an ionad oibre ná a bheadh ag baill eile foirne.
Dá réir sin, ní mór aird ar leith a thabhairt nuair a bhíonn foireann á cur in ionad agus nuair a bhíonn a feidhmíocht á monatóireacht i dtús na fostaíochta.
Ba chóir a thabhairt ar aird go mbíonn difríocht i gcineál agus i méid míchumais agus d'fhéadfadh, mar shampla, gur tacaíocht shíceasóisialta a bheadh i gceist le cóir speisialta i gcás daoine le deacrachtaí easláinte meabhrach, go háirithe i dtréimhse thosaigh na fostaíochta trí theagmháil idir an duine agus an Coiste Gairmoideachais. Ba chóir, chomh maith, go n-éascódh seirbhísí cúnaimh phearsanta (e.g. cúntóirí pearsanta, cóitseálaithe poist) daoine faoi mhíchumas áirithe a chomhtháthú níos iomláine sa lucht oibre agus d'fhéadfadh cabhrú lena sásamh as an obair agus a gcuid oibre a fheabhsú.

13. Is bunriachtanas an dea-chumarsáid chun aon deacrachtaí a thagann chun cinn a shárú. Is léir, cé go bhféadfaí neamhaird a dhéanamh de i gcleachtas, gurb é/í an duine faoi mhíchumas an fhoinse eolais is fearr maidir le míchumas agus na himpleachtaí a d'fhéadfadh a bheith leis san ionad oibre. Ba chóir daoine faoi mhíchumas a aithint mar shaineolaithe ina saol féin. Dá réir sin, is den riachtanas plé iomlán, neamhbhalbh a dhéanamh ar aon fhadhbanna a d'fhéadfadh a bheith san ionad oibre ag roinnt den fhoireann faoi mhíchumas má táthar chun deacrachtaí a réiteach go sásúil.

14. Baineann na treoirlínte seo le foireann faoi mhíchumas a chomhtháthú isteach sa lucht oibre:-
- Nuair a bhíonn an Rannóg Pearsanra ar an eolas go bhfuil ball nua den fhoireann faoi mhíchumas, tionólfar cruinniú ag a bpléifear a bunsocrúchán/bhunsocrúchán, aon fhadhbanna a d'fhéadfadh a bheith aici/aige de thoradh an mhíchumais, agus aon chóir a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil d'fhonn feidhmíocht sa phost a uasmhéadú.
- Nuair a bheifear ag déanamh cinneadh ball nua foirne faoi mhíchumas a shocrúchán, tabharfar ar aird aon cheisteanna ar leith nach mór díriú orthu. Láithreofar, mar shampla, foireann le fadhbanna soghluaisteachta, más indéanta, in aice le leithris inrochtana agus le bealaí isteach le rampa.
- Cuirfear an maoirseoir a bheidh ag an mball nua foirne go hiomlán ar an eolas faoi chúinsí an bhaill foirne nua maidir lena chuid/cuid oibre agus beidh sé/sí páirteach sa phlé maidir le deacrachtaí a d'fhéadfadh a bheith i gceist agus an chóir réasúnach a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil. (Ar ndóigh, ní mór an ceart chun rúndachta leighis a urramú.)
- Ba chóir go mbeadh ábhar a bhaineann le ceisteanna maidir le míchumas san ionad oibre ar chúrsaí oiliúna le haghaidh foireann maoirseachta. Cuirfear oiliúint ghinearálta ar fáil mar chuid de chlár oiliúna leanúnaí gach grád foirne chun tuiscint níos fearr maidir le gach cineál míchumas fisiceach, céadfach agus meabhrach a chur chun cinn a bheidh ina bonn le cultúr dearfach. Féadfar cúnamh a iarraidh ar ghníomhaireacht nó gníomhaireachtaí seachtracha cuí, e.g. An Bord Náisiúnta Athshlánúcháin, Comhairle na hÉireann um Dhaoine faoi Mhíchumas, srl., mar is gá.
- Beidh comhoibriú agus tacaíocht chomh-oibrithe riachtanach ionas go n-éireoidh leis an mball nua foirne a bheith ina c(h)uid c(h)omhtháite den fhoireann. Cuirfidh an Rannóg Pearsanra agus na Maoirseoirí tacaíocht dhearfach ó chomh-oibrithe do bhaill foirne faoi mhíchumas chun cinn.
- Coinneoidh an Rannóg Pearsanra/Maoirseoir i dteagmháil rialta leis an mball foirne nua ar mhaithe lena (ch)omhtháthú sa lucht oibre a éascú, go háirithe i gcéimeanna tosaigh na fostaíochta.

barr an leathanaigh

Forbairt Gairme

15. Ní mór na deiseanna céanna a bheith ag baill foirne faoi mhíchumas chun gairmeacha iomlána, tairbheacha a fhorbairt le Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe agus a bhíonn ag baill foirne eile.

