|
|
|
| |
Tá tú anseo: Baile > Ár Seirbhísí > Seirbhísí Tacaíochta d'Fhoghlaimeoirí > Seirbhís Oideachas Pobail |
| |
Seirbhísí Tacaíochta d'Fhoghlaimeoirí - Seirbhís Oideachas Pobail |
| |
 |
| |
Sonraí teagmhála |
| |
|
Teagmháil:
Seoladh: |
Éascaitheoir Oideachas Pobail
Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe An Coiléar Bán Baile Átha an Rí Co. na Gaillimhe |
Guthán:
Facs:
Foireann:
|
091-874260
091-874270
Olivia Monaghan (Oideachas d'Aosaigh/Rúnaí C.E.F.) | |
| |
|
| |
Léargas ar an tSeirbhís / Cláir agus Teastais a Thairgtear
Tugann an tSeirbhís Oideachas Pobail tacaíocht le hOideachas Pobail a fhorbairt ar fud an chontae. Is cuid í de Sheirbhís Oideachais ar feadh an tsaoil d'Aosaigh Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe agus cuireann sí cúnamh airgid ar fáil mar thacaíocht do ghrúpaí pobail agus deonacha ar mian leo cláir oideachais a reáchtáil ina gceantar féin.
Spriocghrúpa:
Grúpaí Pobail agus Deonacha
Acmhainní & Saineolas atá ar Fáil:
Tá comhairle agus cúnamh ar fáil d'eagraíochtaí deonacha agus pobail chun forbairt agus cothú grúpaí foghlama pobalbhunaithe nua a chur chun cinn.
Cuireann an tSeirbhís Oideachas Pobail iad seo a leanas ar fáil:
- Tacaíocht do ghrúpaí oideachas pobail nua agus do chinn atá ann cheana i bhfoirm ionchuir theicniúla, riaracháin agus oideachasúla.
- Comhpháirtíochtaí agus naisc a fhorbairt agus a spreagadh le soláthróirí reachtúla agus eile.
- Ról na hearnála a chur chun cinn maidir le tacaíocht a thabhairt d'fhor-rochtain agus d'atreorú chuig an earnáil reachtúil.
- Teagmháil a choinneáil maidir le ceisteanna a bhaineann le dearbhú cáilíochta, creidiúnú agus teisteasú.
Is féidir cúnamh a fháil chun Filleadh ar an Oideachas a fheidhmiú ar fud an chontae tríd an tseirbhís seo.
Amanna:
Cuirtear amanna na gclár in oiriúint do riachtanais na ngrúpaí Pobail agus Deonacha.
Deontais Oideachas Pobail
Cliceáil anseo chun Foirm Iarratais a íoslódáil
barr an leathanaigh | |