Ionad Oideachais Allamuigh Cheapach na gCapall

 
Rópadóireacht anuas ag Ionad Oideachais Allamuigh Cheapach na gCapall Teach Cheapach na gCapall, An Fhairche, Ionad Oideachais Allamuigh Canúáil ag Ionad Oideachais Allamuigh Cheapach na gCapall
 

� Every student can learn, just not on the same day, or the same way�. George Evans.

Seoladh: Ionad Oideachais Allamuigh Cheapach na gCapall
An Fhairche
Co. na Gaillimhe
Éire
Guthán: 094 954 6483
Facs: 094 954 6705
Ríomhphost:
Gréasán:

 

Cúlra

Ó bhí Ionad Oideachais Allamuigh Cheapach na gCapall ann, ina 17 mbliana ar an bhfód, tá forbairt déanta aige maidir le roinnt . Siar i 1986, síníodh an t-eastát iomlán ar a bhfuil Ionad Oideachais Allamuigh Cheapach na gCapall anois do Choiste Gairmoideachais na Gaillimhe ar £1, suim fhlaithiúil ar ndóigh. Bhí an choinníoll leis an idirbheart seo go ndéanfaí forbairt air mar áis áineasa don phobal agus do Chontae na Gaillimhe. Cuirtear raon leathan gníomhaíochtaí ar fáil d'aon duine níos sine ná 10 mbliana d'aois.

 

Láthair agus Tírdhreach:

Tá sé lonnaithe go foirfe i gcomhair gníomhaíochtaí eachtraíochta ar thalamh nó ar uisce mar go bhfuil sé suite ar bhruach deiscirt Loch Measca agus cnoic agus foraoisí thart timpeall air. Tá an t-ionad suite ar an roinnt idir ardtailte gaineamhchloiche/bolcáin agus ísealchríocha aolchloiche. Is í uaimheadóireacht ceann de na gníomhaíochtaí a chuirtear ar fáil agus tá tábhacht leis an gceantar maidir le geolaíocht agus geomoirfeolaíocht.

Fánaíocht thart ar an bhFairche, Ionad Oideachais Allamuigh Cheapach na gCapall An Fhairche, Co. na Gaillimhe, Radharcra Clársheoltóireacht ag Ionad Oideachais Allamuigh Cheapach na gCapall

 

�irítear ar chláir atá á dtairiscint:

Gníomhaíochtaí ar thalamh

  • Cnocadóireacht
  • Treodóireacht
  • Dreapadóireacht
  • Rópadóireacht Anuas
  • Bac-chúrsa
  • Dúshlán Cheapach na gCapall

Gníomhaíochtaí ar Uisce

  • Canúáil
  • Clársheoltóireacht
  • Seoltóireacht
  • Tógáil Raftaí
  • Siúl Scornaí
  • Uaimheadóireacht

 

Freastalaíonn an tIonad ar:

  • Scoileanna
    • Clár Eachtraíochta
    • Campa Samhraidh
    • Campa na nGasóg
  • Buaic-Chlár
  • Clár TEAFA (Turas Eachtra Amuigh Faoin Aer)
  • Gaeilge: Tá na gníomhaíochtaí seo ar fáil trí Ghaeilge chomh maith.
  • Staidéar allamuigh
  • Grúpaí Óige
  • Turas Taiscéalaíochta / Cláir Mhaireachtála
  • Grúpaí Riachtanais Speisialta
  • Clár d'Aosaigh:
    • Neartú Foireann Chorparáideach
    • Cúrsaí Scileanna
    • Cúrsaí Garchabhrach / Tarrthála & Éigeandála
    • Cláir Chomhshaoil
    • Cruinnithe & Comhdhálacha

 

�irítear ar �iseanna:

  1. Lóistín ar stíl suanleasa, cistin agus áiseanna bia.
  2. Seomra ranga agus áineasa.
  3. Lóistín uasmhargaidh le seomraí en suite, seomra léachta, seomra áineasa, chomh maith le háiseanna bia agus cistine ar leith.
  4. Trí láthair campála.
  5. �iseanna cruinnithe agus Comhdhála.
  6. Trealamh Closamhairc.
  7. Seomra Triomaithe.
  8. Trealamh i gcomhair spóirt agus gníomhaíochtaí eachtraíochta go léir.
  9. Is féidir béilí úra atá déanta sa bhaile a chur ar fáil ar feadh do chuairte.
Le haghaidh tuilleadh eolais agus sonraí cuimsitheacha ar a bhfuil ar fáil i gCeapach na gCapall, tabhair cuairt ar a láithreán gréasáin le do thoil:

 

barr an leathanaigh