|
Stair Achomhair/Cúlra na Scoile
Bunaíodh Coláiste an Eachréidh i Lúnasa 2006. Is iar-bhunscoil lán-Ghaeilge í faoi choimirce Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe. Is scoil chomhoideachais, ilchreidmheach í agus is Gaeilge an teanga cumarsáide agus múintear gach ábhar trí Ghaeilge. Tá suíomh lárnach ag an scoil i mBaile Átha an Rí agus í ag freastal ar abhantrach scoile a shíneann ó Thuaim go Béal Átha na Sluaighe, ó Órán Mór go Baile Locha Riach agus ó dheas go dtí an Gort. Is dul chun cinn nádúrtha do dhaltaí a d'fhreastail ar bhunscoileanna Lán-Ghaeilge freastal ar Choláiste an Eachréidh. Fáiltimid, áfach, roimh dhaltaí ó gach bunscoil a bhfuil caighdeán sásúil Gaeilge acu. Go deimhin níor fhreastail an tríú cuid de na daltaí uile a fhreastalaíonn ar iar-bhunscoileanna Lán-Ghaeilge ar bhunscoileanna Lán-Ghaeilge roimhe sin. Is é Coláiste an Eachréidh an chéad scoil dá leithéid a bunaíodh, ní hamháin i gContae na Gaillimhe (lasmuigh de chathair na Gaillimhe) ach i gConnachta.
Buntáistí an Oideachais Lán-Ghaeilge
Tír dhátheangach í Éire dála a lán tíortha eile agus is í an Ghaeilge bunús an chultúir faoi leith atá againn. Labhraíonn níos mó ná leath dhaonra an domhain níos mó ná teanga amháin. Creideann oideachasóirí go mbíonn buntáistí dearfacha san oideachas dátheangach do leanaí. Cuidíonn sé gastacht agus beogacht intinne a chothú. Tugann sé dhá fhuinneog don duine le breathnú ar an domhan.
- Líofacht i dteanga dhúchais an dalta.
- Buntáiste cognaíoch intleachtach.
- Foghlaimíonn an dalta an tríú teanga go réidh.
- Feabhsaíonn féinmheas an dalta.
- Caighdeáin acadúla den scoth.
Sainspiorad pobail a nascann daltaí le chéile, agus féinmheas á fhorbairt.

Turas go Ceapach na gCapall Cispheil Foireann Marcaíochta
barr an leathanaigh
Bord Bainistíochta
Tomás Breathnach, Timire Gaeilge; Tomás Ó Nidh, Maíros, Carna, Co. na Gaillimhe (Ball an Choiste);
Turlough Ó Cuidithe (Ionadaí Foirne)
Gearóidín De Búrca (Ionadaí Foirne)
Pearsanra/Foireann na Scoile
| Príomhoide: |
Brian Ó Maoilchiaráin |
|
| |
Aifric Ní Riagáin
Bláthnaid Ní Mhurchú
Turlough Ó Cuidithe |
Marie Uí Dhufaigh Gearóidín de Búrca Gearóid Ó Tuathail |
 Scoláirí Choláiste an Eachréidh |
 Corn Choláiste an Eachréidh |
 Scoláirí Measctha Choláiste an Eachréidh |
Ábhair ar Fáil
Leibhéal Sóisearach
Gaeilge Béarla Matamaitic Fraincis Stair Tíreolaíocht Eolaíocht Gnó nó Miotalóireacht Eacnamaíocht Bhaile nó Adhmadóireacht Líníocht Theicniúil nó Ealaín Ceol ó Mheán Fómhair 2007 O.S.S.P.
Ábhair nach ábhair Scrúdaithe iad
Spórt
Ranganna Acmhainne
Teagasc Reiligiún
Staidéar Ríomhaireachta
O.S.S.P.
|
Curaculam na hArdteiste
Gaeilge
Béarla
Matamaitic
Fraincis
Stair
Gníomhaíochtaí Seach-Churaclaim
Cluichí Gael Linn Scannánaíocht Drámaíocht Ceol Díospóireachtaí
|

