|
|
|
| |
Tá tú anseo: Baile > Ár Seirbhísí > Ógtheagmháíl > Leitir Móir |
| |
Ógtheagmháil Leitir Móir |
| |
|
| |
|
| |
|
Teagmháil:
Seoladh: |
Elesia Ní Cheannabháin
Comhordaitheoir
Teagmháil na nÓg Leitir Móir Co. na Gaillimhe
|
Guthán:
Facs:
Ríomhphost: |
091 - 551473
091 - 551160
letmoryr@eircom.net | |
| |
SuíomhTá Leitir Móir suite thart ar 32 míle siar ó Chathair na Gaillimhe i gceantar ar a dtugtar Ceantar na nOileán. Ba muide an chéad ionad Ógtheagmhála a bunaíodh sa Ghaeltacht. Is í an Ghaeilge teanga oibre an ionaid agus múintear gach ábhar trí mheán na Gaeilge.
Bunaíodh ionad Ógtheagmháil Leitir Móir i 1994. Tá an t-ionad lonnaithe i bhfoirgneamh le hÚdarás na Gaeltachta agus rinneadh athchóiriú den scoth air le déanaí. Bhí cúrsa Scileanna Óige ann roimhe. Tá 25 áit san ionad faoi láthair.
Freastalaíonn na daoine faoi oiliúint ar an ionad 35 uair a chloig sa tseachtain agus íoctar liúntas oiliúna leo. Tá áiteanna páirtaimseartha ar fáil chomh maith.
Struchtúr Foirne:
|
Comhordaitheoir
Acmhainn: |
Elesia Ní Cheannabháin
Gearóidín Uí Chualáin |
|
|
Múinteoirí: |
Fiona Uí Chonghaile Anraoi de Faoite Noel de Faoite |
Gwyneth Uí Ghaora Séamas Ó Loideáin |
Fealsúnacht an Ionaid:
- Scileanna bunúsacha an duine a fheabhsú
- Teastas náisiúnta a chur ar fáil
- A chur ar chumas duine leanúint lena (h)oideachas, áit a fháil sa lucht saothair agus forbairt go sóisialta agus go mothúnach.
- Réimse taithí an duine a leathnú
- Cuirtear béim ar fhorbairt iomlán an duine.
Measúnú agus Teisteasú:
Cuirimid modúil éagsúla FETAC ar fáil ag leibhéil 3, 4, agus 5.
- Ealaín
- Gairmthreoir
- Cúram Leanaí
- Cumarsáid
- Cócaireacht
- Innealtóireacht
- Teicneolaíocht Faisnéise
- Litearthacht
- Matamaitic
- Forbairt Phearsanta
- Líníocht Theicniúil
- Adhmadóireacht
- Taithí Oibre
Féadfar modúil a thairiscint ar iarratas má bhíonn sin riachtanach.
barr an leathanaigh | |