Ionaid Oiliúna don Lucht Siúil Sinsir

  Ionad Oideachais don Lucht Siúil Sinsir Suímh
 

“The mind, once stretched by a new idea never regains its original dimensions.� - Oliver Wendell Holmes Jr, American Jurist.

Forbhreathnú

Bunaíodh Ionaid Oideachais don Lucht Siúil Sinsir i 1974 chun oideachas cúiteach bunúsach a chur ar fáil don Lucht Siúil idir 15 agus 25 bliain d'aois, ach cealaíodh an uasaois ó shin. Tá gréasán 33 ionad ar fud na tíre. Osclaíodh an chéad ionad in Inis i 1974, osclaíodh 13 eile sna chéad deich mbliana eile agus bunaíodh an chuid eile sna blianta ó shin. Is é is aidhm do na hionaid an t-eolas, na scileanna agus an dearcadh atá riachtanach a chur ar fáil don lucht siúil ionas go n-éireoidh leo an t-aistriú a dhéanamh go saol na hoibre agus saol an duine fásta, agus páirt iomlán a ghlacadh ina bpobail.

Tá daoine sa spriocghrúpa a d'fhág an scoil agus gan acu ach buncháilíochtaí nó gan aon cháilíochtaí. Níl aon uasteorainn aoise, áfach, agus déantar iarracht faoi leith tuismitheoirí a spreagadh le freastal ar an gclár, ós rud é go bhféadfadh an-tionchar a bheith aige ar rannpháirtíocht a leanaí sa scolaíocht ina dhiaidh sin. Faigheann an clár seo cuidiú ó Chiste Sóisialach na hEorpa. Tá cur chuige na nIonad Oiliúna don Lucht Siúil Sinsir dírithe ar dhaoine fásta anois.

Is faoin Roinn Oideachais agus Eolaíochta amháin atá riarachán na nIonad seo, agus iad á riaradh go háitiúil tríd na Coistí Gairmoideachais. Déanann Coistí Bainistíochta pobalbhunaithe na hIonaid seo a bhainistiú, agus is fochoistí reachtúla iad sin de na Coistí Gairmoideachais de réir Acht Oideachais Ghairme Beatha 1930.

Bíonn comhaltaí na gCoistí Gairmoideachais, ionadaithe áitiúla agus baill de phobal an Lucht Siúil ar na Boird sin. D'éirigh leis na hionaid sin scileanna riachtanacha a chur ar fáil do Lucht Siúil a d'fhág an scoil tar éis na Bunsoile nó nach ndeachaigh chun na scoile in aon chor sna réimsí seo agus ina lán eile: litearthacht, uimhearthacht, scileanna sóisialta/saoil, adhmadóireacht agus eacnamaíocht bhaile. Tá go leor den Lucht Siúil anois ag tabhairt faoin oideachas athdheise in Ionaid; tá siad ag filleadh ar an oideachas ina sluaite. Aithníonn siad tairbhe an oideachais maidir le timthriall an mhíbhuntáiste oideachais agus shóisialta a d'fhulaing a bpobal le blianta fada a bhriseadh.

Chomh maith le hoideachas riachtanach a chur ar fáil ar bhealach níos iomlánaíche, cuidíonn na hIonaid le bac an leithcheala a bhriseadh síos agus níos mó comhoibrithe agus measa a chothú idir pobal an Lucht Siúil agus an pobal 'socraithe'. Toisc go bhfuil níos mó clár oideachais san Ionad anois, atá á gcreidiúnú ag FETAC, tá soláthar leathan oideachais ann agus ní litearthacht agus uimhearthacht amháin mar a bhíodh sna cláir oiliúna a dearadh le haghaidh mic léinn a ullmhú d'fhostaíocht lánaimseartha íoctha nuair a bunaíodh na hionaid sa chéad áit.

Seachadtar an clár i dtréimhse 44 seachtain thar dhá bhliain agus féadfar cur leis an tréimhse oiliúna sin chun rochtain ar cháilíochtaí Ardteistiméireachta nó a gcomhionann a éascú.

Déanann an clár na bunscileanna a chomhtháthú le gach gné de thaithí an Lucht Siúil. Cuireann na cláir béim mhór ar bhunscileanna na litearthachta, na huimhearthachta, agus na cumarsáide agus ar scileanna na nuatheicneolaíochta agus san am céanna, cuireann raon roghanna gairme ar fáil a bhíonn ceangailte le clár taithí oibre. Tá an clár deartha ionas go mbeidh sé solúbtha agus in ann freastal ar riachtanais, tallanna agus ábhair shuime a shonraíonn an lucht siúil. Is iontach an tairbhe a bhain pobal an Lucht Siúil as cláir oiliúna a bhunú agus a fheidhmiú sna hionaid uile atá creidiúnaithe ag FETAC mar thug siad deis dóibh torthaí comhionanna a bhaint amach lena macasamhail sa phobal 'socraithe'. Leathnaíodh na roghanna don dul chun cinn lena chinntiú go mbeadh raon roghanna ar fáil sna hearnálacha oideachais nó oiliúna.

Glactar le cur chuige foirne sna hionaid, agus comhaontaíonn an fhoireann ráiteas misin agus beartais an ionaid agus bíonn féinmheasúnú agus athbhreithniú go seasta ar siúl maidir le seachadadh an chláir. Tá próiseas nua dearbhaithe cáilíochta forbartha sna hIonaid sin anois atá bunaithe ar phrionsabail an dea-chleachtais agus ar fhorbairtí nua maidir le treoirlínte nua a leag FETAC a chomhlíonadh. Bíonn ról lárnach ag gréasáin atreoraithe áitiúla maidir leis na cláir a sheachadadh go rathúil in Ionaid. Bíonn naisc le scoileanna, eagraíochtaí óige, na seirbhísí promhaidh, an tSeirbhís Teagmhála don Óige, an tSeirbhís Leasa Oideachais agus an tSeirbhís Sláinte tábhachtach lena chinntiú go mbeidh rochtain acusan atá i ngátar ar na cláir chuí. Tá na naisc sin cothaithe ag na hIonaid ar bhealach a chuireann réiteach comhtháite ceantarbhunaithe ar fáil chun déileáil leis an míbhuntáiste oideachais i bpobal an Lucht Siúil.

 

Comhordaitheoir Náisiúnta na nIonad Oiliúna don Lucht Siúil Sinsir:

       
  Gerard Griffin

Teach na Cé,
Cé an Adhmaid, Sr. Parnell,
Inis, Co. an Chláir
Guthán:
Facs:
Ríomhphost:
Gréasán:

065 6828 930
065 6828 919

       

barr an leathanaigh