Cúrsaí PLC - Gairmscoil agus Coláiste Breisoideachais Naomh Iarfhlaith (Gaillimh Thoir)

 
Gairmscoil Naomh Iarfhlaith, An Creagán, Béal Átha na Sluaighe Gairmscoil Naomh Iarfhlaith, An Creagán, Béal Átha na Sluaighe Gairmscoil Naomh Iarfhlaith, An Creagán, Béal Átha na Sluaighe

 

 

 

Sonraí teagmhála

 

Príomhoide:

Comhordaitheoir PLC:

Seoladh:

Mattie Kilroy

 

Gairmscoil agus Coláiste Breisoideachais
Naomh Iarfhlaith,
An Creagán, Béal Átha na Sluaighe,
Co. na Gaillimhe

Guthán:

Facs:

Ríomhphost:

Gréasán:

090-9679231

090-9679770

mattiekilroy@oceanfree.net

www.stjarlaths.com

   
 

Tá Gairmscoil Naomh Iarfhlaith, An Creagán, ag cur oideachais ar fáil i réimse Oideachas Dara Leibhéal agus Oideachas d'Aosaigh ó 1932. Is é ráiteas misin na scoile scoláirí a spreagadh a gcumas iomlán a bhaint amach i dtimpeallacht chomhbhách, foghlama. Tá na Cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (PLC) a thairgtear ag an scoil seo ceaptha chun cabhrú le scoláirí scileanna a fháil agus cur lena gcumas fostaíochta.

Is iad seo na cúrsaí atá á dtairiscint; Cúntóir Cúram Leanaí/Seomra Ranga, Cúntóir Tacaíocht Cúram Sláinte/Seomra Ranga agus Teicneolaíocht Faisnéise/ECDL iad na cúrsaí a mholtar go hard.
Glacaim an deis seo chun cuireadh a thabhairt do gach duine a bhfuil suim acu sna cúrsaí a thairgtear cuairt a thabhairt ar an scoil chun labhairt leis an gComhordaitheoir PLC Maire Mannion nó an Príomhoide Mattie Kilroy le haghaidh a tuilleadh eolais ar na cúrsaí. Tá foireann thiomanta a bhfuil go leor taithí acu ag súil leis an bhfiontar PLC seo agus cuirfidh siad oiliúint phraiticiúil, aire agus treoir aonair ar fáil.

 

Cúrsaí

  • Staidéar Cúram Leanaí le Cúntóir Seomra Ranga
    DÁMHACHTAINÍ
    FETAC Leibhéal 2 Cúram Leanaí,
    OCR Teastas Leibhéal 2 i múinteoireacht agus foghlaim a thacú.

  • Teicneolaíocht Faisnéise ar a n-áirítear ECDL
    DÁMHACHTAINÍ
    FETAC Leibhéal 2  Teicneolaíocht Faisnéise,
    ECDL.

  • Oiliúint Tacaíocht Cúram Slainte agus Cúntóir Seomra Ranga
    DÁMHACHTAINÍ
    FETAC Leibhéal 2 Tacaíocht Cúram Sláinte,
    OCR Teastas Leibhéal 2 i dTacaíocht Múinteoireachta agus Foghlama.

  • Comhcheangal Ardteisteiméireachta/PLC
    An deis Ábhar Ardteisteiméireachta a Athdhéanamh i gcomhar le cúrsa PLC.  

 

 

Staidéar Cúram Leanaí le Cúntóir Seomra Ranga

Ceaptar an cúrsa do dhaoine a bhfuil spéis acu a bheith ag obair le leanaí óga ar go leor bealaí, lena n-áirítear sa naíolann, sa créche agus sa scoil.   Fostaíonn go leor scoileanna cúntóir seomra ranga anois agus tar éis don chúrsa a bheith críochnaithe ag scoláirí, beidh siad cáilithe glacadh le post mar sin.

Ábhar an Chúrsa:

  • Cúram do leanaí
  • Forbairt Leanaí
  • Foghlaim Luath-Óige
  • Ag obair i gCúram Leanaí
  • Ag déanamh cúraim do leanaí le Riachtanais Speisialta
  • An tIdirlíon
  • Scileanna Ríomhaireachta - Próiseáil Focal, Scarbhileog, Bunachar Sonraí
  • Cumarsáid
  • Taithí Oibre

 

Fad: Bliain amháin

  • Bliain amháin a mhaireann na cúrsaí (ó Mheán Fómhair - Bealtaine) agus bíonn siad ar fáil saor in aisce.
  • D'fhéadfadh go mbeadh Deontais Iar-Ardteistiméireachta ar fáil.

 

Oiriúnach le haghaidh

  • Daoine ar mian leo leanúint lena gcuid oideachais nó Filleadh ar an Oideachas (Comh. Contae)/lucht saothair tar éis roinnt blianta.
  • Daoine ar mian leo rochtain a fháil ar oideachas tríú leibhéal trí Cháilíocht FETAC.
  • Daoine ar mian leo scileanna nua a fhorbairt.

 

Léargas ar an tSeirbhís / Cláir agus Teastais a Thairgtear:

Ar a n-áirítear na ranganna uile atá ar fáil i.e. Ranganna Oíche, PLC, B.T.E.I., Litearthacht, etc.
Scoil Lae, PLC agus Oideachas d'Aosaigh.

 

Spriocghrúpa:

Scoláirí Lae, Scoláirí Aibí

 

Acmhainní & Saineolas atá ar Fáil:

Tá áiseanna iontacha nua-aimseartha mar aon le foireann thiomanta ag an scoil.

 

Amanna / Míonna ar fáil:

Meán Fómhair i gcomhair Scoláirí PLC agus Scoláirí Lae agus Eanáir i gcomhair Oideachas d'Aosaigh.  Is féidir aird a thabhairt ar ranganna a éilítear in aon ábhar maidir le hOideachas d'Aosaigh ag aon am.

 

Deontais Cothaithe

D'fhéadfadh go mbeadh iarratasóirí ar chúrsaí PLC i dteideal deontas cothaithe faoi réir na gnáth-thástála acmhainne. Téigh i dteagmháil le do Choiste Gairmoideachais áitiúil más mian leat iarratas a dhéanamh ar dheontas cothaithe. (Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe - 091-874260)

 

Measúnú agus Teisteasú:

Ullmhaítear na mic léinn do riachtanais measúnaithe agus teisteasaithe leibhéal 5 FETAC (Roinn Oideachais & Eolaíochta)

 

barr an leathanaigh