|
|
|
| |
Tá tú anseo: Baile > Ár Seirbhísí > VTOS >VTOS Tuaim |
| |
Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (VTOS)
VTOS Tuaim |
| |
 |
| |
|
| |
|
Teagmháil:
Seoladh:
|
Anne Higgins
Stiúrthóir
V.T.O.S. Ionad Oideachais d'Aosaigh Teach Airglooney Tuaim, Co. na Gaillimhe |
Guthán:
Facs:
Ríomhphost:
Foireann: |
093 25651
093 26302
vtost@eircom.net
4 foirne |
|
|
| |
Léargas ar an tSeirbhís / Cláir agus Teastas Á dTairiscint:
(Ar a n-áirítear na ranganna uile atá ar fáil i.e. Ranganna Oíche, PLC, B.T.E.I, Litearthacht, etc.)
- Is í an Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (V.T.O.S.) príomhghnó an Ionaid, a chuireann dhá bhliain d'oideachas lánaimseartha ar fáil d'aosaigh a bhíonn dífhostaithe.
- Cuirtear ranganna féinmhaoinithe ar fáil ar bhonn éilimh
- Déanann FETAC (Leibhéil 3-5), ECDL, & City & Guilds cláir a mheasúnú.
- Tá an tIonad nasctha le Seirbhís Litearthachta d'Aosaigh Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe
Ábhair ar Fáil:
- Próiseáil Focal
- Scarbhileoga
- Bunachar
- Idirlíon
- Leabharchoinneáil Lámhleabhar agus ar Ríomhaire
- Ceapadóireacht Gréasáin
- Foilsitheoireacht Deisce
- PowerPoint
- Teoiric Ríomhaireachta
- Cumarsáid
- Taithí Oibre
- Staitisticí
- Ríomhaireachtaí Gnó
- Scileanna Pearsanta agus Idirphearsanta
- Litearthacht & Uimhearthacht bhunúsach
Spriocghrúpa / Cáilitheacht:
- Tá tú cáilithe do VTOS má tá tú dífhostaithe le 6 mhí nó níos mó, má tá tú os cionn 21 bliain d'aois, agus tú i gceann de na catagóirí cáilitheachta. Áirítear ar na catagóirí sin íocaíochtaí leasa shóisialaigh, íocaíochtaí míchumais, tuismitheoirí aonair, baintreacha, chomh maith le cleithiúnaithe céile na ndaoine sin agus daoine aonair a bhíonn ag síniú le haghaidh creidmheasanna.
- Íocaíochtaí ar chóimhéid le do Shochar Leasa Shóisialaigh móide liúntas €31.80 sa chás go bhfuil tú níos mó ná 312 lá ar Chúnamh Dífhostaíochta, Sochar Dífhostaíochta, Liúntas Sochar Míchumais nó Liúntas Tuismitheoir Aonair.
Cé mhéad a chosnaíonn sé?
Tá cúrsaí VTOS saor in aisce mar cuireann Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe iad ar fáil don Roinn Oideachais & Eolaíochta.
Acmhainní & Saineolas atá ar Fáil:
- Acmhainní & Saineolas atá ar Fáil: Saoráidí ríomhaireachta suas chun dáta, seomraí ranga.
- Foireann múinteoireachta ardcháilithe, ar a n-áirítear teagascóirí litearthachta cáilithe.
- Comhairleoir Treorach ar fáil do chách.
*Seirbhís Treorach agus Comhairleoireachta d'Aosaigh:
Forbairt nua í an tSeirbhís Treorach agus Comhairleoireachta ar chúrsa VTOS Thuama. Toosaigh an tseirbhís nua sin in 2006 agus tá an-leas déanta aici cheana do na scoláirí ar an gclár VTOS. Teastaíonn comhairle agus tacaíocht gairmthreorach ó aosaigh go leor a bhíonn ag filleadh ar oideachas. Uaireanta is 'beagán treorach ina saol' a bhíonn ó dhaoine agus tá an cineál sin tacaíochta ar fáil anois ag mic léinn VTOS ina n-ionad féin in Airglooney.
Amanna / Míonna ar fáil:
9.30-4.00 (Luan-Aoine), Meán Fómh.-Meitheamh (san áireamh)
Tabhair ar aird: Déanfar freastal ar aon ghrúpa eile (i.e. an gnáthphobal) a léiríonn suim i ranganna i gcláir ailtéarnacha.
barr an leathanaigh | |