16. Baineann na treoirlínte seo a leanas le forbairt gairme -
- Déanfar cúram de agus dualgais á leagan ar fhoireann faoi mhíchumas, a chinntiú, chomh fada agus is indéanta, go dtugtar na deiseanna céanna dóibh agus a thugtar do bhaill foirne eile an raon scileanna agus taithí a bheidh riachtanach d'fhorbairt gairme amach anseo a bhaint amach.
- Cé go dtuigtear go bhféadfadh nach mbeidh roinnt ball foirne faoi mhíchumas in ann tabhairt faoi na dualgais a bhaineann le gach post ina ngrád féin, déanfar gach iarracht na deiseanna céanna a thabhairt dóibh leis an gcuid eile den fhoireann chun a dtaithí a leathnú trí shocruithe soghluaisteachta foirne agus trí chúinsí réasúnacha a chur ar fáil.
- Ba chóir go mbeadh an rochtain chéanna ag baill foirne faoi mhíchumas ar oiliúint agus a bhíonn ag an gcuid eile den fhoireann agus ba chóir bearta a chur in áit lena chinntiú nach gcosctar iad ó na deiseanna sin a ghlacadh de thoradh fadhbanna le rochtain fhisiceach nó chéadfach ar ionaid oiliúna nó seomraí comhdhála nó de thoradh formáid na n-ábhar oiliúna, srl.
- Spreagfar baill foirne faoi mhíchumas go dearfach le hiarratas a dhéanamh ar ardú céime nuair a mheastar go bhféadfadh go mbíonn drogall orthu sin a dhéanamh de thoradh a míchumais.
- Ní choscfar deis ardú céime ar bhaill foirne faoi mhíchumas díreach toisc go bhféadfadh nach ligfeadh an míchumas dóibh an raon iomlán dualgas ag an ngrád níos airde a chomhlíonadh; is é an critéar ba chóir a úsáid cibé an mbeidís in ann méid réasúnach de na dualgais ag an ngrád níos airde a chomhlíonadh go rathúil.

barr an leathanaigh

Coinneáil i bhFostaíocht

17. D'fhéadfadh aon bhall foirne míchumas a fháil ag aon am i rith a s(h)aol oibre nó d'fhéadfadh sí/sé a bheith faoi mhíchumas forchéimnitheach. Sa chás go dtagann míchumas ar bhall foirne nó sa chás gur míchumas forchéimnitheach a bhíonn ar dhuine, déanfar gach iarracht réasúnach an duine sin a choinneáil i bhfostaíocht.
D'fhéadfadh go n-áireofaí air sin bearta dála athstruchtúrú poist, athshlánú, atraenáil, athláithriú agus socruithe solúbtha oibre.

Cóiríocht agus Trealamh

18. Is é beartas Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe a chinntiú, chomh fada agus is féidir, go mbíonn timpeallacht oibre ann a íoslaghdaíonn fadhbanna a d'fhéadfadh a bheith ann do bhaill foirne faoi mhíchumas. Cé go mbeidh formhór na mball foirne faoi mhíchumas in ann feidhmiú go héifeachtach gan aon mhodhnuithe a dhéanamh ar a dtimpeallacht oibre, d'fhéadfadh go mbeadh saoráidí speisialta de dhíth ar chuid díobh. Ach, fiú nuair nach mbíonn áiseanna oiriúnaitheacha ag teastáil, chuirfeadh sé go mór le compord, éifeachtacht agus sásamh oibre na foirne lena mbaineann dá soláthrófaí iad.

19. Na bacainní faoi leith a chuireann timpeallachtaí fisiciúla áirithe roimh dhaoine faoi mhíchumas ar leith a aithint agus cur chuige pleanáilte maidir le fáil réidh leo de réir a chéile a chinnteoidh go n-éireoidh linn sa réimse seo. Baineann tábhacht ar leith le rochtain a sholáthar do dhaoine le fadhbanna soghluaisteachta nó céadfach ach, ar ndóigh, bíonn dearcadh, seirbhísí agus ceisteanna cumarsáide ina mbacainní chomh maith.

