Scoileanna & Coláistí - Gairmscoil Chilleáin Naofa, an Cnoc Breac

 
Gairmscoil Chilleáin Naofa, an Cnoc Breac, Gaillimh Gairmscoil Chilleáin Naofa, an Cnoc Breac, Gaillimh Gairmscoil Chilleáin Naofa, an Cnoc Breac, Gaillimh
 

 

Sonraí teagmhála

 

Príomhoide:

Seoladh:

 

 

Pádraig Kelly

Gairmscoil Chilleáin Naofa,
An Cnoc Breac
Co. na Gaillimhe

Guthán:

Facs:

Ríomhphost:

Gréasán:

090 9675811

090 9675773

 

 

Stair ghairid/ Cúlra

D'oscail Gairmscoil Chilleáin Naofa do scoláirí an 6 Eanáir 1952 agus ar dtús bhí 46 dalta cláraithe inti: 50% buachaillí agus 50% cailíní. Bhí ceathrar múinteoirí inti san iomlán. Bhí trí sheomra ranga agus oifig sa scoil nuair a osclaíodh ar dtús í agus ba é an tUas Seán Moylan, an tAire Oideachais, a d'oscail go hoifigiúil í i mí Feabhra 1952. Sna blianta tosaigh, chuir Gairmscoil Chilleáin Naofa cúrsa dhá bhliain ar fáil a raibh an Grúptheastas mar sprioc (níor chuir gairmscoileanna Meánteistiméireacht ná Ardteist ar fáil go dtí 1966).
Ba é eiteas na scoile freastal ar an bpobal tuaithe agus a luachanna traidisiúnta a chaomhnú agus cabhrú le neartú an gheilleagair chun go mbeadh an tuath in ann tacú leis na daoine agus "Teitheadh ón Talamh" a laghdú. Mar sin, ba iad na hábhair ba mhó a rinneadh ná iad siúd a d'fhéadfadh an fhealsúnacht sin a chothú agus a chur chun cinn - Eolaíocht Tuaithe, Adhmadóireacht agus Liníocht Mheicniúil, Clóscríbhneoireacht agus Gearrscríbhneoireacht, Cócaireacht agus Obair Shnáthaide. Bhí Gaeilge, Béarla, Matamaitic, Uimhríocht Tráchtála, Stair, Tíreolaíocht agus Teagasc Reiligiúnach ann chomh maith. Ní raibh iompar saor in aisce ann ag an am agus tháinig formhór na ndaltaí, lena n-áirítear comhaltaí foirne, ar rothar. Chaith an Príomhoide a bhí ann, an tUas Seán O Regan, cuid mhaith den am ag taisteal go sráidbhailte agus an tuath máguaird ag earcú daltaí don scoil nua agus ag cur daoine ar an eolas go raibh sí ann.
Tá athrú mór tagtha ó bhí na blianta luatha ann ar Ghairmscoil Chilleáin Naofa, ach fanann an t-eiteas agus an spiorad pobail céanna go hard mar thosaíochtaí dúinn. Anois, tá 250 dalta againn agus foireann de 26 - daonra mór daltaí é sin. Tá ábhair cosúil le Fraincis, Ealaíon, Innealtóireacht, Ceol, CSPE, SPHE agus Staidéar Ríomhaireachta mar chuid mhór de chlár ama na scoile. Bíonn an scoil an-ghnóthach gach bliain, mar shampla, seachas ullmhúcháin do scrúduithe, le linn na bliana téimid ar thurais chuig an téatar agus go gailearaithe ealaíne, glacaimid páirt i ngníomhaíochtaí spóirt agus ceoldrámaí agus ceolchoirmeacha.

I nDeireadh Fómhair 2001, rinne an scoil comóradh 50 bliain a cheiliúradh. Bhí deis ag iardhaltaí turas a thabhairt siar bóithirín na smaointe. Chun an ócáid speisialta seo a chomóradh, cuireadh suas ar fhaiche tosaigh na scoile.

