|
|
|
| |
Tá tú anseo: Baile > Ár Seirbhísí > Oideachas don Lucht Siúil > Ionad Oideachais Naomh Breandán, Baile Locha Riach |
| |
Ionaid Oiliúna don Lucht Siúil Sinsir
Ionad Oideachais Naomh Breandán, Baile Locha Riach |
| |
 Mary Lane Heneghan, Stiúrthóir Ionad Oideachais Naomh Breandán |

Foireann Ionad Oideachais Naomh Breandán, Baile Locha Riach Chun Tosaigh (Ar Chlé): Julie Brady, Helen Finn, Freda Murphy, Mary Lane Heneghan Ar Chúl (Ar Chlé): Joe Larkin, Andrew Reddington, Marie Duffy, Anne Cuddy, Kevin Waldron, Jasmin Storen, Vincent O’Hara, Marie Higgins In Easnamh ón nGrianghraf: Catherine Cooney, Delores Kavanagh, Florence Mahoney, Kevin Staunton, Joe Coone |
 Ionad Oideachais Naomh Breandán, Baile Locha Riach |
|
| |
|
| |
| Teagmháil: |
Mary Lane Heneghan |
Guthán: |
091-841387 |
| |
Stiúrthóir |
Facs: |
091-842614 |
| |
|
|
|
| Seoladh: |
Ionad Oideachais Naomh Breandán Sráid na Mainistreach Baile Locha Riach Co. na Gaillimhe |
Ríomhphost:
Foireann: |
stbrendantc@eircom.net
12 Comhalta Foirne | |
| |
Léargas ar an tSeirbhís / Cláir agus Teastais a Thairgtear:
Lonnaithe i lár Bhaile Locha Riach, is solathróir oideachais “athdheise” é Ionad Oideachais Naomh Breandán dóibh siúd ar mhaith leo cáilíochtaí a bhaint amach, ullmhú don saol oibre agus scileanna saoil a fheabhsú.
Ráiteas Misin
Cuireann Ionad Oideachais Naomh Breandán córas ardchaighdeán oideachais chun cinn, ar córas é a chorpraíonn foghlaim ar feadh an tsaoil do gach duine den tsochaí agus a chabhraíonn le foghlaimeoirí cur lena gcumas i dtimpeallacht shlán.
Aidhmeanna:
- Chun díriú ar fhorbairt iomlán gach foghlaimeora.
- Chun tacaíocht a thabhairt do scoileanna áitiúla agus do gach beartas den Roinn Oideachais & Eolaíochta.
- Chun Tacaíocht Foghlama a chur ar fáil.
- Treoir ghairme a chur ar fáil do gach foghlaimeoir.
- Ábhar an chúrsa agus seachadadh seirbhísí a mheas ar bhonn leanúnach.
ar ais go dtí an barr
 Bronnann Rang LCA 2 seic ar Colette Coen,
Ospís na Gaillimhe. Fáltais ó mhaidin caife a bhí ar siúl san Ionad. |
 Colette Coen (Ospís na Gaillimhe) Mary Lane Heneghan (Stiúrthóir
Ionad Oideachais Naomh Breandán agus Anne Cuddy (Ionad Oideachais Naomh Breandán) |
 Saothar Ealaíne ó Ionad Oideachais Naomh Breandán |
Áirítear ar Chláir Laethúla: |
|
Áirítear ar Chláir an Tráthnóna: |
- An Ardteistiméireacht Fheidhmeach (LCAP)*
- Clár Scoileanna an Teastais Shóisearaigh (JCSP)*
- Teastas Iomlán FETAC* Leibhéal 3
- Tacaíocht foghlama
|
|
Corr-ranganna tráthnóna san Fhómhar agus san Earrach d'aosaigh i réimsí a bhfuil spéis acu iontu ar nós:
- Ealaín
- Scríbhneoireacht Chruthaitheach
- Gúnadóireacht
- BTEI* i raon leathan ábhar
- Cúram Leanaí FETAC* Leibhéal 5
- Cúntóir Riachtanas Speisialta FETAC* Leibhéal 5
- OCR (Scrúduithe Oxford, Cambridge agus RSA i gCúrsa Cúntóir Ranga)
- Braitheann Ranganna Tráthnóna eile ar éileamh.
|
*Clár Scoileanna an Teastais Shóisearaigh
Ciallaíonn Clár Scoileanna an Teastais Shóisearaigh go bhfuil fáil níos mó ag daoine a d'fhág an scoil sula raibh cáilíochtaí foirmiúla acu ar an Teastas Sóisearach. Is clár praiticiúil é a nascann obair tionscadail le scrúduithe foirmiúla. Tá sé oiriúnach chomh maith d'fhoghlaimeoirí athdheise.
* A.T.F.
Is cúrsa malartach é an Ardteistiméireacht Fheidhmeach don Ardteist phríomhshrutha. Tá sé níos praiticiúla mar go bhfuil obair tionscadail agus tascobair i gceist leis. Áirítear taithí oibre air chomh maith, agus is féidir le foghlaimeoirí dul ar aghaidh chuig Cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta, Institiúidí Teicneolaíochta, Cláir Rochtana, Bainc, Gardaí etc. má éiríonn leo an cúrsa a chríochnú.
*F.E.T.A.C.
Tugann Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna an deis do dhaoine aitheantas foghlama a fháil in ionaid oideachas nó oiliúna, sa láthair oibre agus sa phobal.
Ábhair a Thairgtear:
- Béarla & Cumarsáid
- Éifeachtúlacht Phearsanta
- Matamaitic
- Litearthacht Ríomhaireachta
- Gairneoireacht
- Ealaín & Ceardaíocht
- Bia & Cothú
- Bia & Cócaireacht
- Cúram Leanaí
*B.T.E.I.
Is clár páirtaimseartha é Tionscnamh Filleadh ar Oideachas, a bunaíodh chun freastal ar riachtanais daoine fásta a bhí ag obair i rith an lae agus a raibh cáilíocht fhoirmiúil uathu sna réimsí:
- Cúram Leanaí
- Cúntóir Riachtanas Speisialta agus
- Seomra Ranga
barr an leathanaigh
Spriocghrúpa:
Daoine a d'fhág an scoil go luath agus Foghlaimeoirí Athdheise.
Amanna / Míonna ar fáil:
- Cláir Lae ritear iad seo ó Mheán Fómhair go Lár Mhí Iúil (Luan go hAoine 9.00am - 4.00pm)
Seirbhísí Tacaíochta:
- Áiseanna Naíolainne ar an láthair
- Réamhscoil ar an láthair
- Seirbhís Treoir Gairme/Comhairliúcháin
- Seirbhísí Aighneachta
- Oibrí Teagmhála Pobail
- Soláthar Litearthachta
- Áiseanna Áineasa
 Ionad Oideachais Naomh Breandán, Baile Locha Riach |
 Foghlaimeoirí in Ionad Oideachais Naomh Breandán, Baile Locha Riach |
 Eithne Nic Dhonnchadha (AEO), Fr Tom Shanaghan (Eaglais Mhainistreach, Baile Locha Riach), Mr Eoghan McCormack (Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta), Mary Lane Heneghan (Stiúrthóir) |
barr an leathanaigh | |