20. Cuirfidh Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe é féin ar an eolas maidir leis an raon áiseanna agus trealamh oiriúnaitheacha atá ar fáil le cuidiú le daoine faoi mhíchumas. D'áireofaí orthu sin, mar shampla, gutháin a splancann agus ar a bhfuil rialaitheoir fuaime, bogearra sintéiseora guthghníomhachtaithe agus bogearra chun scáileán ríomhairí a mhéadú agus stáisiúin oibre shaincheaptha.

21. Baineann na treoirlínte seo a leanas le cóiríocht agus trealamh-
- Cuireann Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe riachtanais daoine faoi mhíchumas san áireamh go hiomlán nuair a bhíonn sé ag measúnú foirgnimh a thógfaí ar cíos.
- Déanfaidh Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe measúnú ar na hathruithe a d'fhéadfaí a dhéanamh ar a chuid foirgneamh ar mhaithe le rochtain a fheabhsú.
Aithnítear, áfach, go bhféadfadh an éagsúlacht mhór sna foirgnimh ina bhfuil an Coiste lonnaithe agus cúrsaí airgeadais srian a chur le dul chun cinn.
- Nuair a bheidh Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe ag tabhairt faoi aon athrú struchtúrtha suntasach ar fhoirgnimh atá ann cheana, cinnteoidh sé go ndéanfar cibé athruithe is gá ionas go mbeadh caighdeán sásúil rochtana ag na foirgnimh, agus go mbeidh saoráidí dóthanacha ann do dhaoine faoi mhíchumas, de réir cheanglas Chuid M de na Rialacháin Foirgníochta.
- Beifear ag súil go dtabharfaidh oifigigh a bheidh fostaithe ag Coiste Gairmoideachais Cho. na Gaillimhe ag plé le cóiríocht, agus iad i mbun a ngnáthdhualgas, ar aird go sonrach aon fhadhbanna rochtana nó aon ghné eile d'fhoirgnimh a d'fhéadfadh a bheith ina fadhb ag daoine faoi mhíchumas d'fhonn na fadhbanna sin a leigheas de réir a chéile.
- Rachaidh Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe i gcomhairle le baill foirne faoi mhíchumas maidir le háiseanna oiriúnaitheacha a d'fhéadfadh a n-éifeachtacht agus a n-éifeachtúlacht i mbun a gcuid dualgas a fheabhsú agus glacfaidh sé cur chuige dearfach maidir le hiarratais le haghaidh an trealaimh sin.

barr an leathanaigh

Sábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair

22. Cuirfidh Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe gach cosaint chuí a bheidh indéanta ar fáil chun sábháilteacht, sláinte agus leas bhaill a bhíonn faoi mhíchumas a chosaint. Eagrófar ionaid oibre go ginearálta agus daoine faoi mhchumas á dtabhairt i gcuntas. Díreofar aird ar dhoirse, pasáistí, staighrí agus soláthar sláintíochta chomh maith le suímh oibre a úsáideann baill foirne faoi mhíchumas.

23. Caithfidh Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe féidearthachtaí éigeandála a thabhairt ar aird, e.g. dóiteán, agus frithbhearta, socruithe, saoráidí agus pearsanra oilte a sholáthar i gcomhréir leis an riosca a bhíonn ann. Cuirfidh an Coiste cóip dá Ráiteas Sábháilteachta ar fáil do gach ball foirne faoi mhíchumas agus leagtar amach ann a chlár bainistithe sábháilteachta. Mar dhea-chleachtas, rachfar i gcomhairle le baill foirne faoi mhíchumas agus an clár á fhorbairt. Cuirfidh an Coiste eolas ar fáil freisin maidir le sábháilteacht agus baoil sláinte agus na bearta cosanta agus coisctheacha a ghlactar san ionad oibre.

24. Déanfaidh Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe na rioscaí a bhíonn i dtimpeallacht an ionaid oibre do na baill foirne ar fad faoi mhíchumas a athmheasúnú, ar a n-áirítear daoine a bhfuil míchumas tar éis teacht orthu. Ní mór don mheasúnú riosca a dheimhniú an bhféadfadh míchumas ar leith a bheith baolach don duine féin, dá c(h)omh-oibrithe nó fad a bheadh tasc faoi leith ar siúl aige/aici san ionad oibre agus cibé an bhfuil aon bhaol sa phost do dhuine faoi mhíchumas.

Má fhaightear amach go bhfuil rioscaí ann, gheobhaidh an Coiste
- réidh leis na rioscaí sin, agus
- cuirfidh siad bearta in áit a chosnóidh sláinte agus sábháilteacht an bhaill foirne.

