| |
Stair Achomhair/Cúlra na Scoile
Tá Gairmscoil Éinne ar an bhfód le breis agus 50 bliain. Tá sí lonnaithe i mbarr bhaile Chill Rónáin, an príomhbhaile in Inis Mór, tuairim’s 5 nóiméad siúlóide ón gcéibh. Soláthraíonn an scoil oideachas iomlán dara leibhéal trí mheán na Gaeilge.
Bord Bainistíochta
Pearsanra/Foireann na Scoile
Ábhair ar Fáil
I measc na n-ábhar atá ar fáil don Ardteistiméireacht (nó Clár Gairme na hArdteistiméireachta) tá Gaeilge, Béarla, Matamaitic, Fraincis, Tíreolaíocht, Bitheolaíocht, Ealaín, Gnó, Teicneolaíocht Innealtóireachta, Teicneolaíocht Ailtireachta, Grafaic Dhearaidh & Chumarsáide, Eacnamaíocht Bhaile agus, don chéad uair i 2006/2007, Ceol. Beidh Fisic/Ceimic ar fáil ó 2007/2008 ar aghaidh. Tá Gairmtreoir agus Staidéar Tacaíochta Foghlama ann freisin.
Tá Clár Idirbhliana den scoth ar fáil sa scoil seo agus baineann scoláirí taitneamh agus tairbhe as an réimse cuimsitheach foghlama a leantar san Idirbhliain. I measc na n-imeachtaí tá Cúrsa i mBunscileanna Físeáin, Cúrsa Céad Chabhrach, Cúrsa Cumarsáide Raidió (Ard-Mhinicíocht), Cúrsa Seachaint Dóiteáin, Cúrsa Eachtraíochta & Féinfhorbartha, Cúrsa i Scileanna Traidisiúnta (Caoladóireacht), Cúrsa Ríomhaireachta (E.C.D.L.), Taithí Oibre, Obair Dheonach d’Eagraíochtaí Carthanachta chomh maith le réiteach don Ardteist sna gnáthábhair scoile.
I gcomhar le Foras na Gaeilge, cuirtear Scoláireachtaí Idirbhliana ar fáil do dhaoine óga ar mhaith leo an scoilbhliain iomlán a chaitheamh ag leanacht Clár na hIdirbhliana i nGairmscoil Éinne.
Cuirtear Ranganna Oíche ar fáil do dhaoine fásta dhá théarma in aghaidh na scoilbhliana.
barr an leathanaigh
Uimhreacha Rollaithe
Roghanna Iar-ardteistiméireachta
Níl aon roghanna PLC faoi láthair.
Gaisce Spóirt
Éacht na nDaltaí
An Nuacht is Déanaí
barr an leathanaigh
Beartais
Ráiteas Misin
Beartas Iontrála
Cód Iompair/Cód Smachta
Beartas Obair Baile
Féilire Scoile
2009-2010
| Deireadh Fómhair 2009 lár téarma |
26 Deireadh Fómhair go 30 Deireadh Fómhair 2009 san áireamh |
| Nollag 2009 |
22 Nollaig 2009 - 7 Éanair 2010. Osclóidh na scoileanna ar fad an 7 Éanair 2010. |
| Lár téarma Feabhra 2010 |
Sos lár téarma 2010 - Dúnfaidh Iar-bhunscoileanna ón 15 go 19 Feabhra 2010 san áireamh |
| Lá le Phádraig |
Dé Céadaoin, 17 Márta 2010 |
| Cáisc 2010 |
29 Márta 2010 - 19 Aibreán 2010. Osclóidh na scoileanna ar fad an 19 Aibreán 2010. |
| Lá Saoire Bainc |
Dé Luain, 3 Bealtaine 2010 |
| Lá Saoire Bainc |
Dé Luain, 7 Meitheamh 2010 |
| Dáta tosaithe scrúduithe an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta |
Dé Céadaoin, 9 Meitheamh 2010 |
barr an leathanaigh
Leabharliosta
Cur síos ar an Éide Scoile
barr an leathanaigh |