|
Teagmháil:
Seoladh: |
Neasa de Bhailis
Eagraí Litearthachta d'Aosaigh
Ionad Foghlama,
Cladhnach,
An Cheathrú Rua,
Co. na Gaillimhe |
Guthán:
Facs:
Ríomhphost: |
091-506060
091-506066
ndebhailis@cogalvec.ie |
|
|
Ionad Foghlama Iarthar na Gaillimhe
- Cuireann an t-ionad seo cúnamh ar fáil do dhaoine fásta le:
- léitheoireacht
- scríbhneoireacht nó
- matamaitic bhunúsach
- Tá an t-seirbhís SAOR IN AISCE agus RÚNDA.
- Tá rogha ag foghlaimeoirí teagasc aonair a fháil nó teagasc i ngrúpaí beaga.
- Tá rogha ag foghlaimeoirí freisin teastas FETAC a bhaint amach.
Céard é Scéim Litearthachta?
Tá 125 Scéim litearthachta faoi scáth na gCoistí Gairmoideachais ar fud na tíre. Seo iad na príomh-fhoinsí teagaisc litearthachta do bhaill den phobal ar mhaith leo feabhas a chur ar a gcuid scribhneoireacht, léitheoireacht nó matamaitic bhunúsach. Tá ar a laghad Eagraí Litearthachta amháin ag gach Coiste Gairmoideachais.
Céard a dhéanann na hEagraithe litearthachta?
Déanann siad bainistiú ar an scéim. Is iad seo na daoine atá freagrach as daoine a spreagadh chun an tseirbhís a úsáid agus as teagascoirí a fháil don scéim .Buaileann na hEagraithe le scoláirí nuair a thagann siad isteach sa scéim ar dtús agus cuireann siad in aithne iad do theagascoirí feiliúnacha.
Cé hiad na teagascoirí?
Is oibrithe deonacha ón bpobal áitiúil a bhíonn mar theagascóirí go minic. Cuireann na scéimeanna áitiúla traenáil ar fáil.
Cúrsa Diantheagasc
- Cuirtear cúrsaí diantheagasc ar fáil do ghrúpaí beaga (6 nó 8 foghlaimeoirí)
- Bíonn na cúrsaí seo ar bun ar feadh 6 uair a chloig sa tseachtain thar 14 seachtain.
Clár foghlama Clainne
- Cuirtear cúrsaí ar fáil do thuismitheoirí chun cúnamh a thabhairt dóibh agus iad ag díriú ar an bhfoghlaim lena gcuid gasúir óga. (0-6 bliana d’aois).
- Filleadh ar an bhFoghlaim (Comhairle Contae/VEC) Déanann an Comhairle Contae maoiniú ar an gclár seo agus cuireann an Coiste Gairmoideachais an teagasc ar fáil d’oibrithe an Chomhairle Contae.
barr an leathanaigh
Filleadh ar an Oideachas (FÁS/VEC)
- Déanann FÁS maoiniú ar an gclár seo agus cuireann an Coiste Gairmoideachais an teagasc ar fáil d’oibrithe ar scéimeanna fostaíochta pobail.
An bhfuil aithne agat ar éinne ……….
…...ar mhaith leo cúnamh lena gcuid scileanna léitheoireachta agus scribhneoireachta agus a bhfeilfeadh an t- seirbhís
dóibh?
Labhair leo faoi na deiseanna atá ar fáil
- Cuir i gcuimhne dóibh go bhfuil ár leitheide ann.
- Inis dóibh nach bhfuil sé cosúil leis an scoil , is daoine fásta ar fad atá ann agus tugtar aitheantas agus omós don fhoghlaimeoir mar dhuine fásta . Bíonn rogha acu céard ba mhaith leo a fhoghlaim .
- Abair leo go bhfuil ós cionn 20,000 duine ag freastal ar ionaid foghlama mar seo ar fud na tíre .
- Spreag iad chun trial a bhaint as.
Tabhair an t –eolas dóibh
- Inis dóibh cén uimhir ghutháin atá againn.
- Tairg an chéad ghlaoch gutháin a dhéanamh dóibh le coinne a dhéanamh ar a son.
ACH ………………
- Mura bhfuil an duine sin ag iarradh admháil go bhfuil deacracht aige /aici
Nó
Mura dteastaíonnn uathu tada a dhéanamh faoi ag an bpointe seo ,
- Caithfidh tú meas a bheith agat ar an gcinneadh sin .
- Caithfidh na foghlaimeoirí teacht chuig an ionad go toilteanach
barr an leathanaigh |