Leadóg Bhoird RDS 2008 Saotharlann
barr an leathanaigh
Saoráidí:
- Tá an trealamh seo sna seomraí ranga ginearálta - cláir bhána, osteilgeoirí, sonratheilgeoirí ilmheán, teilifíseáin, seinnteoirí DVD agus taifeadáin CD agus téipe.
- Stáisiúin ríomhaire líonraithe i ngach seomra ranga.
- Rochtain leathanbhanda ar an idirlíon.
- Printéirí léasair, scanóir, ceamara digiteach agus ceamthaifeadán.
- Úsáid seomra adhmadóireachta, seomra miotalóireachta, seomra Eacnamaíochta Baile agus Saotharlann Eolaíochta atá in aice láimhe againn.
- Tá a locar pearsanta féin ag gach dalta.
- Seomra caitheamh aimsire ina bhfuil leadóg bhoird agus cluichí boird.
- Limistéar cispheile agus úsáid pháirceanna imeartha in aice láimhe.
- Úsáid chúirt liathróid láimhe / scuaise in aice láimhe.
Tá Coláiste an Eachréidh an-bhródúil as a "Clár Bán Idirghníomhach" a úsáideann cur chuige ilchéadfach múinteoireachta. Cuireann an clár níos mó deiseanna ar fáil d'idirghníomhaíocht agus do phlé. Méadaítear an méid ama múinteoireachta agus éascaítear an t-athdhéanamh trí acmhainní a úsáid atá níos forásaí agus a bhfuil níos mó éagsúlachta ag baint leo.

Uimhreacha Rollaithe
2006-2007: 9 Dalta
2007-2008: 24 Dalta
2008 - 2009 51 Dalta
2009-2010 71 Dalta

Turas go dtí Ceapach na gCapall Rásaíocht tras-tíre Turas Scoile
barr an leathanaigh
Gaisce Spóirt

Photo No.1 Above
Winners of the County Galway schools first year girls table tennis competition are pictured above with Terry Dolan (County Coordinator), congratulations to Dara, Aoife, Orla, Sinéad, Cáit and Donagh.
Photo No.2 Above
The boys team were beaten in the semi-final and are seen here with Terry Dolan, Aaron, Darren, Eoin, Criostóir, Kyle and Cian.
Éacht na nDaltaí
An Nuacht is Déanaí
Ceiliúradh Gaisce Nollaig 2009

Photo No.1 Above
Buíochas le Siobhán agus Paul Lawless of Athenry Foods
who kindly sponsored a Christmas hamper, comhghairdeas
le Sinéad De Breit—the lucky winner being presented
with first prize by Siobhán Lawless (Athenry Foods/The Palour)
sa bpictiúr freisin tá Brian agus Lorainne Bn Uí Choisteabhla
(cathaoirleach) Coiste na dTuistmitheoirí. A special thanks to
all the parents who contributed prizes and treats for Cóisir na
Nollag and most especially to Coiste na dTuistmitheoirí for
their
efforts and co-operation in organising a most enjoyable afternoon
at the Coláiste. Buíochas freisin to all the students
who sold
raffle tickets and collected €485, the best-seller prize was
presented to Gearóid Ó Mainnín (2) who collected €48.
Photo No.2 Above
Róisín collecting her raffle prize–Cáca Nollag–generously
baked and donated by Anne Flanagan-Kelly.

Saotharlann Eolaíochta
Bliain 1 in the Coláiste’s newly-opened, Barra agus Orla ag seinm ag an gcóisir
fully equipped science laboratory.

