|
|
|
| |
Tá tú anseo: Baile > Ár Seirbhísí > Ógtheagmháil > Ógtheagmháil Thuama |
| |
Ógtheagmháil Thuama |
| |
 |
| |
|
| |
| Teagmháil: |
Gerardine McDonagh |
Guthán: |
093 - 26246 |
| |
Comhordaitheoir |
Facs: |
093 - 26610 |
| |
|
|
|
| Seoladh: |
Ógtheagmháil Ionad Gnó Airglooney Airglooney Tuaim Co. na Gaillimhe |
Ríomhphost:
Foireann: |
youthreachtuam@cogalvec.ie
Ochtar comhaltaí foirne | |
| |
Léargas ar an tSeirbhís / Cláir agus Teastais a Thairgtear
Bunaíodh ÓGTHEAGMHÁIL Thuama i 1997 agus tá sé suite i dTuaisceart na Gaillimhe. Is Ionad é atá in ann freastal ar 25 duine agus ritear roinnt clár B.T.E.I. Tá sé mar aidhm ag Ógtheagmháil Thuama clár oideachais, oiliúna agus taithí oibre a chur ar fáil do dhaoine óga a bhfuil an scoil fágtha acu. Agus iad linn, déanann ár rannpháirtithe scileanna, eolas agus tuairimí a fhorbairt a bhainfidh bacainní den fhoghlaim agus a chabhróidh leo dul isteach chun na hoibre.
Is éard atá sa chlár ná Bunchéim, rud a fhorbraíonn scileanna atá riachtanach le haghaidh breisoideachais, agus Céim Dul Chun Cinn, rud a ligeann do bhreisfhorbairt trí oideachas, oiliúint agus roghanna taithí oibre. Tugtar an deis d'oiliúnaithe críoch a chur leis an Teastas FETAC Leibhéal 3, le roinnt modúl Leibhéal 4 agus leis an Ardteistiméireacht Fheidhmeach más mian leo. Tá ullmhúchán na nDámhachtainí seo bunaithe ar chlár beartaithe staidéir atá ceaptha ag teagascóirí atá tuisceanach do riachtanais foghlama na rannpháirtithe agus áirítear riachtanais a dtuairisceoirí modúil go léir ann.

Ábhair ar Fáil:
FETAC - Leibhéal 3:
- Cumarsáid
- Matamaitic
- Ealaín/Dearadh
- Litearthacht Ríomhaireachta
- Drámaíocht
- Bia & Cócaireacht
- Cumarsáid Ghrafaice
|
- Nósanna Imeachta Oifige
- Éifeachtúlacht Phearsanta
- Ullmhúchán don Obair
- Treoshuíomh Oibre
- Ceardaíocht Adhmaid
- Taithí Oibre
- Corpacmhainn na Sláinte.
|
FETAC – Leibhéal 4:
- Teicneolaíocht Faisnéise
- Modúil Cheardaíochta
|
Cuspóirí Ógtheagmhála
Ceaptar an clár chun daoine óga a éascú filleadh ar oideachas agus iad a ullmhú i gcomhair fostaíochta agus don saol aosach. Is iad seo a leanas na cuspóirí ginearálta atá leis:
- Forbairt phearsanta agus shóisialta agus féinmheas a mhéadú
- Oideachas athdheise agus oiliúint ag an leibhéal tosaigh
- Neamhspleáchas, féinriar pearsanta, saoránacht ghníomhach agus patrún foghlama ar feadh an tsaoil a chur chun cinn.
- Comhtháthú isteach le breisoideachas agus deiseanna oiliúna agus leis an margadh saothair
- Uilechuimsitheacht shóisialta a chur chun cinn.
Amanna / Míonna ar fáil
Ar feadh na bliana.
barr an leathanaigh | |