D'fhéadfaí a áireamh ar bhearta chun ball foirne a chosaint
- an cineál oibre a athrú;
- an ball foirne a aistriú go suíomh nó timpeallacht oibre a bheidh níos sábháilte.

barr an leathanaigh

Nósanna Imeachta Aslonnaithe

25. D'fhéadfadh go mbeadh fadhbanna faoi leith ag baill foirne faoi mhíchumas maidir le nósanna imeachta aslonnaithe. Bíonn deacrachtaí faoi leith, mar shampla, daoine a mbíonn fadhbanna soghluaisteachta acu a aslonnú sa chás nach féidir ardaitheoirí a úsáid. D'fhéadfadh go mbeadh socruithe sonracha riachtanach do dhaoine le deacrachtaí éisteachta lena chinntiú go mbeidh siad ar an eolas faoin aláram a bheith fógartha. Tá sé fíorthábhachtach go n-aithneofaí a leithéid sin d'fhadhbanna agus go gcuirfí socruithe aláraim agus aslonnaithe cuí in áit.

26. Baineann na treoirlínte seo a leanas le nósanna imeachta sábháilteachta agus aslonnaithe -
- Nuair a cheapfaidh an Rannóg Pearsanra duine faoi mhíchumas go limistéar faoi leith, cuirfidh sé an maoirseoir agus an tOifigeach Sábháílteachta cuí ar an eolas, agus ba chóir don mhaoirseoir agus don Oifigeach Sábháilteachta bualadh leis an duine faoi mhíchumas agus a riachtanais sábháilteachta a phlé leis/léi.
- Má aithníonn Cinn Rannóige ball foirne ina limistéir a mbíonn riachtanais ar leith acu maidir leis seo, tiocfaidh siad ar bhealaí chun na riachtanais sin a shásamh, i gcomhairle leis an Oifigeach Sábháilteachta agus leis na daoine a bhíonn i gceist, cibé an trealamh ar leith é nó eile.
- Ní eisiafar baill foirne faoi mhíchumas ó dhruileanna aslonnaithe riamh, ach beidh sé ina thosaíocht ag an Oifigeach Sábháilteachta a chinntiú go ndéanfar aon socruithe ar leith, a bhíonn riachtanach chun daoine faoi mhíchumas a aslonnú, a thástáil agus a úsáid go hiomlán i ngach druil.

barr an leathanaigh

An Cód seo á Fheidhmiú

27. Tá ról ag foireann uile Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe ina chinntiú go gcloítear go docht le forálacha an Chóid Chleachtais seo.

28. Agus éifeacht á tabhairt aige d'fhorálacha an Chóid seo, beidh Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe i dteagmháil le Rannóg Pearsanra Rialtais Áitiúil na Roinne Oideachais agus Eolaíochta, Riarachán Iar-bhunoideachais, Bóthar Phort Laoise, Tulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí.

29. Maidir le ceisteanna a mbeidh sainchomhairle ag teastáil orthu, ag leibhéal na hearcaíochta agus na fostaíochta (mar shampla, áiseanna oiriúnaitheacha a bheith ar fáil i gcúinsí áirithe), rachaidh Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe i gcomhairle leis an duine faoi mhíchumas agus déanfaidh teagmháil dhíreach ansin leis an eagraíocht ar leith a dhéileálann leis an míchumas sin.

30. Déanfaidh Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe monatóireacht ar fheidhmiú an Chóid seo ar bhonn leanúnach i gcomhairle lena Ghrúpa Comhpháirtíochta áitiúil.

31. Léiriú Dlíthiúil:
Sa chás go mbíonn aon athbhrí nó neamhréireacht nó easaontacht idir aon cheann d'fhorálacha an bheartais seo agus aon fhorálacha den Acht um Chomhionannas Fostaíochta 1998, is iad forálacha an Achta a bheidh i réim.

Léiriú intinne é an beartas seo ag Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe. Ní tiomantas, conradh ná comhaontú, cibé acu sainráite dó nó intuigthe, a fhorálacha a bheidh ina gceangal dlí ná inchurtha i bhfeidhm, ach sa mhéid a bhfuil ceangal dlí leo.
D'fhonn a oibleagáidí reachtúla a chomhlíonadh, taifeadfaidh Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe ar thaifid Phearsanra na fostaithe a bhíonn faoi mhíchumas, mar a shonraítear faoin Acht um Chomhionannas Fostaíochta 1998.

barr an leathanaigh