 

 

Bord Bainistíochta

2004-2009

 

ar ais go dtí an barr

 

Pearsanra/Foireann na Scoile

Príomhoide:

Príomhoidí Cúnta: 

Múinteoirí:

 

Pádraig Kelly

Dolores Coffey
Padraig Kelly

Joe Lahart,
Melissa Flanagan,
Sinéad Dunne,
Anthony Byrne,
Tony Connolly,
Derek Conroy,
Dympna Mannion,
Edel Burke,
Una Stevens,
Michelle Ward

Leas-Phríomhoide:

Múinteoirí Dualgais Speisialta:

 

Rúnaí na Scoile

Foireann Chúntach:

Iggy Clarke

Mary Seagrave
Mary O’Shea
Marian Cooley

Dympna Mulkerins

Michael Kenny
John Skehill

 

 

 

�bhair ar Fáil

AN TEASTAS SÓISEARACH

AN ARDTEISTIMÉIREACHT

Gaeilge
Béarla
Fraincis
Matamaitic
Eolaíocht
Staidéar Ríomhaireachta
Staidéar Gnó
Staidéar Reiligiúnach
C.S.P.E.
Stair
Eacnamaíocht Bhaile
Teicneolaíocht �bhar (Adhmad)
Teicneolaíocht �bhar (Miotal)
Grafaic Theicniúil
Ealaín
Ceol

Gaeilge
Béarla
Fraincis
Matamaitic
Staidéar Ríomhaireachta
Bitheolaíocht
Eolaíocht Talmhaíochta
Fisic agus Ceimic

Cuntasaíocht
Eagrú Gnó

Staidéar Reiligiúnach
Eacnamaíocht Bhaile Shóisialta & Eolaíochta

Staidéar Foirgníochta
Líníocht Theicniúil

Ealaín
Ceol

 

ar ais go dtí an barr

 

Uimhreacha Rollaithe

 

 

Roghanna Iar-ardteistiméireachta

Gliogáil anseo chun liosta na gcúrsaí atá ar fáil a fheiceáil >

 

 

Gaisce Spóirt

 

 

Éachtaí Daltaí

Freastalaíonn Coláiste Chilleáin Naofa ar go leor spóirt dhifriúla lena n-áirítear Iománaíocht, Peil Ghaelach, Camógaíocht, Cispheil, Lúthchleasaíocht, Badmantan, Leadóg Boird. Éiríonn go maith linn san iománaíocht agus sa pheil ag leibhéal Sóisearach agus Sinsearach agus tá roinnt Craobh Contae Sinsearach buaite againn. Tá Corn Uí Riain buaite cúpla uair ag ár bhfoirne Sinsearacha Iománaíochta agus bhuamar Craobh na hÉireann in 2004.

Cispheil:

Glacann cailíní páirt sna Sraitheanna Idirscoileanna i gCispheil. Anois, cuirimid foirne isteach ag Leibhéil Mionúir, Sóisearacha, Cadette agus Sinsearacha. D'éirigh go maith linn ag Leibhéil Réigiún an Iarthair agus ghlac ár bhfoireann Shinsearach páirt ag Leibhéal Uile-Éireann.

Camógaíocht:

Glacann cailíní páirt sna Sraitheanna Idirscoileanna i gCamógaíocht. Cuirtear foirne isteach ag Leibhéal Sóisearach agus Sinsearach. D'éirigh go maith linn ag Leibhéal Chonnacht.

ar ais go dtí an barr

 

Nuacht le Gairid

Le blianta beaga anuas, tá cáil ar Choláiste Chilleáin, cáil atá tuillte go maith aige, mar choláiste leis na hardáiseanna teagaisc is fearr maidir le Teangacha, Matamaitic, Eolaíocht, Ceol, Eacnamaíocht Bhaile, Ealaín, Innealtóireacht, Grafaic Theicniúil agus Staidéar Ríomhaireachta. Rinneadh athchóiriú iomlán ar an seomra Ríomhairí inar cuireadh an teicneolaíocht is déanaí. Ceannaíodh ríomhairí nua agus rinneadh líonrú orthu. Ceannaíodh agus suiteáladh na bogearraí is déanaí, rud a ligeann do scoláirí leas a bhaint as na feidhmchláir is fearr. Is cúis áthais dúinn go bhfuil staidéar ríomhaireachta ar chlár ama gach soláire sa scoil. Tá teilgeoir ilmheán ar crochadh ón tsíleáil, rud a chabhraíonn leis an bpróiseas taispeána.

