Seirbhís Rianaithe Gaillimh Thoir & Thuaidh

  Seirbh�s� Taca�ochta d'Fhoghlaimeoir� i gContae na Gaillimhe
 

Sonraí teagmhála

 

Teagmháil:

 

Seoladh:

 

Mr. Michael Moylan

Oifigeach Rianaithe

Coiste Gairmoideachais Chontae na
Gaillimhe
Oifigí Ógtheagmháil
Airglooney
Tuaim
Co. na Gaillimhe

Guthán:

093 - 52657

   
 

Déanann Forbairt Tuaithe na Gaillimhe i gcomhpháirtíocht le Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe urraíocht ar an bpost seo.

 

Léargas ar an tSeirbhís / Cláir agus Teastais a Thairgtear

Clúdaíonn Oifigeach Rianaithe Thuaisceart agus Oirthear na Gaillimhe na bailte seo:

  • Tuaim
  • Béal Ã?tha na Sluaighe
  • Dún Mór
  • Gleann na Madadh
  • Béal Ã?tha Ghártha

Déanann an tseirbhís iarracht ógfhágálaithe scoile, atá lasmuigh den chóras oideachais nó dífhostaithe faoi láthair, a aithint agus a rianú. Tá an tseirbhís ar fáil do dhaoine idir 16 agus 21 bliain. Nuair a aithnítear duine óg atreoraítear é/í chuig na deiseanna cuí oiliúna nó oideachais, nó chuig fostaíocht má mheastar sin a bheith feiliúnach. Ról tacaíochta a bhíonn ag an oibrí Aighneachta ag an staid sin agus í/é ina m(h)eantóir ag an duine óg, agus treoir, comhairle agus tacaíocht á dtairiscint aige/aici dó/di.

Is cúnamh don Oifigeach Rianaithe sa phróiseas aitheanta sin a bheith ag obair go dlúth le Príomhoidí Iar-bhunscoileanna, Oibrithe Sóisialta, Oibrithe Óige, Oibrithe Tacaíochta Teaghlaigh, Oifigigh Leasa Oideachais, Teagmháil Baile is Scoile, Ionaid Oiliúna Lucht Siúil, Ógtheagmháil, V.T.O.S., F�S agus gníomhaireachtaí eile a bhíonn ag obair le daoine óga.
Cothaíonn an tseirbhís naisc le soláthróirí oideachais, oiliúnóirí agus fostóirí d'fhonn cláir fheiliúnacha a fháil do dhaoine óga. Chomh maith leis sin, oibríonn an tOifigeach Rianaithe i gcomhar leis an tSeirbhís Treorach d'Aosaigh.

Bíonn baint ag an Oifigeach Rianaithe chomh maith le tionscnaimh oideachais nua a bhunú sa chás nach mbíonn freastal á dhéanamh ar riachtanas oideachais faoi láthair. Maoiníonn an Tionscnamh Filleadh ar an Oideachas formhór na dtionscnamh sin - ach bíonn maoiniú comhlántach á lorg ag an tseirbhís ar ghníomhaireachtaí eile.

 

Spriocghrúpa:

Daoine óga idir 16-21 a bhfuil an córas oideachais tréigthe acu.

 

Amanna:

Luan – Aoine
Eagraítear amanna a fheileann do na cliaint.

 

 

barr an leathanaigh