Bailiúcháin St. Vincent De Paul
Múinteoir Bláthnaid agus roinnt de na Múinteoir Niamh, Aoife, Julienne agus Seán
daltaí a d’eagraigh bailiúcháin carthanach.
Ceolchoirm na Nollag

Cian, Julienne, Aoife agus Orla Maitiú Gearóid

Ciarán Orlaith
Ceiliúradh Gaisce/Awards 2008
LABHAIRT NA GAEILGE TINREAMH

Photo No. 1 Above
Aoife Nic Cába, Niamh Ní Ghoill agus Darren Ó Baoill
receiving their certificates for Labhairt na Gaeilge
(also in the picture are Brian, Lorraine Uí Choisteabhla - (cathaoirleach Choiste na dtuismitheoirí) and Tomas Breathnach –
(cathaoirleach Bord Bainistíochta an Choláiste)
Photo No. 2 & 3 Above
TINREAMH -
100% Attendance
Bliain 3 students Róisín Ní Fhlatharta, Niamh Ní Ghoill and Ciara Ní Chuinn who attended school
every day since the beginning of term (missing from the picture is Peadar Ó hAirmhí).
Also being recognised for their perfect attendance are Orla Nic Cába (Bliain 1),Julienne Ní Mhathúna(2)
Emer Ní Fhlatharta (1) and Maitiú Ó Cearúil (1). In all 8 pupils did not miss a day while 12 others recorded only 1 absence,
it reflects very well on the students, their families and the Coláiste that 40% of the pupils missed only 1 day or less during first term.
Students are encouraged to continue to attend every day –including half-days and end-of-term days. The Coláiste had 96% attendance on the
last day of first term, well done to all!!

