Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (VTOS)

VTOS Leitir Fraic

  Suímh Scéimeanna Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (VTOS)
   
 
Teagmháil: Sorcha O'Toole
Comhordaitheoir
Guthán: 095 41302
    Facs: 095 41303
Seoladh:

V.T.O.S. Ionad Breisoideachais
Leitir Fraic
Co. na Gaillimhe

Ríomhphost: [email protected]
  Foireann: 4 foirne
 

 

Cúlra

Tosaíodh VTOS Leitir Fraic in Eanáir 2002. Tá an t-ionad lonnaithe i sráidbhaile Leitir Fraic, baile ina bhfuil 200 duine ina gcónaí. Tá an t-ionad suite os cionn Siopa Crua-Earraí Leitir Fraic i lár an tsráidbhaile. Tá dhá sheomra ranga, seomra ríomhaireachta ina bhfuil 14 stáisiún oibre ríomhaireachta agus seomra ealaíne lánfheistithe. Tá forhalla breá mór san ionad ina ndéantar obair ghrúpa agus obair aonair. Tá cistin lánfheistithe ann ina bhféadann mic léinn a lón a dhéanamh agus tá saoráidí tae agus caife inti. Thosaigh VTOS in Eanáir 2002 le 12 scoláire. Sa lá inniu, tá 20 mac léinn lánaimseartha ag an ionad agus thart ar 50 mac léinn páirtaimseartha. In Eanáir 2003 cuireadh tús leis an gclár páirtaimseartha BTEI san ionad.

 

Ã?bhair:

  • Staidéar Gnó Teastas BBSXX – Lánaimseartha
    Clúdaíonn an teastas Staidéar Gnó raon leathan modúl i staidéir ghinearálta a chumasóidh mic léinn le hobair in aon réimse gnó. Tá an cúrsa bunaithe sa seomra ranga agus clúdaíonn sé a lán modúl a bhaineann le gnó, matamaitic, ríomhairí agus cumarsáid. Níl aon taithí oibre roimh ré ag teastáil chun freastal ar an gcúrsa, níl uait ach suim a bheith agat dáiríre oibriú san earnáil sin.
  • Dearadh Ríomhchuidithe ACADX - Lánaimseartha
    Clúdaíonn an teastas sa Dearadh Ríomhchuidithe raon leathan modúl a chumasóidh mic léinn le hobair in earnáil an deartha. Tá an cúrsa bunaithe sa seomra ranga agus cuimsíonn sé raon leathan modúl ar a n-áirítear líníocht ailtireachta, CAD agus foilsitheoireacht deisce. Níl aon taithí oibre ná scileanna ag teastáil roimh ré chun freastal ar an gcúrsa, níl uait ach suim a bheith agat dáiríre oibriú san earnáil sin.

 

Roghanna Páirtaimseartha atá ar fáil san Ionad Breisoideachais, Leitir Fraic agus An Clochán

  • Cúram Leanaí - Lá amháin agus tráthnóna amháin sa tseachtain (Leitir Fraic)
  • Ealaín & Dearadh - Dhá lá sa tseachtain (Leitir Fraic & An Clochán)
  • Dobharshaothrú - Tráthnóna amháin sa tseachtain (Leitir Fraic)
  • Ríomhairí Bunúsacha - Maidin amháin nó iarnóin amháin sa tseachtain (Leitir Fraic & An Clochán)
  • ECDL – Maidin nó tráthnóna (Leitir Fraic & An Clochán)

 

Lá Oscailte Bliantúil

Bíonn Lá Oscailte ag Ionad Breisoideachais Leitir Fraic i Meán Fómhair gach bliain. Tugann an Lá Oscailte cuireadh don phobal teacht go dtí an t-ionad agus labhairt le teagascóirí agus mic léinn faoi ghníomhaíochtaí an ionaid. Cláraíonn an t-ionad mic léinn d'ionaid Leitir Fraic agus an Chlocháin ar an lá sin chomh maith.

 

Nuachtlitir Bhliantúil

Gach bliain cuireann mic léinn ón rang Foilsitheoireachta Deisce nuachtlitir bhliantúil ar fáil don ionad. Déanann siad féin an nuachtlitir a dhearadh, scríobhann siad na hailt, déanann siad taighde ar chostais táirgthe agus ar an dáileadh. Tionscadal iontach a bhíonn ann i gcónaí agus is áis fhiúntach margaíochta é don ionad.

 

Searmanas Bronnta Bliantúil

Tionólann an t-ionad searmanas bronnta bliantúil le haghaidh na mac léinn ar éirigh leo sa bhliain acadúil roimhe sin. De ghnáth is i mí Feabhra a thionóltar an ócáid agus bíonn comhaltaí i láthair ó Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe, FETAC, BIM agus eagraíochtaí eile a bhíonn rannpháirteach i reáchtáil an ionaid.

 

Spriocghrúpa / Cáilitheacht:

  • Spriocghrúpa: Aosaigh dhífhostaithe os cionn 21 bliain atá ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh le níos mó ná 6 mhí.
  • Ã?ocaíochtaí ar chóimhéid le do Shochar Leasa Sóisialaigh móide liúntas �31.80 sa chás go bhfuil tú níos mó ná 312 lá ar Chúnamh Dífhostaíochta, Sochar Dífhostaíochta, Liúntas Sochar Míchumais nó Liúntas Tuismitheoir Aonair.

 

Cé mhéad a chosnaíonn sé?

Tá cúrsaí VTOS saor in aisce mar cuireann Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe iad ar fáil don Roinn Oideachais & Eolaíochta.

 

Acmhainní & Saineolas atá ar Fáil:

  • Acmhainní & Saineolas atá ar Fáil: Saoráidí ríomhaireachta suas chun dáta, seomraí ranga.
  • Foireann múinteoireachta ardcháilithe, ar a n-áirítear teagascóirí litearthachta cáilithe.
  • Comhairleoir Treorach ar fáil do chách.

Eagraítear ranganna féinmhaoinithe ar bhonn éilimh
Déanann FETAC (Leibhéil 3-5), E.C.D.L., & City & Guilds cláir a mheasúnú
Tá an tIonad ceangailte le Seirbhís Litearthachta d'Aosaigh Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe.

 

Amanna / Míonna ar fáil:

9.30-4.00 (Luan-Aoine), Meán Fómh.-Meitheamh (san áireamh)

 

Tabhair ar aird:
Déanfar freastal ar aon ghrúpa eile (i.e. an gnáthphobal) a léiríonn suim i ranganna i gcláir ailtéarnacha.

 

barr an leathanaigh