Scoileanna agus Coláistí - Coláiste Ard-Easpag Mac Héil

  Scoileanna agus Coláistí atá faoi choimirce Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe
 

 

Sonraí teagmhála

 

Príomhoide:

Seoladh:

 

Eileen Delaney

Coláiste Ard-Easpag Mac Héil,
Tuaim,
Contae na Gaillimhe

Guthán:

Facs:

Ríomhphost:

093-24237

093-26570

 

 

Stair Achomhair/Cúlra na Scoile

Bunaíodh Gairmscoil Thuama i 1938 mar scoil chomhoideachais le hoideachas agus oiliúint a chur ar dhaltaí in ábhair phraiticiúla agus i gcroí-ábhair na Matamaitice, an Bhéarla agus na Gaeilge. San am sin, dhéanadh daltaí na Scrúduithe Grúptheastais. Ceann de na tréithe ar leith atá ag an scoil ná an ceangal atá aici leis an bpobal áitiúil. Cuireadh ranganna oíche ar bun inti agus gan í ar an saol ach tamall gearr. D'fhág na cúrsaí sin go raibh deis ag muintir na háite cur lena gcuid scileanna san ionad oibre agus a gcuid deiseanna fostaíochta agus ardú céime a fheabhsú. Nuair a tugadh isteach 'Saoroideachas don Uile Dhuine' sna seascaidí, ghlac Gairmscoil Thuama ról eile. Aithnítear í mar cheann de na chéad Ghairmscoileanna sa tír inar tugadh isteach na Scrúduithe Meánteistiméireachta agus Ardteistiméireachta. Ó tháinig sí ar an saol, tá ardchaighdeáin smachta sa scoil agus gaisce acadúil dá bharr.
Tá nasc luachmhar ag an scoil go fóill le gnónna agus tionscail na dúiche. Is iontach an t-ullmhú a chuirtear ar gach dalta dá cuid i gcomhair shaol na hoibre. Ar na bealaí oideachais dul chun cinn atá ann, áirítear Ardoideachas, Cúrsaí Príntíseachta nó Cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta.
Tá Gairmscoil Thuama tar éis dul i ngleic le ré na Teicneolaíochta agus na Foghlama Ar Feadh an tSaoil. Is solúbtha iad na roghanna atá ag daltaí ann i leith na gcúrsaí. Tá seo amhlaidh le hiad a spreagadh fanacht ar scoil go mbeidh siad ocht mbliana déag d'aois. Tar éis dóibh an Teastas Sóisearach a chur díobh, is féidir leo tabhairt faoin Ardteistiméireacht Bhunaithe nó faoin Ardteistiméireacht Fheidhmeach, más maith leo. Tá Cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta ar fáil chomh maith. Is é a rogha féin é. Maille leis na croí-ábhair, an Mhatamaitic, an Béarla, an Ghaeilge agus an Eolaíocht, féadfaidh daltaí piocadh ón réimse leathan ábhar seo a leanas: Teicneolaíocht �bhar, Adhmadóireacht nó Miotalóireacht, Ealaín, Eacnamaíocht Bhaile, Staidéar Gnó agus Graific Theicniúil. Tá deis ag gach uile dhalta an Ceadúnas Eorpach Tiomána Ríomhairí [ECDL] a bhaint amach le linn dóibh a bheith ar scoil. Ní bheidh deireadh le tóraíocht an eolais go brách. Ní dhéanaimid dearmad ar luachanna traidisiúnta, áfach. Múinimid dár daltaí a bheith freagrach astu féin trí chláir éagsúla mar atá Oideachas Reiligiúnach, Spórt, OSSP agus Oideachas Sláinte. Bímid ag súil le hardchaighdeáin ónár gcuid daltaí i dtaca le smacht pearsanta agus féinmheas, tréithe a n-eascraíonn macántacht, ionracas agus iontaofacht astu.

Tá fás agus forbairt tagtha ar Ghairmscoil Thuama in imeacht na mblianta agus tá sí ar fheabhas an tsaoil mar scoil. Freastalaítear ar gach cineál dalta inti.

 

 

An Bord Bainistíochta

2004-2009

 

 

barr an leathanaigh

 

 

Pearsanra/Comhaltaí Foirne

Príomhoide: Eileen Delaney Leas-Phríomhoide:  

 

Ã?bhair a thairgtear

 

 

Líon na nDaltaí atá Rollaithe

 

 

Roghanna Iar-Ardteistiméireachta

Gliogáil anseo le haghaigh tuilleadh eolais faoi na cúrsaí PLC seo againn »

 

 

Éachtaí Spóirt

 

 

Éacht na nDaltaí

 

 

An Nuacht is Déanaí

 

 

barr an leathanaigh

 

Beartais

 

 

Ráiteas misin

 

 

Beartas Iontrála

 

 

Cód Iompair/Cód Smachta

 

 

Beartas Obair Bhaile

 

 

 

An Scoilbhliain:

2008-2009


Deireadh Fómhair 2008, briseadh lár téarma 27 - 31 Deireadh Fómhair 2008, go huile
Nollaig 2008 24 Nollaig 2008 - 6 Eanáir 2009. Osclófar arís iad an 7 Eanáir 2009.
Feabhra 2009, briseadh lár téarma Feabhra 2009, briseadh lár téarma - Dúnfar scoileanna iar-bhunscoile ón 16 lá go dtí an 20 lá Feabhra 2009, go huile.
Lá le Phádraig 2009 Dé Máirt, 17 Márta 2009
Cáisc 2009 6 - 19 Aibreán 2009. Osclófar arís iad an 20 Aibreán 2009.
Lá Saoire Bainc Dé Luain, 4 Bealtaine 2009
Lá Saoire Bainc Dé Luain, 1 Bealtaine 2009
An Ardteistiméireacht agus an Teastas Sóisearach Dé Céadaoin, 3 Meitheamh 2009

 

barr an leathanaigh

 

Leabharliosta

 

 

Cur Síos ar an Éide Scoile

 

 

barr an leathanaigh