Scéimeanna Litearthachta d'Aosaigh

  Scéimeanna Litearthachta d'Aosaigh i gContae na Gaillimhe
 

Céard leis a mbítear ag súil ó theagascóir deonach?

Is cuid thábhachtach den tseirbhís litearthachta iad na teagascóirí deonacha. Tá páirt fhíorthábhachtach ag an Teagascóir Deonach maidir le tacaíocht a thabhairt do sheirbhís ar ardchaighdeán.

Ról an Teagascóra

Tacaíonn teagascóir litearthachta d'aosaigh le daoine fásta a gcuid scileanna léitheoireachta, scríbhneoireachta, litrithe agus uimhearthachta a fhorbairt le go mbeidh siad in ann spriocanna pearsanta agus/nó spriocanna oibre a bhaint amach.

Ní gá do dhuine a bheith ina mhúinteoir ná céim a bheith aige le bheith ina oibrí deonach (cé go ndéanann múinteoirí obair dheonach). Ní gá go mbeadh aon taithí sa réimse sin, óir cuireann lucht na seirbhíse litearthachta oiliúint iomlán ar fáil.

Más féidir leat léamh, scríobh agus litriú (ar ardchaighdeán), más duine thú atá go maith ag cur rudaí in iúl agus má tá ionbhá agat le daoine fásta a bhfuil deacrachtaí litearthachta acu agus tuiscint agat orthu, is féidir leat cabhrú linn ansin. Ach oiliúint a fháil, is féidir leat tacú le daoine fásta atá ag iarraidh a gcuid litearthachta a fheabhsú.

Tiomantas

  • Tugann teagascóirí dhá bhliain don tseirbhís.
  • Freastalaíonn siad ar thúsoiliúint (tuairim is 25 uair an chloig ar an iomlán) tugann faoi oiliúint inseirbhíse de réir mar is gá. Tugann teagascóirí idir uair agus dhá uair an chloig oibre ar an meán gach seachtain (tá idir am a chaitear leis an mac léinn agus am a thugtar d'ullmhú ranganna i gceist anseo).
  • Is amhlaidh freisin a fhreastalaíonn siad ar chruinnithe tacaíochta leis an Eagraí acu.
  • Ní mór do gach teagascóir ionchasach an cúrsa túsoiliúna a dhéanamh, cuma cén cúlra nó scileanna atá aige nó aici.
  • Tugann an oiliúint a chuirtear ar fáil léargas do theagascóirí ar na deacrachtaí a bhíonn ag daoine fásta a bhfuil deacrachtaí litearthachta acu. Is amhlaidh, leis, a chuirtear oiliúint ar theagascóirí maidir le modheolaíochtaí a úsáidtear chun cabhrú le daoine fásta a gcuid scileanna litearthachta a fheabhsú.
  • Tá cineálacha éagsúla leabhar, ábhar agus bogearraí ar fáil do theagascóirí agus do mhic léinn araon.

Cuirtear oiliúint inseirbhíse ar fáil chomh maith, de réir mar a dhéanann teagascóirí dul chun cinn ina gcuid oibre. Ar na hábhair a phléitear mar chuid den oiliúint inseirbhíse, áirítear:

  • Ã?bhair a dhéanamh.
  • Ríomhairí a úsáid mar chuid den obair litearthachta.
  • Uimhearthacht.
  • Obair grúpa.
  • Bealaí creidiúnaithe do mhic léinn.

I ndiaidh na túsoiliúna

Tar éis an chláir túsoiliúna, tosóidh an tEagraí ag cur teagascóirí agus mic léinn le chéile, de réir mar a oireann. Mura bhfuil aon mhic léinn ar fáil láithreach bonn, féadfar iarraidh ar theagascóirí dul i mbun obair dheonach i réimsí eile de chuid na seirbhísí, e.g., poiblíocht, forbairt ábhar, tacaíocht riaracháin (fótachóipeáil, ábhair mhúinteoireachta a eagrú, etc.).

Bealaí dul chun cinn do theagascóirí deonacha

Is í Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge (W.I.T.) a chuireann oiliúint chreidiúnaithe ar fáil do theagascóirí litearthachta

Tabhair cuairt ar an láithreán gréasáin:

Fiafraigh tuilleadh eolais den Eagraí seo agat.

 

barr an leathanaigh