Scéimeanna Litearthachta d'Aosaigh

  Scéimeanna Litearthachta d'Aosaigh ar fud na Gaillimhe
 

"Is é an múineadh an leibhéal is airde tuisceana." - Aristotle; Fealsúnaí Gréagach in Anallód 384BC - 322 RCh

 

Céard é teagascóir deonach?

Tacaíonn teagascóir litearthachta d'aosaigh le daoine fásta a gcuid scileanna léitheoireachta, scríbhneoireachta, litrithe agus uimhearthachta a fhorbairt le go mbeidh siad in ann spriocanna pearsanta agus/nó spriocanna oibre a bhaint amach.

Ní sé riachtanach a bheith i do mhúinteoir le bheith i do theagascóir (cé go mbíonn múinteoirí ann), agus níl sé riachtanach céim a bheith agat. Níl aon taithí sa réimse seo riachtanach mar cuireann an tseirbhís litearthachta oiliúint iomlán ar fáil.

Má tá tú in ann léamh, scríobh agus litriú (ag leibhéal maith), má tá scileanna maithe cumarsáide agat agus má tá muinín agat as do chumas tuiscint agus bá a bheith agat le haosaigh a bhfuil deacrachtaí litearthachta acu, féadfaidh tú cabhair a thabhairt. Le cúnamh ó oiliúint, féadfaidh tú cabhrú le haosaigh ar mhaith leo a gcuid litearthachta a fheabhsú.

 

 

 

 

 

 

 

barr an leathanaigh