 

Beartais

 

Ráiteas Misin

I gColáiste Chilleáin Naofa, tá sé mar aidhm againn cur chomh mór agus is féidir le cumas gach scoláire i dtimpeallacht foghlama ina ndéantar cothroime, tuiscint, rath agus smacht a chomhlíonadh.

 

Beartas Iontrála

Tá Beartas Iontrála dréachtaithe ag an scoil, rud a fhorálann d'inrochtaineacht iomlán ag gach scoláire. Ní chaithfear go mífhabhrach le scoláire mar gheall ar mhíchumas ginearálta nó sain-mhíchumas foghlama.

 

Cód Iompair / Cód Smachta

  • Chun tuiscint ar fhreagracht agus meas ar ord a fhorbairt i ndaltaí.
  • Meas a chothú i ndaltaí agus tuiscint ar dhaoine eile.
  • Chun oiliúint a chur ar dhaltaí don saol i ndiaidh na scoile.
  • Chun timpeallacht foghlama atá slán agus oiriúnach a chruthú

 

Beartas Obair Baile

Ní mór d'obair baile a bheith déanta go coinsiasach agus go néata
Caithfidh dialann obair baile a bheith ag gach scoláire agus caithfidh sé/sí a c(h)uid obair baile a chur isteach gach lá
Caithfidh na leabhair agus an trealamh cuí a bhaineann le gach ábhar a bheith ag gach scoláire sa rang.
Ní ghlacfar le cur isteach ar rang
Déanfaidh múinteoirí ranga monatóireacht ar dhialanna obair baile.

 

Féilire Scoile

2008-2009


Deireadh Fómhair 2008 lár téarma 27 - 31 Deireadh Fómhair 2008 san áireamh
Nollaig 2008 24 Nollaig 2008 - 6 Eanáir 2009. Osclóidh na scoileanna ar fad an 7 Eanáir 2009.
Lár téarma Feabhra 2009 Sos lár téarma 2009 - Dúnfaidh Iar-bhunscoileanna ón 16 go 20 Feabhra 2009 san áireamh.
Lá le Phádraig Dé Máirt, 17 Márta 2009
Cáisc 2009 6 - 19 Aibreán 2009. Osclóidh na scoileanna ar fad an 20 Aibreán 2009.
Lá Saoire Bainc Dé Luain, 4 Bealtaine 2009
Lá Saoire Bainc Dé Luain, 1 Meitheamh 2009
Dáta tosaithe scrúduithe an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta Dé Céadaoin, 3 Meitheamh 2009

ar ais go dtí an barr

 

Leabharliosta

Tá scéim leabhar ar cíos i bhfeidhm sa scoil. Is coigilt mhór í sin do thuismitheoirí. Tá na leabhair ceannaithe ag an scoil agus ansin ligthe ar cíos leis na scoláirí. �ocann na scoláirí táille ainmniúil gach bliain dá leabhair. Ní chaithfidh tuismitheoirí ná scoláirí a bhfuil cártaí leighis acu táillí an Teastais Shóisearaigh ná táillí na hArdteisteiméireachta a íoc.

 

Cur síos ar an Éide Scoile

Tá sé éigeantach go gcaitheann na buachaillí agus na cailíní an éide scoile.
Buachaillí: Brístí dúghorma, Geansaí Muineál Cruinn Dúghorm ar a bhfuil an suaitheantas scoile agus léine stríocach.
Cailíní: Sciorta nó brístí dúghorma, Geansaí Muineál Cruinn Dúghorm ar a bhfuil an suaitheantas scoile agus léine stríocach.

 

barr an leathanaigh