Déanann Forbairt Tuaithe na Gaillimhe i gcomhpháirtíocht le Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe urraíocht ar an bpost seo.
Léargas ar an tSeirbhís / Cláir agus Teastais a Thairgtear
Clúdaíonn Oifigeach Rianaithe Dheisceart agus Iarthar na Gaillimhe na bailte agus na habhantracha seo:
- Cinn Mhara
- An Gort
- An Ghráig
- Port Omna
- An Choill Mhóir
- Leitir Fraic
- An Caiseal
Déanann an tseirbhís iarracht ógfhágálaithe scoile, atá lasmuigh den chóras oideachais nó dífhostaithe faoi láthair, a aithint agus a rianú. Tá an tseirbhís ar fáil do dhaoine idir 16 agus 21 bliain. Nuair a aithnítear duine óg atreoraítear é/í chuig na deiseanna cuí oiliúna nó oideachais, nó chuig fostaíocht má mheastar sin a bheith feiliúnach. Ról tacaíochta a bhíonn ag an oibrí Aighneachta ag an staid sin agus í/é ina m(h)eantóir ag an duine óg, agus treoir, comhairle agus tacaíocht á dtairiscint aige/aici dó/di.
Is cúnamh don Oifigeach Rianaithe sa phróiseas aitheanta sin a bheith ag obair go dlúth le Príomhoidí Iar-bhunscoileanna, Oibrithe Sóisialta, Oibrithe Óige, Oibrithe Tacaíochta Teaghlaigh, Oifigigh Leasa Oideachais, Teagmháil Baile is Scoile, Ionaid Oiliúna Lucht Siúil, Ogtheagmháil, V.T.O.S, FÁS agus gníomhaireachtaí eile a bhíonn ag obair le daoine óga.
Cothaíonn an tseirbhís naisc le soláthróirí oideachais, oiliúnóirí agus fostóirí d'fhonn cláir fheiliúnacha a fháil do dhaoine óga. Chomh maith leis sin, oibríonn an tOifigeach Rianaithe i gcomhar leis an tSeirbhís Treorach d'Aosaigh.
Bíonn baint ag an Oifigeach Rianaithe chomh maith le tionscnaimh oideachais nua a bhunú sa chás nach mbíonn freastal á dhéanamh ar riachtanas oideachais faoi láthair. Maoiníonn an Tionscnamh Filleadh ar an Oideachas formhór na dtionscnamh sin - ach bíonn maoiniú comhlántach á lorg ag an tseirbhís ar ghníomhaireachtaí eile.
Spriocghrúpa:
Tá an tseirbhís ar fáil do dhaoine idir 16 agus 21 bliain.
Amanna:
Luan - Aoine
Eagraítear amanna a fheileann do na cliaint.
barr an leathanaigh |