|
|
|
| |
Tá tú anseo: Baile > Ár Seirbhisí > Scéimeanna Litearthachta d'Aosaigh > Scéim Litearthachta Mínithe |
| |
Scéimeanna Litearthachta d'Aosaigh |
| |
 |
| |
Céard is Scéim Litearthachta Ann?
Maidir le litearthacht na n-aosach, ní mór tús áite a thabhairt do riachtanais an duine i gónaí. Bíonn éisteacht, labhairt, léamh, scríobh agus uimhearthacht le comhtháthú sa litearthacht. Áirítear ann, leis, gnéithe d'fhorbairt an duine - idir ghnéithe sóisialta, eacnamaíochta agus ghnéithe mothúchánacha - agus baineann sí le féinmheas agus féinmhuinín an duine a fheabhsú. Bíonn i bhfad níos mó i gceist leis ná scileanna teicniúla cumarsáide.
Téann scoláirí i dteagmháil leis an Oifig Litearthachta agus eagraítear cruinniú. Ón gcruinniú sin, pléifidh an scoláire agus an t-eagraí cén cineál teagaisc is fearr a d'oirfeadh an scoláire. Teagascóirí Litearthachta d'Aosaigh oilte a chuireann an teagasc ar fáil.
Éilíonn obair litearthachta cur chuige ar leith ina n-oibríonn teagascóirí agus scoláirí le chéile ar bhonn cothrom, fásta i suíomh neamhfhoirmiúil.
Eagraíonn an tEagraí Litearthachta d'Aosaigh oiliúint tosaigh agus oiliúint inseirbhíse do na teagascóirí.
Cuireann Scéimeanna Litearthachta d'Aosaigh ar fáil:
- Rogha idir teagasc aonair nó teagasc i ngrúpaí beaga.
- Curaclam bunaithe ar riachtanais agus spriocanna an fhoghlaimeora aosaigh.
- Rogha teisteasaithe.
- Teagasc leanúnach, ag brath ar riachtanais agus cuspóirí an scoláire.
- Seirbhís atá saor in aisce agus faoi rún
- Comhairle agus cúnamh maidir le bealaí chun leanúint ar aghaidh
- Seirbhís Treorach agus Comhairleoireachta saor in aisce
barr an leathanaigh |
|