|
|
|
| |
Tá tú anseo: Baile > Ár Seirbhísí > Seirbhísí Tacaíochta d'Fhoghlaimeoirí > Oibrí Teagmhála Pobail |
| |
Seirbhísí Tacaíochta d'Fhoghlaimeoirí - Oibrí Teagmhála Pobail |
| |
 |
| |
Sonraí teagmhála |
| |
|
Teagmháil:
Seoladh: |
Emmet Major
Oibrí Teagmhála Pobail
Oifigí Ógtheagmháil, Coiste Gairmoideachais na Gaillimhe Tuaim, Co. na Gaillimhe |
Guthán:
Facs:
Facs:
Ríomhphost:
|
093-26548
087-6629953
093-26548
communityliaison@eircom.net
| |
| |
|
| |
Is foras comhordaithe é Meitheal Drugaí an Iarthair (WRDTF) a bunaíodh i mBealtaine 2003. Is aidhm don tascfhórsa sin taighde a dhéanamh d'fhonn freagra a fhorbairt agus a fheidhmiú ar mhí-úsáid substaintí a bheadh comhordaithe agus feiliúnach don réigiún agus cur chuige comhpháirtíochta á úsáid.
Clúdaíonn an WRDTF contaetha na Gaillimhe, Mhaigh Eo agus Ros Comáin agus bunaíodh é mar cheann de phríomh-mholtaí na Straitéise Náisiúnta Drugaí 2001-2008. Is é an aidhm iomlán atá againn an dochar a dhéanann mí-úsáid drugaí do dhaoine aonair agus don tsochaí a laghdú go suntasach trí aghaidh chomhbheartaithe a thabhairt ar chosc, ar chóireáil, ar thaighde agus ar an soláthar a laghdú.
Ról:
Comhordú a dhéanamh ar fhorbairt tionscadal a bhíonn deartha go sonrach le haghaidh a thabhairt ar mhí-úsáid drugaí nó alcóil nó iad a chosc de réir threoirlínte na Straitéise Náisiúnta Drugaí 2001 - 2008.
Seirbhísí:
- Cúnamh a thabhairt do scoileanna agus do ghrúpaí pobail a gcuid riachtanas a chur in ord tosaíochta agus teacht ar na cláir fhrithdhrugaí is fearr a d'fheilfeadh dá gcuid riachtanas.
- 'Roghanna Dearfacha' ar úsáid drugaí a chomhordú agus tacaíocht a thabhairt dóibhsean ar mian leo a leithéid de roghanna a chur ar fáil.
- Stíleanna Maireachtála Sláintiúla a chur chun cinn
- Teagmháil a dhéanamh le gníomhaireachtaí Reachtúla agus Deonacha d'fhonn feasacht a mhéadú faoi cheisteanna maidir le mí-úsáid substaintí agus an tionchar a bhíonn aici go háitiúil.
- Comhthionscnaimh a fhorbairt le gníomhaireachtaí Reachtúla & Deonacha ar mhaithe le tabhairt faoi fhadhbanna áitiúla drugaí.
- Taighde a dhéanamh ar mhéid na mí-úsáide drugaí agus ar fhreagraí cuí a fhorbairt.
- Tacaíocht a chomhordú do dhaoine a lorgaíonn oideachas maidir le mí-úsáid substaintí agus eolas maidir leis na cláir chóireála a bhíonn ar fáil.
Amanna:
Luan - Aoine Eagraítear amanna a fheileann do na cliaint.
barr an leathanaigh | |