|
Teagmháil:
Seoladh: |
Teresa Gilligan
Eagraí Litearthachta d'Aosaigh
Ceantair Mhaigh Cuilinn / Uachtar Ard / an Chlocháin Co. na Gaillimhe |
Guthán:
Facs:
Ríomhphost: |
091-555877
091-556259
tgilligan@cogalvec.ie |
 |
|
Léargas ar an tSeirbhís / Cláir agus Teastais a Thairgtear
Cuirtear teagasc ar fáil d'aosaigh ar mhaith leo léitheoireacht, scríbhneoireacht, litriú nó bunmhatamaitic a fhoghlaim nó a fheabhsú. Is féidir teagasc a shocrú i rith an lae nó an tráthnóna ar bhonn duine ar dhuine nó i ngrúpaí beaga. Tá an rogha ag foghlaimeoirí creidiúnú a fháil ó FETAC (Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna). Tá an teagasc saor in aisce.
Beidh fáil ar na cúrsaí seo ó Mheán Fómhair 2011
Bróisiúr 2011/2012 - Maigh Cuilinn
Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh i dteagmháil le:
Teresa
Teileafón: 091 555877 / 091 866912 Ríomhphost: moycullen@cogalvec.ie
Ionad Foghlama Aosach Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe
An Fuarán, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
Bróisiúr 2011/2012 - Uachtar Ard
Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh i dteagmháil le:
Úna
Teileafón: 091 866912 Ríomhphost: oughterard@cogalvec.ie
Ionad Breisoideachais Uachtar Ard
Sráid an Champa, Uachtar Ard, Co. na Gaillimhe
********************
Dianchúrsaí Teagaisc
Cuirtear Dianchúrsaí Teagaisc ar fáil do ghrúpaí beaga ina bhfuil seisear go hochtar foghlaimeoirí. Maireann na cúrsaí seo 6 huaire an chloig in aghaidh na seachtaine ar feadh 14 seachtaine. Tá an teagasc saor in aisce.
Cúrsaí Foghlama Teaghlaigh
Tá raon Cúrsaí Foghlama Teaghlaigh ar fáil ar fud cheantar na Gaillimhe Thiar. Is é príomhaidhm na gcúrsaí sin na scileanna cuí a thabhairt do thuismitheoirí chun cabhrú le forbairt a dhéanamh ar scileanna teanga agus léitheoireachta a leanaí. Cuirtear cúrsaí ar fáil, chomh maith, chun tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí cabhrú lena gcuid leanaí maidir le matamaitic bhunscoile.
Liosta na gCúrsaí Foghlama Teaghlaigh:
Scileanna Staidéar sa Bhaile (creidiúnaithe ag FETAC)
(20 uair teagaisc ar feadh 10 seachtaine)
Áirítear ar ábhair clúdaithe ag an gcúrsa seo:
- Na scileanna a fhoghlaimíonn leanaí trí shúgradh a aithint agus na scileanna sin a nascadh le hábhar a fhoghlaimítear sa scoil
- Acmhainní úsáideacha súgartha a fhiosrú
- Scileanna labhartha agus éisteachta an linbh a fhorbairt
- Cur chuige chun tacú le léitheoireacht linbh a phlé
- Modhanna áirithe a aithint chun cabhrú le litriú agus le scríbhneoireacht leanaí
- Gnáthmhatamaitic a fhiosrú mar aon le bealaí inar féidir le tuismitheoirí tacaíocht a thabhairt do mhatamaitic a leanaí.
- Foghlaim conas cabhrú le leanaí i réimse na matamaitice.
- Ceisteanna iompair agus smachta
Cúrsa Málaí scéalta
(12 uair teagaisc ar feadh 6 seachtaine)
Tá an cúrsa dírithe ar thuismitheoirí leanaí óga faoi bhun 7 mbliana d'aois. Is mála mór éadaigh é an mála scéalta ina bhfuil leabhar pictiúr do leanaí óga agus ábhair thacaíochta cosúil le bréagáin bhoga, téip nó dlúthdhiosca den scéal agus fearas a bhaineann le carachtair agus nithe sa leabhar. Is é atá i gceist leis an gcúrsa mála scéalta a dhéanamh agus fáil amach conas é a úsáid le do leanbh. Cabhróidh málaí scéalta le scileanna léitheoireachta na leanaí a fhorbairt agus a fheabhsú agus spreagfaidh sé grá don léitheoireacht a mhairfidh ar feadh an tsaoil.
Matamaitic do Thuismitheoirí Leanaí Bunscoile
(Athraíonn amanna teagaisc de réir riachtanais an ghrúpa) Tá an cúrsa rite ag Múinteoir Bunscoile oilte agus tugann sé na scileanna do thuismitheoirí cabhrú lena gcuid leanaí maidir le matamaitic bunscoile.
Gaeilge do Thuismitheoirí Leanaí Bunscoile
(Athraíonn amanna teagaisc de réir riachtanais an ghrúpa) Iarrann an cúrsa seo scileanna a thabhairt do thuismitheoirí chun cabhrú lena gcuid leanaí le Gaeilge na bunscoile. Tá Cúrsaí Foghlama Teaghlaigh saor in aisce agus ar fáil d'aosaigh nach bhfuil oideachas meánscoile críochnaithe acu nó iad siúd nach bhfuil cur amach acu ar ár gcóras oideachais.
Filleadh ar Fhoghlaim (Comhairle Contae) Clár
(Comhairle Contae/VEC)
Tá an clár maoinithe ag an gComhairle Contae agus curtha i bhfeidhm ag an VEC d'oibreoirí na Comhairle Contae le haghaidh lá amháin sa tseachtain.
Filleadh ar Oideachas (FÁS)
(Fás/ VEC)
Tá an clár maoinithe ag FÁS agus curtha i bhfeidhm ag an VEC d'oibreoirí ar scéimeanna pobail le haghaidh lá amháin sa tseachtain.
Béarla mar an Dara Teanga nó eile (ESOL)
Is féidir cúrsa i mbun-Bhéarla a chur ar fáil d'oibreoirí imirceacha.
barr an leathanaigh |