Tionscnamh Filleadh ar an Oideachas BTEI

  Tionscnamh Filleadh ar an Oideachas BTEI Suímh
 

“All Learning begins when our comfortable ideas turn out to be inadequate.� - John Dewey

Forbhreathnú

Ó seoladh é in 2002, tá go leor déanta ag an Tionscnamh Filleadh ar an Oideachas chun acmhainn na hearnála foirmiúla oideachais a neartú le freastal ar riachtanais na ndaoine aonair, na bpobal agus na sochaí, riachtanais a bhíonn ag athrú.

Cuireann an Tionscnamh Filleadh ar an Oideachas (B.T.E.I) deiseanna ar fáil do dhaoine óga agus do dhaoine fásta a d'fhág an t-oideachas foirmiúil go hóg, b'fhéidir, Filleadh ar Oideachas (Fás).
Tá an clár sin deartha le haghaidh scileanna a fhorbairt de réir mar a bhíonn riachtanais ann dóibh.

 

Cuireann Cláir Pháirtaimseartha faoi BTEI ar fáil:

  • Deis do dhaoine óga agus fásta Filleadh ar Oideachas (Fás).
  • Bealach eile isteach dóibhsean san ionad oibre ar mhaith leo a gcuid scileanna a uasghrádú le teacht le riachtanais a bhíonn ag teacht chun cinn.
  • Deis le haghaidh oideachas agus oiliúint a chomhcheangal le teaghlach, obair agus freagrachtaí eile.

Tugtar tosaíocht do dhaoine aonair agus grúpaí a mbíonn baic shonracha nó ghéara roimh a rannpháirtíocht. Is é aidhm ghinearálta BTEI rannpháirtíocht daoine óga agus fásta, ar a mbíonn níos lú ná oideachas sinsir dara leibhéal, a mhéadú i raon deiseanna foghlama solúbtha.

Cuirtear na cúrsaí ar fad ar fáil ar bhonn páirtaimseartha agus bíonn deis ann teisteasú náisiúnta a fháil (FETAC).

 

Spriocghrúpa:

Is aidhm do na cúrsaí páirtaimseartha faoi B.T.E.I. breisoideachas a dhéanamh níos inrochtaine go ginearálta. Tugtar ardtosaíocht do dhíriú ar dhaoine aonair agus grúpaí a mbíonn baic shonracha nó ghéara roimh a rannpháirtíocht agus a mbíonn sé níos deacra iad a thabhairt isteach sa phróiseas foghlama foirmiúla.

  • Daoine fásta nó daoine óga a bhíonn os cionn 16 agus a d'fhág an scoil gan aon cháilíochtaí foirmiúla nó gan acu ach cáilíochtaí ísle nó leibhéil ísle litearthachta
  • Daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach agus iadsan atá i mbaol a bheith dífhostaithe go fadtéarmach, go háirithe iadsan sna haoisghrúpaí níos sine
  • Daoine nach bhfuil ag obair ach nach bhfuil cáilithe le bheith ar an mBeo-Chlár
  • Daoine sa lucht saothair a bhfuil riachtanais scileanna bunúsacha acu
  • Mná faoi mhíbhuntáiste a bhfuil bac faoi leith roimh a bpáirtíocht
  • Fir faoi mhíbhuntáiste, ar a n-áirítear fir faoin tuath a bhraitheann scoite amach
  • Tuismitheoirí Aonair agus daoine eile a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu a choisceann orthu a bheith rannpháirteach i gcúrsaí lánaimseartha
  • Lucht Siúil
  • Daoine gan Dídean
  • Mí-úsáideoirí Substainte
  • Iarchiontóirí
  • Daoine faoi Mhíchumas
  • Daoine nach Béarla a máthairtheanga, a dteastaíonn tacaíochtaí litearthachta agus teanga uathu

 

Ã?iseanna For-rochtana:

Feidhmíonn na cláir B.T.E.I. ag suímh éagsúla ar fud an chontae mar chuid den chur chuige ceantarbhunaithe.

 

barr an leathanaigh