| |
Tá tú anseo: Baile > Ár Seirbhísí > Ógtheagmháíl > Bhéal Átha na Sluaighe |
| |
Ógtheagmháil Béal Átha na Sluaighe |
| |

An Comhairleoir Jarlath McDonagh Stephanie Leahy,
Eithne Nic Dhonnachadha, A.E.O. Seán Canny, Méara Chontae na Gaillimhe |
 Líne thosaigh: Teagascóir Sheila Fenton, Teagascóir Ignatius Broder, Stephanie Leahy,
Méara Chontae na Gaillimhe Seán Canny, An Comhairleoir Jarlath McDonagh, Eithne Nic Dhonnachadha A.E.O. Líne Chúil: Teagascóir Michael Cunniffe, Mac léinn Terry Hutchinson, Teagascóir Philip Leahy, Mac léinn Tracy Connolly, Fear Acmhainne Bill Day, Mac léinn Erin Geraghty, Mac léinn Mark Hutchinson, Teagascóir Brendan Grealy, Mac léinn Gary Rutledge, Rita Spencer Aoi, Rosemary Morin |
 Terry Hutchinson, Tracy Connolly, Gary Rutledge, Erin Geraghty agus Mark Hutchinson | |
| |
|
| |
|
Teagmháil:
Seoladh: |
Bill Day
Stiúrthóir
Ionad Ógtheagmháil Cullen's Yard Béal Átha na Sluaighe Co. na Gaillimhe |
Guthán:
Facs:
Ríomhphost:
Foireann: |
090 - 96 42158
090 - 96 43928
ballinasloeyr@eircom.net
10 Comhalta Foirne |
| |
| |
Struchtúr Foirne:
- Beirt mhúinteoirí lánaimseartha
- Seachtar múinteoirí páirtaimseartha
- Comhairleoir Treorach Amháin
Ráiteas Misin
Is é beartas ár n-ionaid barr feabhais gach uile dhuine a chothú in atmaisféar sábháilte sona in áit ar mór againn meas agus féinmheas agus mar a bhfoghlaimíonn gach duine chun maireachtáil agus mar a maireann gach duine chun foghlaim.
Aidhmeanna an Chláir:
Is é is aidhm don chlár Ógtheagmháil rannpháirtithe a chumasú lena gcuid riachtanas sonrach pearsanta agus foghlama féin a aithint agus aghaidh a thabhairt orthu go dearfach.
Cuspóirí an Chláir:
- Forbairt phearsanta agus shóisialta agus féinmheas a mhéadú.
- Oideachas athdheise agus oiliúint ag an leibhéal tosaigh.
- Neamhspleáchas, féinriar pearsanta agus patrún foghlama ar feadh an tsaoil a chur chun cinn.
- Comhtháthú isteach le breisoideachas agus deiseanna oiliúna agus leis an margadh saothair.
- Teisteasú i gcoibhneas le hábaltacht agus le roghanna gairme.
- Cuimsiú Sóisialta
 A theastas á bhronnadh ar Gary Rutledge ag Méara Chontae na Gaillimhe Seán Canny |
 Terry Hutchinson le Méara Chontae na Gaillimhe Seán Canny |
 Mark Hutchinson le Méara Chontae na Gaillimhe Seán Canny |
Cur Síos ar an gCúrsa:
Tá trí leibhéal ar tairiscint:
- FETAC/NCVA Bonnleibhéal
- Teastas Sóisearach
- Ardteistiméireacht
FETAC/NCVA Bonnleibhéal
Díríonn an cúrsa seo ar cheithre lármhodúl:
- Éifeachtúlacht Phearsanta
- Cumarsáid
- Matamaitic
- Litearthacht Ríomhaireachta
- Chomh maith leis sin, ceithre mhodúl roghnacha eile as rogha leathan, ar a n-áirítear:
Adhmadóireacht, miotalóireacht, bia agus cothú, caitheamh aimsire lasmuigh, ullmhúchán don obair, díriú ar an saol oibre, ealaín agus dearadh, taithí thrasnáisiúnta agus drámaíocht.
- Gheobhaidh an mac léinn Gradam Bonnleibhéil FETAC (NCVA) nuair a chríochnaíonn sé/sí an cúrsa bliana seo go rathúil.
- Féadfaidh an mac léinn dul ar aghaidh ansin go FETAC Leibhéal 1 nó an Teastas Sóisearach.
Teastas Sóisearach
- Is aidhm don chúrsa sin oideachas leathan a chur ar fáil do mhic léinn d'fhonn staidéar breise a éascú nó fostaíocht/printíseachtaí a bhaint amach.
- Áirítear ar na hábhair a bhíonn ar fáil: Béarla, Gaeilge, Matamaitic, Eacnamaíocht Bhaile, Tíreolaíocht, Adhmadóireacht, O.S.S.P., Ealaín, Spáinnis.
Ardteistiméireacht
- Is é is aidhm don chúrsa sin mic léinn a ullmhú le bheith gníomhach sa tsochaí nó leanúint lena gcuid oideachais.
- Áirítear ar na hábhair a bhíonn ar fáil: Béarla, Gaeilge, Matamaitic, Eacnamaíocht Bhaile Sóisialta & Eolaíochta, Ealaín, Staidéar Gnó, Tíreolaíocht.
Modúil In-tí:
Cuirimid na cláir seo a leanas ar fáil chomh maith: Feasacht Drugaí, Sláinte agus Sábháilteacht, “Copping On” , Treoir agus Comhairleoireacht, Turais agus Gníomhaíochtaí, Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta agus Spórt.
Foirgneamh:
Tá ocht seomra laistigh den ionad: Seomra Adhmadóireachta, seomra Miotalóireachta, seomra Ríomhaireachta, seomra Ealaíne agus Ceardaíochta, Cistin, Leabharlann, Oifig agus seomra Foirne.
Mic Léinn
- Féadfaidh Ógtheagmháil freastal ar chúigear mac léinn fichead ag aon am amháin.
- Tá 23 mac léinn againn faoi láthair:
Seisear mac léinn ag an mBonnleibhéal, seachtar ar Chúrsa an Teastais Shóisearaigh agus ochtar ar chúrsa na hArdteistiméireachta.
Acmhainní & Saineolas atá ar Fáil:
- Oifigigh Leasa Oideachais
- Oibrithe Sóisialta
- Seirbhísí Síceolaíochta
- Oifigeach Teagmhála don Óige HSE an Iarthair
- Seirbhísí Promhaidh
- Gréasán Ógtheagmháíl an Iarthair
- Cumann Náisiúnta Ógtheagmháil
- Léargas
- Copping On
- Breaking Through
Amanna / Míonna ar fáil
- Bíonn an tIonad ar oscailt 46.5 seachtain sa bhliain.
- Luan – Aoine: 09.00a.m. – 16.30p.m.
- Bíonn an tIonad dúnta i mí Lúnasa le haghaidh laethanta saoire na bliana.
barr an leathanaigh
| |