Photo No.1 Above
OBAIR SCOILE
For their commitment and diligence to their studies—Oisín Mac Fhionnlaoich (2), Áine-Máire Ní Choisteabhla (3) and Criostóir Ó Floinn (1) were presented with their certificates and vouchers.
Photo No.2 Above
CEANNAIREACHT
Fiona Ní Chuinn (3), Seán Pokall (2) and Dara Nic Conmara (1) whose certificates
recognise and acknowledge their leadership qualities and positive influence in the Coláiste.
Beartais
Ráiteas Misin
I gColáiste an Eachréidh déantar gach dícheall timpeallacht thaitneamhach shlán shábháilte a chur ar fáil ina ndéantar oideachas trí mheán na Gaeilge a sholáthar. Dírítear aird ar fhorbairt acadúil, shóisialta agus chultúrtha na scoláirí le súil lán-chumas a bhaint amach. Aithnítear tréithiúlacht ar leith na scoláirí agus déantar gach iarracht iad a oiliúint le bheith ina saoránaigh measúla, réasúnacha, fiúntacha.
Beartas Iontrála
Nósanna Imeachta Iontrála
- Foirm chláraithe le comhlánú - ar fáil ón bPríomhoide.
- Ní mór don dalta a bheith 12 bhliain an 1 Eanáir an bhliain a mbeidh siad le tosú sa chéad bhliain.
Eolas Riachtanach a chuirfidh na Tuismitheoirí ar fáil
- Ainm, aois, dáta breithe agus seoladh an dalta.
- Ainm(neacha), seoladh agus uimhreacha gutháin tuismitheoir(í) / caomhnóir(í).
- Uimhir ghutháin i gcás práinne.
- Aon eolas sláinte ábhartha.
- Eolas faoi aon mhíbhuntáiste/míchumas a bhfuil an dalta faoi agus aon riachtanas speisialta atá aige/aici.
- Creideamh an dalta.
- An scoil ar a raibh an dalta roimhe sin (más ábhartha).
- Na fáthanna ar fhág sé/sí an scoil sin (más ábhartha).
- Aon eolas ábhartha eile.
Riachtanais Speisialta Oideachasúla:
- Déanfar gach dícheall riachtanais speisialta an dalta a aithint agus taighde a dhéanamh fúthu a luaithe agus is indéanta.
- Beidh cóip de thuairisc liachta /measúnú síceolaíoch an dalta á lorg.
- Beidh cóip de stair oideachais an dalta á lorg (má bhíonn ceann ar fáil).
- Beidh measúnú gairmiúil neamhspleách á lorg.
- Déanfar gach iarracht is indéanta riachtanais an dalta a aithint agus freastal orthu.
- Cuireann an Bord Bainistíochta in iúl go nglacfar le daltaí le riachtanais speisialta sa scoil má chuireann an Roinn Oideachais agus Eolaíochta na hacmhainní ar fáil le freastal ar na riachtanais speisialta sin. Gan an soláthar sin, cuirfear an t-iarratas ar athló go dtí go gcuirtear acmhainní cuí ar fáil.
Tosca Cinntitheacha Cinnfidh an Bord Bainistíochta clárú de réir - beartas na scoile, an tAcht Oideachais 1998, an tAcht Oideachais (Leas) 2000, an tAcht um Chomhionannas 2000 agus an tAcht um Oideachas do Dhaoine a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais Orthu 2004. Cuirfidh an Bord a dtuairimí in iúl do thuismitheoirí laistigh de 21 lá den dáta deiridh cláraithe, nó laistigh de 21 lá ó fuarthas an t-eolas cuí de réir a bhfuil leagtha síos ag an mBord, ag an Aire Oideachais agus Eolaíochta agus ag an Acht Oideachais (Leas) 2000. Chomh maith leis sin, ba mhaith leis an mBord a shoiléiriú go mbeidh iompar an dalta ag teacht le ráiteas misin, éiteas agus Cód Iompair na Scoile.
Critéir Iontrála
- Daltaí a thiocfaidh ó bhunscoileanna atá laistigh d'abhantrach na scoile.
- Daltaí ó scoileanna Lán-Ghaeilge.
- Daltaí a bhfuil caighdeán sásúil Gaeilge acu agus dearcadh dearfach maidir leis an teanga.
Ag aistriú ó scoileanna eile Cuirtear na pointí seo san áireamh sula ndéantar aon iarratas a mheas.
- An t-iarratas ag cloí le beartas iontrála na scoile.
- Go sásaíonn na cúiseanna leis an aistriú an scoil. Chuige sin, gheofar eolas ón scoil ina raibh an dalta roimhe sin i.e. tinreamh, forás oideachasúil, rogha ábhar, tuairiscí téarma, riachtanais speisialta, measúnú síceolaíoch (más ábhartha), cúiseanna le haistriú, comhoibriú le múinteoirí, etc. de réir mír 20 den Acht Oideachais (Leas) 2000.
- Ní fhéadfar an t-iarratas a mheas go hiomlán go dtí go mbeidh na tuairiscí thuasluaite faighte ag an scoil.
