Ógtheagmháil

  Ceantair Ógtheagmhála i gContae na Gaillimhe
 

Critéir Incháilitheachta

Ógtheagmháil na Gaillimhe
  • Sa chlár seo, dírítear ar dhaoine óga nach bhfuil aon cháilíochtaí acu a d'fhág an scoil go luath, go príomha iad siúd atá 15-20 bliain d'aois.
  • Cuirtear oilúint ar chomhaltaí foirne a bhíonn ag obair leis na daoine óga seo.

 

Cuspóirí

  • Forbairt phearsanta agus shóisialta agus féinmheas méadaithe.
  • Oideachas athdheise agus oiliúint bhunléibhéil.
  • Neamhspleáchas, féinriar pearsanta agus patrún foghlama saoil a chur chun cinn.
  • Lánpháirtiú isteach i mbreisoideachas agus i ndeiseanna oiliúna agus sa mhargadh saothair.
  • Cuimsiú Sóisialta

 

Bunghnéithe an Chúrsa

  • Forbairt Phearsanta agus Shóisialta
  • Scileanna Gairme
  • Scileanna Cumarsáide

Tá an clár Bonnchéimeanna curtha i dtoll a chéile mar mhaitrís churaclaim, áit a mbaintear leas as na gnéithe sin in éineacht. Is é an cur chuige seo a úsáidtear sa teastas atá á thairiscint ag FETAC.

 

Modhanna

Clár oideachais, oiliúna, idir-dhisciplíneach é ÓGTHEAGMH�IL. Tá sé dírithe ar fhoghlaimeoirí agus bunaithe ar thaithí. Tá béim láidir ann ar éacht agus ar fhorbairt chumas a rannpháirtithe. Cuirtear chun cinn tuiscint an rannpháirtí ar a chuid féinúrraime agus féiniúlachta féin, chomh maith le mórtas as a c(h)uid cumais agus oibre. Foghlaim chomhtháthaite atá ann. Baintear leas as scileanna pearsanta, cumarsáide agus gairme i maitrís churaclaim bunaithe ar thaithí.

 

Caighdeáin Dea-Chleachtais

Más fíor d'fhoireann ÓGTHEAGMH�IL, is iad na cúinsí is mó a n-éiríonn leo duine óg a chur ó fhágáil na scoile go luath ná na cinn seo a leanas:

  1. Nuair a bhítear dírithe ar fhorbairt iomlánaíoch an duine:
  2. Nuair a bhíonn timpeallacht foghlama ann atá sábháilte, struchtúrtha agus dúshlánach - ní mór díriú ar an neamhspleáchas agus an comhtháthú sna cláir seo;
  3. Nuair a bhíonn próiseas ann atá dírithe ar na rannpháirtithe agus múnlaithe ag na rannpháirtithe - ba cheart go mbeadh aiseolas oscailte macánta ann idir an múinteoir oiliúna agus na rannpháirithe;
  4. Nuair a bhíonn cur chuige foirne ann. Is iad na cláir is éifeachtaí ná na cinn a eagraítear ar bhonn maítrise curaclaim, mar a mbíonn gach múinteoir nó múinteoir oiliúna ag cur i bhfeidhm réimse leathan cuspóirí idirdhisciplíneacha curaclaim (dála forbairt scileanna cumarsáide, feasacht sláinte agus sábháilteachta, etc);
  5. Nuair a bhíonn comhaltaí foirne ann a fhéachann le freastal ar riachtanais na rannpháirithe; atá beoga agus fuinniúil mar dhaoine agus nach bhfuil faitíos orthu rudaí nua a fhoghlaim iad féin. Go hidéalach, ba cheart go mbeadh foirne in ann plé leis an iliomad disciplíní. Tugtar tús áite do chothú agus d'fhorbairt in-ghairme na gcomhaltaí foirne a bhíonn bainteach leis an gclár:
  6. Nuair a bhíonn modheolaíocht/oideolaíocht ann, áit a dtosaítear leis an duine óg;
  7. Nuair a bhíonn béim ar an iomlán ann ar éacht seachas ar theip;
  8. Nuair a bhíonn measúnú agus teastas cuí ann;
  9. Nuair a bhíonn solúbthacht ann (ar gach leibhéal; lucht bainistíochta, caidrimh, curaclam);
  10. Nuair a bhíonn fad an chláir bunaithe ar ghá seachas ar am.

Glacann foireann YOUTHREACH cur chuige creidiúna, seachas ceann teiripeach. Ní théitear chun cainte le daoine óga amhail is go bhfuil easnamh orthu. A mhalairt is fíor. Caitear leo mar a chaithfí le comhaoisí (daoine fásta). Is é an cheist is tábhachtaí ná:

  • Cad iad na láidreachtaí atá agat, dar leat féin, agus conas is féidir linn cabhrú leat iad a thabhairt chun bláthaithe?
  • Cad iad na laigí atá agat, dar leat féin, agus conas is féidir linn cabhrú leat dul i ngleic leo?

Taobh istigh den chur chuige iomlán seo, forbraítear ráiteas misin, meicníochtaí i gcomhair athbhreithniú inmheánach, agus réimse beartas agus cur chuige i ngach ionad atá feiliúnach don ghrúpa atá ann agus don timpeallacht lena n-oibríonn siad agus trína n-oibríonn siad.

 

Tá an clár ÓGTHEAGMH�IL 2000 tionscanta ag na Comhordaitheoirí Náisiúnta. Próiseas Comhairliúcháin atá ann agus tá cuireadh tugtha acu do gach duine atá bainteach leis an gclár a theacht le chéile agus múnlú an chláir amach anseo a phlé.

 

barr an leathanaigh