Cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta - Gairmscoil an Chnoic Bhric (Gaillimh Thoir)

 
Gairmscoil Chilleáin Naofa, an Cnoc Breac, Gaillimh Gairmscoil Chilleáin Naofa, an Cnoc Breac, Gaillimh Gairmscoil Chilleáin Naofa, an Cnoc Breac, Gaillimh
 

 

Sonraí teagmhála

 

Príomhoide:

Comhordaitheoir PLC:

Seoladh:

 

 

Pádraig Kelly

 

Gairmscoil Chilleáin Naofa,
An Cnoc Breac
Co. na Gaillimhe

Guthán:

Facs:

Ríomhphost:

Gréasán:

090 9675811

090 9675773

 

Bhíomar i gcónaí an-mhórtasach as chomh maith agus a d'éirigh leis na mic léinn a rinne an Cúrsa Gnó agus Rúnaíochta sa scoil seo. Rinneamar iarracht i gcónaí coinneáil leis na hathruithe i saol na hoibre agus a chinntiú go mbeidh an t-eolas agus na scileanna riachtanacha le fostaíocht a ghlacadh ina lán réimsí éagsúla ag rannpháirtithe an chúrsa. Ar chuid de na háiteanna ina bhfuair siad fostaíocht, bhí Bord Sláinte an Iarthair, oifigí Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe, oifigí dlíodóirí agus na Comhairle Contae.
Bímid an-sásta i gcónaí nuair a fheicimid mic léinn Ardteistiméireachta na scoile ag filleadh leis an gcúrsa seo a dhéanamh. Glacann cuid díobh le fostaíocht díreach i ndiaidh dóibh an cúrsa a chríochnú ach níl ann do roinnt eile acu ach céim chun breisoideachais. Sa bhliain 2000 a chláraigh scoláirí lánaibí don chúrsa seo den chéad uair. Bhí an t-aiseolas an-dearfach mar aontaíonn gach duine go bhfuil na modúil a roghnaíodh ábhartha agus praiticiúil do shaol oibre an lae inniu. Cabhraíonn an modúl Taithí Oibrí, ach go háirithe, leo filleadh ar thimpeallacht oifige de réir a chéile mar caithfidh rannpháirtithe méid shonraithe uaireanta oibre a dhéanamh in oifig dá eogha féin chun gradam a fháil don mhodúl seo. Cuirtear an-bhéim ar Scileanna Ríomhaireachta, a bhíonn riachtanach in oifig nua-aimseartha an lae inniu. Cuirtear oiliúint ar rannpháirtithe chomh maith maidir le Curriculum Vitae a ullmhú, réiteach le haghaidh agallaimh agus scileanna maithe cumarsáide a fhorbairt. Ar ndóigh tá gné shóisialta ag baint leis chomh maith agus deis ann bualadh le daoine nua.
Ocht modúl a bhíonn sa chúrsa le haghaidh cáilíocht Leibhéal 2 ó FETAC (Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna) a bhaint amach agus tá an-mheas ag fostóirí ar fud na hÉireann ar an bhforas dámhachtana sin.
Cuirimid an cúrsa ar fáil chomh maith i rith an lae agus go dtí seo, tá a gcáilíochtaí faighte ag dhá ghrúpa mic léinn lánaibí ó ECDL Éire. Ullmhaíonn an cúrsa seo iarratasóirí sa 7 réimse ríomhaireachta is tábhachtaí. Tá éileamh níos mó air le blianta beaga anuas agus tá sé anois ar cheann de na cáilíochtaí ríomhaireachta is fearr le fostóirí in Éirinn.

Déantar na sa scoil a uasghrádú gach bliain lena chinntiú go mbeimid cothrom le dáta leis na forbairtí is deireanaí i réimse uile na Teicneolaíocht Faisnéise.

 

Cúrsaí

 

 

Teicneolaíocht Faisnéise / Scileanna Ríomhaireachta

Is aidhm don chúrsa seo scileanna Gnó agus IT a bheidh áisiúil i bpoist éagsúla agus i riarachán gnó a chur ar fáil don mhac léinn.
Scileanna maithe ríomhaireachta a bhaint amach príomhfhócas an chúrsa.
Tá rochtain ag gach mac léinn ar ríomhairí den scoth, dála a mbeadh fáil orthu san ionad oibre.

�bhar an Chúrsa:

  • Próiseáil Focal
  • Leabharchoinneáil
  • Cuntais Ríomhairithe
  • Nósanna Imeachta Oifige
  • Modhanna Scarbhileoige
  • Próiseáil Focal
  • Cumarsáid
  • Feidhmiúchán Ríomhaire
  • Bunachar a Iontráil
  • Scileanna na Teicneolaíochta Faisnéise
  • Idirlíon / Ríomhphost
  • Bunachar
  • Taithí Oibre

 

Fad: Bliain amháin

  • Bliain amháin a mhaireann na cúrsaí (ó Mheán Fómhair - Bealtaine) agus bíonn siad ar fáil saor in aisce.
  • D'fhéadfadh go mbeadh Deontais Iar-Ardteistiméireachta ar fáil.

 

Oiriúnach le haghaidh

  • Daoine ar mian leo leanúint lena gcuid oideachais nó Filleadh ar an Oideachas (Comh. Contae)/lucht saothair tar éis roinnt blianta.
  • Daoine ar mian leo rochtain a fháil ar oideachas tríú leibhéal trí Cháilíocht FETAC.
  • Daoine ar mian leo scileanna nua a fhorbairt.

 

Deontais Chothaithe

D'fhéadfadh go mbeadh iarratasóirí ar chúrsaí PLC i dteideal deontas cothaithe faoi réir na gnáth-thástála acmhainne. Téigh i dteagmháil le do Choiste Gairmoideachais áitiúil más mian leat iarratas a dhéanamh ar dheontas cothaithe. (Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe - 091-874260)

 

Measúnú agus Teisteasú:

Ullmhaítear na mic léinn do riachtanais mheasúnaithe agus teisteasaithe leibhéal 5 FETAC (Roinn Oideachais & Eolaíochta)

 

barr an leathanaigh