- Ní mór don Bhord Bainistíochta a bheith sásta gur chun leasa an dalta a rachaidh an t-aistriú.
- Cumas na Scoile.
- I gcomhairle leis an bhfoireann múinteoireachta.
- I gcomhairle leis an Oifigeach Leasa Oideachais, más ábhartha.
Beidh de cheart ag an mBord Bainistíochta iarratas a dhiúltú sna cásanna seo a leanas:
- Go meastar nach bhfuil caighdeán Gaeilge an dalta dóthanach don mheán oideachais.
- Go gcuirfeadh aistriú isteach ar dhul chun cinn oideachais an dalta.
- Go mbeadh drochthionchar ag an dalta ar ord agus smacht na scoile.
- Go mbeadh drochthionchar ag an dalta ar dhul chun cinn na ndaltaí atá sa scoil cheana.
- Go mbeadh drochthionchar ag an aistriú ar shláinte agus ar shábháilteacht na ndaltaí atá sa scoil cheana.
- Go mbeadh tosca eisceachtúla i gceist.
Ceart Achomhairc Cuireann an Bord in iúl do thuismitheoirí go bhfuil ceart achomhairc acu sa chás go ndiúltaítear cead iontrála do dhalta, de réir fhorálacha mhír 29 den Acht Oideachais. Is é is aidhm don bheartas seo a chinntiú go gcaithfear le gach scoláire a dhéanfaidh iarratas go comhionann agus go cóir de réir an Achta Oideachais, an Achta Oideachais (Leas) agus bheartais na Scoile féin.
barr an leathanaigh
Cód Smachta na Scoile
Nasc le misean agus aidhmeanna Déanann Coláiste an Eachréidh a dhícheall timpeallacht shábháilte shlán a chruthú le haghaidh daltaí agus foirne ina gcuirfear oideachas trí mheán na Gaeilge ar fáil, a dhíreoidh ar fhorbairt acadúil, shóisialta agus chultúrtha na ndaltaí. Aithneofar agus cothófar uathúlacht agus indibhidiúlacht gach dalta d'fhonn go mbeidh siad measúil, cóir agus luachmhar mar bhaill den tsochaí.
Freagrachtaí i leith na Foirne Timpeallacht fhisiciúil a chur ar fáil a bhíonn sábháilte, glan agus acmhainnithe go maith, ina bhféadfaidh gach duine oibriú le chéile mar phobal a thugann tacaíocht, spreagadh agus aire dá chéile - in atmaisféar ina bhfuil meas, caoinfhulaingt agus comhionannas agus deis forbartha agus na córais chumarsáide chuí curtha ar fáil.
Freagrachtaí i leith na nDaltaí Timpeallacht shábháilte, bhríomhar a chur ar fáil, ina bhféadfar ár ndaltaí a spreagadh lena lánacmhainneacht a chomhlíonadh.
Freagracht i leith an Phobail Tá sé de dhualgas ar Choláiste an Eachréidh riachtanais agus ionchais an phobail áitiúil a aithint agus pointe fócais le haghaidh cláir oideachais agus cláir a bhaineann leis, ar an gcaighdeán is airde, a chur ar fáil do mhuintir na háite agus don phobal níos leithne.
Freagracht i leith an Choiste Gairmoideachais Ár ndualgais ghairmiúla a chomhlíonadh de réir ár gconarthaí agus riachtanais fhoireann an Choiste a léiriú go leanúnach, agus athrú riachtanas á chur san áireamh againn.
Cód Iompair/Cód Smachta
Beartas Obair Baile
Féilire Scoile
2009-2010
| Deireadh Fómhair 2009 lár téarma |
26 Deireadh Fómhair go 30 Deireadh Fómhair 2009 san áireamh |
| Nollag 2009 |
22 Nollaig 2009 - 7 Éanair 2010. Osclóidh na scoileanna ar fad an 7 Éanair 2010. |
| Lár téarma Feabhra 2010 |
Sos lár téarma 2010 - Dúnfaidh Iar-bhunscoileanna ón 15 go 19 Feabhra 2010 san áireamh |
| Lá le Phádraig |
Dé Céadaoin, 17 Márta 2010 |
| Cáisc 2010 |
29 Márta 2010 - 19 Aibreán 2010. Osclóidh na scoileanna ar fad an 19 Aibreán 2010. |
| Lá Saoire Bainc |
Dé Luain, 3 Bealtaine 2010 |
| Lá Saoire Bainc |
Dé Luain, 7 Meitheamh 2010 |
| Dáta tosaithe scrúduithe an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta |
Dé Céadaoin, 9 Meitheamh 2010 |
barr an leathanaigh
Leabharliosta
Cuireann Coláiste an Eachréidh na téacsleabhair ar fáil agus ligtear ar cíos iad ansin ag na daltaí ar aon trian den chostas ceannaigh. Nuair is indéanta, ceannaítear dhá shraith téacsleabhar d'fhonn na málaí scoile a éadromú.
Cur síos ar an Éide Scoile
Geansaí Scoile Gorm Bríste Dúghorm (mionstríocach do na cailíní) Léine Bhán Póló Coisbheart Néata
Ar fáil ó National Schoolwear Centre Guthán: (091) 755515
barr an leathanaigh |