FETAC (Comhairle na gCáiliúchán Breisoideachais agus Oiliúna)

  Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe, Éire
 

Beartais de chuid Choiste Gairmoideachais na Gaillimhe a cuireadh faoi bhráid FETAC

Cumarsáid

Tuigeann Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe an tábhacht a bhaineann le labhairt le comhaltaí foirne, foghlaimeoirí agus páirtithe leasmhara eile agus gur cheart go mbeadh an chumarsáid sin i bhformáid atá feiliúnach d'éagsúlacht foghlaimeoirí sna réimsí ar fad a chlúdaítear sa Reachtaíocht Comhionannais. Chuige sin, tabharfaidh Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe faoi na rudaí seo a leanas:

  • Eolas ábhartha, cruinn agus cothrom le dáta a scaipeadh ar chomhaltaí foirne, ar fhoghlaimeoirí agus ar pháirtithe leasmhara eile i bhformáid(í) c(h)uí.
  • Aiseolas cabhrach a lorg ó chomhaltaí foirne, ó fhoghlaimeoirí, agus ó pháirtithe leasmhara eile, i bhformáid(í) c(h)uí, maidir lena dtaithí ar chláir agus ar sheirbhísí

 

Comhionannas

Tuigeann Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe an tábhacht a bhaineann le maorgacht an duine. Tá sé i gceist aige a chinntiú go mbeidh timpeallacht ann ina gcaithfear go cothrom le gach foghlaimeoir dá chuid, cuma faoi inscne, stádas pósta, stádas teaghlaigh, gnéaschlaonadh, creideamh, míchumas, nó cine an duine, nó cuma an den Lucht Siúil é nó í. Geallann an Coiste ceanglais na nAchtanna um Stádas Comhionann 2000 agus 2004, agus na nAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998 agus 2004, i ndáil le fostaíocht, soláthar seirbhísí agus frithchiapadh, a chomhlíonadh. Chuige sin, tabharfaidh Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe faoi na rudaí seo a leanas:

  • Feasacht ar dhea-chleachtas a chur chun cinn trí chláir oiliúna a reáchtáil do chomhaltaí foirne agus d'fhoghlaimeoirí
  • Cúram a dhéanamh d'éagsúlacht lucht úsáidte na seirbhíse
  • Saincheisteanna comhionannais a chur san áireamh sa phlean bliantúil

 

Earcaíocht agus Forbairt Foirne

Tuigeann Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe an tábhacht a bhaineann le foireann cháilithe, ghairimiúil a earcú chun seirbhís d'ardchaighdeán a chinntiú dá chuid foghlaimeoirí, agus le tacaíocht a thabhairt d'fhorbairt na foirne chun riachtanais na gclár nua foghlama a shásamh. Chun an méid sin a bhaint amach, geallann sé:

  • Cloí le rialacháin na Roinne Oideachais agus Eolaíochta maidir le hearcú foirne
  • Déanamh de réir nósanna imeachta a chinntíonn próiseas cothrom trédhearcach maidir le hearcú foirne
  • Forbairt foirne a chur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt di sula dtabharfar cláir nua foghlama isteach
  • Scileanna nua a roinnt leis an bhfoireann maidir le modheolaíochtaí nua teagaisc agus foghlama

 

Rochtain, Aistriú agus Forchéimniú

Tuigeann Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe an tábhacht a bhaineann le rochtain a éascú, tacaíocht a thabhairt d'aistriú agus forchéimniú a chur chun cinn ar mhaithe le héagsúlacht na bhfoghlaimeoirí a aithnítear sna hAchtanna um Stádas Comhionannas 2000 agus 2004, chun cur lena gcuid deiseanna oideachais. Chuige sin, tabharfaidh Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe faoi na rudaí seo a leanas:

  • Eolas cuí a roinnt le foghlaimeoirí ionchais, i bhformáid oiriúnach, le gur féidir leo roghanna a dhéanamh maidir le cláir bunaithe ar an eolas sin
  • Socruithe cothroma trédhearcacha a chur ar bun maidir le cead isteach i gcláir
  • Aitheantas a thabhairt don fhoghlaim atá ar dhaoine cheana féin a d'fhéadfadh a bheith tugtha leo acu ar bhealaí foirmiúla agus neamhfhoirmiúla
  • Cláir a chur in oiriúint, de réir mar is gá, ag brath ar acmhainní atá ar fáil
  • Aistriú nó forchéimniú foghlaimeora go clár eile taobh istigh de Chreatlach Náisiúnta na gCáilíochtaí a chur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt dó

 

Forbairt, Seachadadh agus Athbhreithniú Cláir

Tá Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe tiomanta do 'sheirbhís oideachais a sholáthar do mhuintir Chontae na Gaillimhe atá ar fheabhas ó thaobh caighdeáin de'. Chun an méid sin a bhaint amach, tá sé tiomanta do chláir a sheachadadh, iad forbartha le riachtanais aitheanta na bhfoghlaimeoirí a shásamh i gcomhar le páirtithe leasmhara, ag baint úsáide as modheolaíochtaí agus acmhainní i dtimpeallacht shlán shláintiúil. Le cinntiú go mbeidh an clár ar fheabhas, déanfar forbairt agus seachadadh an chláir a mheas go rialta, rud a mbeidh lámh ag páirtithe leasmhara ann.

 

Measúnú Cothrom Seasmhach ar Fhoghlaimeoirí

Tuigeann Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe an tábhacht a bhaineann le bailíocht an phróisis measúnaithe a chothú. Chun an méid sin a bhaint amach, tá an Coiste tiomanta to mheasúnú a dhéanamh a thugann cothrom na Féinne do chách, é comhsheasmhach le measúnóirí agus le dea-chleachtas na tíre, áit a ndéantar cinnte de go bhfuil tuiscint shoiléir ar an bpróiseas measúnaithe ag gach duine atá gafa leis.

 

Cosaint d'Fhoghlaimeoirí

Tá Coiste Gairmoideachais tiomanta do chosaint chuí a thabhairt dá chuid foghlaimeoirí uile atá i mbun na gclár ar fad, a mhaireann trí mhí nó níos mó. Chun é seo a chinntiú, féachfaidh sé le malairt rogha(nna) foghlama a chur ar fáil d'fhoghlaimeoirí, taobh istigh den tseirbhís seo aige, má tharlaíonn go gcuirtear deireadh le clár gan choinne. Níl feidhm ag Alt 43 d'Acht na gCáilíochtaí (Oideachas agus Oiliúint) maidir leis an gCoiste.

 

Féinmheastóireacht ar na Cláir agus Seirbhísí

Tuigeann an Coiste an tábhacht a bhaineann le meastóireacht a dhéanamh ar a chuid clár agus seirbhísí le soláthar d'ardchaighdeán a chinntiú dá chuid foghlaimeoirí. Dá bhrí sin, tá sé tiomanta do mheastóireacht a dhéanamh go rialta, i gcomhar lena chuid páirtithe leasmhara, ar a chuid clár, seirbhísí, beartas agus nósanna imeachta chun caighdeán agus seachadadh na gclár a fheabhsú.

 

barr an leathanaigh