| |
Léargas ar an tSeirbhís / Cláir agus Teastas Á dTairiscint:
Is éard is aidhm le Clár Filleadh Ar Oideachas, ar comhthionscadal é idir FÁS agus Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe, deis a thabhairt d'Oibrithe Fostaíochta Pobail freastal ar chúrsa bunscileanna ionad oibre. Cuirfear an cúrsa in oiriúint le freastal ar riachtanais na rannpháirtithe, cur lena gcuid féinmhuiníne agus timpeallacht foghlama a chur ar fáil dóibh, áit a roghnaíonn foghlaimeoirí cad ba mhian leo a fhoghlaim, ar a socairshuaimhneas.
Creatlach Ábhair an Chúrsa
Béarla Léitheoireacht ar mhaithe le spraoi, eolas agus treoracha. Scríobh - Scileanna scríofa a fhorbairt agus a fheabhsú. Litriú – Rialacha litrithe agus Meabhróirí Uimhearthacht – Amchláir, cén chaoi Áireamhán a úsáid agus Buiséadú.
Cumarsáid: Litreacha a scríobh, idir litreacha foirmiúla agus neamhfhoirmiúla, nótaí a bhreacadh, teachtaireachtaí gutháin a thaifeadadh, Foirmeacha a chomhlánú, Léarscáileanna a léamh, scileanna Cumarsáide béil
Ríomhairí: Bunscileanna ríomhaireachta, tuiscint a fháil ar an teicneolaíocht faisnéise Scileanna méarchláir, Bunphróiseáil focal, Scarbhileoga, Idirlíon agus Ríomhphost
Forbairt Phearsanta: Féinfheasacht, Cinnteoireacht, Ceannas Scileanna réitigh aighnis
Teisteasú: Beidh deis ag gach rannpháirtí teisteasú a fháil más é sin is toil leis. Ní gá é sin a dhéanamh, áfach.
Rollú agus clárú:
- Comhrá neamhfhoirmeálta le hEagraí an Chúrsa, duine ar dhuine, le riachtanais aonair foghlama a phlé.
- Áiteanna agus amanna a shocrú.
Teisteasú
- Is féidir teisteasú a fháil.
Spriocghrúpa:
Oibrithe Fostaíochta Pobail
Amanna atá ar fáil:
Socraítear cúrsaí de réir mar a oireann do rannpháirtithe.
barr an leathanaigh |