AEGI (Treoirthionscnamh Oideachais d'Aosaigh) Gaillimh Thiar

  Learner Support Services in County Galway
 

Contact Details

 

Teagmháil:

Tadhg Crowley
Comhordaitheoir na Seirbhíse Treoirchomhairleoireachta d'Aosaigh

Teagmháil:

Olivia Leonard
Oifigeach Eolais

Seoladh:

An tIonad Breisoideachais,
Bóthar Inse
An Gort, Contae na Gaillimhe

Seoladh:

An tIonad Breisoideachais,
Páirc Ghnó Fough West
Sráid an Champa,
Uachtar Ard, Contae na Gaillimhe

 

Guthán:

Fón póca:

Ríomhphost:

091-630647

087-2818506

Guthán:

Fón póca:

Ríomhphost:

091-630647

087-9885969

       

Foireann:

Tadhg Crowley, Comhordaitheoir Treorach
Olivia Leonard, Oifigeach Eolais
Suzette Liddy, Treoirchomhairleoir

 

 

 

Léargas ar an tSeirbhís a Chuirtear Ar Fáil:

Tá béim faoi leith ar sheirbhís treorach chuimsitheach a chur ar fáil do dhaoine fásta atá ag glacadh páirte sa Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (VTOS), sna Cláir Bunoideachais agus Oideachais Pobail, lena n-áirítear an Tionscnamh Filleadh ar Oideachas (BTEI). Tá an tseirbhís ar fáil saor in aice dóibh siúd atá ag glacadh páirte sna cláir thuasluaite.

Tríd an tSeirbhís Treorach Oideachais d'Aosaigh, soláthraítear eolas, comhairle agus treoir phraiticiúil ábhartha do dhaoine fásta le linn tréimhsí éagsúla dá bhfoghlaim.

Déantar é sin trí:

  • Daoine fásta a ghríosadh cur lena gcuid oideachais trí chabhrú leo cúrsa a roghnú a fhreagraíonn dá gcuid critéar
  • Cuidiú a thabhairt don fhoghlaimeoir fásta a chuid spriocanna a bhaint amach ar an gcúrsa is rogha leis trí thacú leis na spriocanna sin a bhaint amach le linn an chúrsa
  • Cabhair a thabhairt do na foghlaimeoirí fásta beartú don am atá le teacht, ag cur san áireamh a gcuid spriocanna pearsanta, gairme agus oideachais

 

Ról an Chomhordaitheora:

  • Déanann sé/sí feidhmiú laethúil na seirbhíse a chomhordú, lena n-áirítear pleanáil, maoirseacht na foirne, bainistiú na n-áitreabh agus na n-acmhainní agus cothú na dtaifead.
  • Tacaíonn sé/sí le forbairtí foirne, maoirsíonn seirbhísí eolais agus comhaltaí foirne, agus bunaíonn caighdeáin cháilíochta agus treoirlínte i gcomhréir leis an gcleachtas náisiúnta.
  • Soláthraíonn seirbhís for-rochtana in ionaid oideachais aosaigh i limistéar Chontae na Gaillimhe.
  • Déanann margaíocht ar an tseirbhís treorach, lena n-áirítear forbairt na n-ábhar poiblíochta, agus cuireann chun cinn í.
  • Forbraíonn líonraí agus comhpháirtíochtaí cuí le gníomhaireachtaí áitiúla i réimse na seirbhísí oideachais, oiliúna, leasa shóisialaigh agus pobail.
  • Déanann monatóireacht ar an tseirbhís agus tuairiscíonn don Phríomhfheidhmeannach agus don AEOS.

Ról an Oifigigh Eolais:

  • Tacaíocht riaracháin a chur ar fáil, acmhainní eolais a chothú agus déileáil le bunfhiosrúcháin ón bpobal.

Ról an Treoirchomhairleora:

  • Clár le haghaidh soláthar treorach a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, a thacaíonn le haidhmeanna agus spriocanna an tionscadail.
  • Naisc a bhunú le spriocghrúpaí cliaint agus seirbhísí treorach a chur ar fáil do dhaoine aonair agus do ghrúpaí.
Naisc éifeachtacha a bhunú le gníomhaireachtaí ábhartha ó na hearnálacha reachtúla, deonacha agus pobail le heolas a mhalartú, obair chomhpháirtíochta a fhorbairt agus tacaíocht a thabhairt do dhul chun cinn na gcliant.

Spriocghrúpa:

  • Rannpháirtithe na Scéime Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (VTOS).
  • Daoine atá ag freastal ar Chláir Oideachais Pobail, lena n-áirítear daoine atá páirteach sa Tionscnamh Filleadh ar Oideachas.
  • Iad siúd atá páirteach i gCláir Bhunoideachais.

Tríd an tseirbhís seo:

Déanfar na seirbhísí ar fad a chomhdhlúthú agus leanfar de leathnú na seirbhísí, ag brath ar na hacmhainní a bheas ar fáil chuige.

Saoráidí For-rochtana:

Bunaíodh Treoirsheirbhís Oideachais Aosaigh Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe sa bhliain 2003. Tá an tseirbhís ar fáil i nGaillimh i dtrí cinn de phríomhionaid sa Ghort, in Uachtar Ard agus i dTuaim, ach is féidir teacht ar an tseirbhís chéanna i seacht n-ionad eile atá scaipthe ar fud an Chontae.

Seo a leanas cuid de na Pointí Lóistín agus Pointí Eolais:

  1. Uachtar Ard: Oifig Treoireolais, Oifig an Oifigigh Treoireolais, Oifig an Treoirchomhairleora
  2. An Gort: Oifig an Chomhordaitheora, Seomra Eolais
  3. Tuaim: Oifig an Treoirchomhairleora, Pointe Eolais
  4. Béal �tha na Sluaighe: Pointe Eolais
  5. Baile Locha an Riach: Pointe Eolais
  6. An Baile Mór: Pointe Eolais, úsáid an tSeomra Acmhainne
  7. Leitir Fraic: Pointe Eolais, úsáid an tSeomra Acmhainne
  8. Ros Muc: Pointe Eolais, úsáid an tSeomra Acmhainne
  9. Maigh Cuilinn: Pointe Eolais, úsáid an tSeomra Acmhainne

Táthar ag caint ar an tseirbhís a leathnú sna ceantair seo: �th Cinn, Béal �tha Ghártha, Leacach, Mainistir-Dún Daighre, Port Omna, Corr na Móna, Ros Muc, Cill Chiaráin, Leitir Mealláin, Na Mina, An Spidéal, An Lorgain, Na Forbacha, Oileáin �rann, Inis Bó Finne, Cloch na Rón, An Caiseal, An Clochán, Casla agus Baile Uí Chonaola.

Acmhainní & Saineolas atá ar Fáil:

Beirt Treoirchomhairleoirí cáilithe, Oifigeach Eolais.
Tástáil shíciméadrach agus treoir agus tacaíocht den scoth tugtha ó dhuine go duine ar shlí réchúiseach faoi rún.

Amanna / Míonna:

Ar fáil ó cheann ceann na bliana.

 

barr an leathanaigh